Ní féidir cluas bhodhar a thabhairt don ghéarchéim aeráide a thuilleadh

Tá sé tábhachtach go sábhálfaí an scéal seo ó phortach an aineolais is an amaidí atá go forleathan ann

Ní féidir cluas bhodhar a thabhairt don ghéarchéim aeráide a thuilleadh

Agus an teocht ag dul in airde go tubaisteach ar fud dheisceart na hEorpa, nach ait go bhfuil méadú freisin ar líon na ngiolcacha a shéanann go bhfuil aon ghéarchéim aeráide ann, nó nach bhfuil baint ag an gcine daonna leis an scéal, nó gur comhcheilg de chuid an rialtais atá ann le daoine a smachtú.

Bíonn an dream amaideach seo ag freastal ar an amhras mór atá ar chuid mhaith den phobal faoi aon rud a deir an rialtas – agus ní mór a admháil go bhfuil cúis mhaith leis an amhras sin.

Ach ní féidir ar deireadh thiar argóint a dhéanamh i gcoinne na heolaíochta. Agus mar chuid de sin is cóir go gcuirfí ar an eolas muid fúthu siúd a deir go bhfuil léamh nó tuiscint eile ann ar an eolaíocht sin.

Cloistear a gcuid argóintí agus léirítear malairt argóintí. Ní shásóidh a leithéid chuile dhuine ach beidh seans dul i ngleic le bréagnuacht agus le hargóintí nach bhfuil aon bhunús leo nó bunús fíorlag.

Ní fheicim go n-éireodh le cosc iomlán ar thuairimí contráilte fiú dá bhféadfaí é sin a dhéanamh.

Tá sé tábhachtach, creidim, go sábhálfaí an scéal seo ó phortach an aineolais is an amaidí atá go forleathan ann.

Go deimhin tá sé le feiceáil go bhfuil an teocht ag leibhéal baolach i ndeisceart na hEorpa, agus gur féidir linn an ceangal idir stoirmeacha agus an ró-theocht a fheiceáil sna falscaithe atá ag déanamh scrios go forleathan.

Is cinnte nach aon mhaith dóibh siúd a bhfuil a gcuid tithe caillte acu, nó a tháinig slán ar éigean ón mbás, a rá leo gur fadhb bhréagach í. Tá a fhios acusan a mhalairt.

Ní hé RTÉ amháin an t-aon eagraíocht nach bhfuil iontaoibh an phobail aige. Tá daoine amhrasach faoi na meáin mhóra, meáin a bhíonn i gcónaí claonta is a roghnaíonn an nuacht atá le scaipeadh agus an nuacht atá le coinneáil faoi rún. Agus is ar bhonn leas na haicme rachmais a dhéantar an roghnú sin.

Sin é an fáth nach féidir linn luí síos is a rá go bhfuil an eolaíocht chomh láidir sin nach bhfuil aon ghá le tuilleadh plé. Tá gá leis toisc nach nglacann cuid mhaith daoine le hionracas an rialtais nó na n-eolaithe a labhraíonn thar a gceann.

Ar ndóigh bíonn roinnt mionlach ag iarraidh dreapadh ar dhroim ghéarchéim na haeráide lena dtuairimí féin faoi shéanadh feola, rothaíocht nó eile a bhrú orainn.

Sa gcomhthéacs sin is léir go dteastaíonn ón móramh go gcuirfí clár oibre le chéile a mhíneoidh an bealach ar aghaidh go ciallmhar.

Ní hin a dhéanann an Comhaontas Glas, nó leagan Éamon Ryan den pháirtí sin. Fógraíonn na Glasaigh aidhm fhiúntach, riachtanach b’fhéidir, ach ní bhíonn aon phlean acu le daoine a thabhairt leo.

Mar shampla, sna cathracha deir siad go gcabhródh sé go mór linn dá mbeadh painéil ghréine ar dhíonta na dtithe, ach ón tús tá na scéimeanna dírithe orthu siúd a bhfuil airgead acu. Má tá tú ar ioncam íseal níl fáil agat ar na scéimeanna seo.

Faoin tuath, bíonn na Glasaigh ag rá go gcaithfimid líon na dtréada a laghdú, ach ní mhíníonn siad cén chaoi a mbainfidh na feirmeoirí slí bheatha fhiúntach as an talmhaíocht nua.

