Ní féidir linn an tsúil a dhúnadh ar na hathruithe atá le teacht agus airgeadra nua idirnáisiúnta le bunú

Tá sé á fhógairt go poiblí nach dteastaíonn ó thíortha BRICS a bheith ag brath ar an dollar don trádáil dhomhanda, agus gan a bheith ag brath ar chúltaca airgid a chur i dtaiscí dollair

Ní féidir linn an tsúil a dhúnadh ar na hathruithe atá le teacht agus airgeadra nua idirnáisiúnta le bunú

Tá an dúshlán roimh an dollar ag éirí níos géire, de réir mar a chothaíonn na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, na Síne, na hIaráine, na Veiniséala is tíortha eile amhras faoi úsáid an dollair i gcúrsaí trádála idirnáisiúnta.

An mhí seo chugainn ag cruinniú mullaigh na dtíortha BRICS tá céim thábhachtach le tógáil le hairgeadra nua idirnáisiúnta a bhunú go foirmeálta.

Tá 40% de dhaonra an domhain i mbuntíortha an BRICS – an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas – mar aon le 23% de tháirgeadh an domhain. Ach anois tá níos mó ná fiche tír ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach san eagraíocht, ina measc an Tuirc, an Iaráin, an Araib Shádach, an Éigipt agus tíortha nach iad.

Tá sé á fhógairt go poiblí go dteastaíonn ó na tíortha sin nach mbeidís ag brath ar an dollar don trádáil dhomhanda, agus go háirithe nach mbeidís ag brath ar chúltaca airgid a chur i dtaiscí dollair.

Tuigtear gur féidir le Meiriceá an greim sin ar airgead an domhain a úsáid ar mhaithe le polaitíocht tíortha a choinneáil faoi smacht Mheiriceá.

Ag an am céanna is léir nach dteastaíonn ó na BRICS go gcuirfí airgeadra faoi smacht na Síne seachas an t-airgeadra a bheith faoi smacht Mheiriceá.

Ach anois, cé gur ag an tSín a bheidh an lámh is láidre maidir leis an airgeadra nua agus an Yuan mar árachas an airgeadra, tá aontú ann le banc comhoibrithe a bhunú idir baill BRICS.

Deir an eagraíocht go mbeidh an banc bunaithe ar chúlchiste óir, ach go mbeidh sé ceangailte le fiontair eile amhail an fiontar Crios is Bóthar de chuid na Síne, Eagraíocht Comhoibrithe Shang-hai [SCO] is eile.

Ar na fadhbanna ba mhó a bhí ann roimh bhunú an chórais nua ná na difríochtaí – is go deimhin an choimhlint – idir an tSín agus an India. Bhí SAM ag iarraidh na difríochtaí sin a úsáid le bearna a choinneáil idir an dá thír sin, ach cé go bhfuil ábhar coimhlinte ann i gcónaí is cosúil go bhfuil siad ar aon intinn anois faoin riachtanas go mbeadh airgeadra domhanda ann mar rogha ar an dollar.

Dúshlán mór don dollar is ea an casadh seo, agus impleachtaí aige d’eacnamaíocht na Stát Aontaithe is an Iarthair toisc go mbíonn SAM ag baint leas as an airgead idirnáisiúnta a chuirtear i dtaisce dollair le híoc as costais SAM thar lear, go háirithe sna cogaí leanúnacha a bhíonn ar siúl aige.

Gan an taisce sin beidh fadhb mhór ag SAM a gcuid fiacha a chlúdach.

Cinnte, tá an dollar fós níos láidre ná an t-airgeadra BRICS ach níl an t-airgeadra nua ach tosaithe. Cheana féin tá úsáid an dollair titithe ó os cionn 90% de thrádáil an domhain deich mbliana ó shin go dtí 73% anois.

Tá a lán stát i ndiaidh socruithe a dhéanamh eatarthu féin le hairgeadra náisiúnta a úsáid lena gcuid fiacha ar a chéile a chlúdach, ach de réir mar a rachaidh an t-airgeadra nua ar aghaidh tá gach cosúlacht ann go rachaidh an dollar síos go hidirnáisiúnta.

Cheana féin tá comharthaí ann de na deacrachtaí atá ag teacht. Is léir go bhfuil ag teip ar fheachtas na smachtbhannaí – tá bunú an airgeadra nua mar thoradh air sin is mar chomhartha den teip.

Sa nGearmáin, mar shampla, tuairiscítear go bhfuil 38% de mhic léinn na tíre i mbaol an bhochtanais de réir mar a lagaíonn an eacnamaíocht faoi ardchostas breosla, agus easpa infheistíochta i nuálaíocht i gcoitinne.

Ar an taobh eile, má théann an socrú leis na airgeadra nua ar aghaidh mar atá ar intinn ag ceannairí an BRICS, beidh ról níos láidre in eacnamaíocht an domhain ag an Deisceart Domhanda, agus ról an-láidir ag an Rúis, an tSín agus an India.

Níl aon chomhartha ann, ámh, go dtuigeann polaiteoirí na hÉireann go bhfuil athrú ar na bacáin is go bhfuil dúshlán i ndán don chaoi go mbíonn an tír seo ceangailte le trádáil an Iarthair.

Ach ní féidir linn an tsúil a dhúnadh ar an athrú is na féidearthachtaí a bhaineann leis nó is muid féin is túisce a bháfar sa tuile.

Íocfaidh muid go géar as ár ndílseacht don Iarthar.

Fág freagra ar 'Ní féidir linn an tsúil a dhúnadh ar na hathruithe atá le teacht agus airgeadra nua idirnáisiúnta le bunú'