Tá na hathruithe seo ag teastáil ach ní haon mhaith labhairt fúthu murar féidir linn clár

ciallmhar a chur le chéile a thabharfaidh ar aghaidh muid.

Mar gheall air seo uilig, ceapaim, cloiseann daoine an chaint bhreá ach ní éisteann siad léi.

Ach má bhreathnaíonn muid ar a bhfuil ar siúl san Eoraip faoi láthair, is a bhfuil á thuar ag an eolaíocht, ní féidir linn cluas bhodhar a thabhairt d’argóint na heolaíochta. Mura bhfuil ciall ag an gComhaontas Glas faoi cheannas Éamon Ryan tá fírinne fós sa mbun-argóint go gcaithfimid iarracht a dhéanamh le stop a chur leis an téamh domhanda nó ní bheidh muid – nó iadsan a thiocfaidh inár ndiaidh – in ann maireachtáil ar an domhan seo.

Sa gcomhthéacs sin freisin is bréag-argóint a rá gur tír bheag muid nach gcruthaíonn ach ruainne beag den fhadhb. Caithfidh gach éinne, gach tír, a gcuid a dhéanamh.

Anois an t-am le stop a chur leis an scanrú síoraí agus ár n-aird a dhíriú go fírinneach ar bhealaí a aimsiú le rud éigin a dhéanamh faoi.

Fág freagra ar 'Ní féidir cluas bhodhar a thabhairt don ghéarchéim aeráide a thuilleadh'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Tá cáil i gcéin agus i gcóngar ar dhindiúirí Eoin Uí Mhurchú i dtaca leis an mbréagnuacht: https://twitter.com/minomina518782/status/1662442803681456128

  • Ferdia

    An bladar céanna le Sinn Féin faoin athrú aeráide. Ag maíomh go bhfuil se dáirírie faoin athrú aeráide, ag lochtú gach iarracht atá á dhéanamh ag an gComhaontas Glas (nach bhfuil gan locht) dul i ngleic leis, ach gan phlean réalaíoch faoi conas neodracht astachtaí carbóin a bhaint amach.

  • Daithí Ó Eadhra

    Cinnte,is féidir cluas bhodhar a thabhairt don “athrú aeráide” a Eoin.

    Tá an teocht ag dul in airde, samhradh a thugtar ar sin

    Anois,ar do rothar leat go dtí an trá agus bíodh cón deas uachtar reoite agat, tá sé ag teastáil uait a Mhac,mar tá sé soiléir ón alt seo go bhfuil an iomarca “aer te” á léamh agat ó na meáin

  • Antóin

    D’fhéadfainn aontú le líne amháin san alt seo. ‘Anois an t-am le stop a chur leis an scanrú síoraí’

    Ach sampla eile den scanrú síoraí an t-alt seo. ‘Géarchéim’, ‘teocht tubaisteach’ agus na daoine nach bhfeacann an ghlúin, bhuel, dream amaideach iad a chaitheann an lá ar fad i bportach an aineolais is na hamaidí ag gróigeadh a gcuid tuairimí contráilte. Tuairimí contráilte mar dhea!

    Agus an focal ‘eolaíocht’ leis an alt, ‘an eolaíocht’, ‘i gcoinne na eolaíochta’, ‘argóint na heolaíochta’. Sin an cleas céanna á úsáideadh aimsir Covid chun iachall a chur ar dhaoine mascanna a chaitheamh agus vacsaíní a ghlacadh. An eolaíocht, amhail is nach bhfuil aon dul thar thuairimí roinnt eolaithe. Bhí eolaithe agus dochtúirí ann a labhair amach in éadan ansmacht an ama sin ach níor tugadh cluas dóibh ar na mórmheáin.

    Mar an gcéanna inniu, tá eolaithe ann a bhfuil tuairimí eile acu maidir le tionchar CO2 ar theocht agus ar aeráid ach ní chloisfidh tú iad in aon stiúideo teilifíse ag díospóireacht.

  • Colin Ryan

    Tá formhór mór na n-eolaithe cinnte de go bhfuil athrú aeráide ann agus gurb é an cine daonna is cúis leis. Anois tá an fhianaise ann agus leath an domhain trí thine. Pléimis an scéal, cinnte, ach seo deireadh an scéil.