Ní duine ‘ceart’ é Donald Trump le bheith ina uachtarán ar bhonn ‘moráltachta’ – Comey

Dúirt iarstiúrthóir an FBI James Comey nach gcloíonn Trump leis an ‘meas agus na luachanna is dual do Mheiriceá’

Ní duine ‘ceart’ é Donald Trump le bheith ina uachtarán ar bhonn ‘moráltachta’ – Comey

Ní duine “ceart” é Donald Trump le bheith ina uachtarán ar bhonn a chuid “moráltachta” de, dar le James Comey, iarstiúrthóir an FBI.

Agus é faoi agallamh ag  George Stephanopoulos ar ABC aréir, dúirt Comey nach gcloíonn Trump leis an “meas agus na luachanna” is dual do Mheiriceá.

“An fhírinne an ceann [luach] is tábhachtaí acu. Níl an tUachatrán seo in ann dó sinn. Ní duine ceart é le bheith ina uachtarán ar bhonn na moráltachta,” a dúirt Comey, a bhfuil leabhar nua amuigh aige faoina chaidreamh le Trump,  A Higher Loyalty: Truth, Lies and Leadership.

Thagair Comey chomh don chosaint a rinne Trump ar lucht an fhorchiníochais ghil agus chuir sé i leith an Uachtaráin go gcaitheann sé le mná amhail is nach bhfuil iontu ach “spóla feola”.

“Aon duine go bhfeictear dó go bhfuil aon amhras faoi cheisteanna moráltachta i gcás [eachtraí] Charlottesville, agus a labhraíonn ar mhná agus a chaitheann le mná amhail is nach bhfuil iontu ach spóla feola, aon duine a bhíonn síoraí ag insint bréag, faoi cheisteanna móra agus beaga, agus a leagann ar mhuintir Mheiriceá é a chreidiúint, níl an duine sin feiliúnach le bheith ina uachtarán ar bhonn moráltachta,” a dúirt Comey.

Dúirt iarstiúrthóir an FBI chomh maith gur “smál” é Trump ar aon duine a bhí ag obair dó.

Mar sin féin, dúirt Comey nár theastaigh uaidh go ndéanfaí Trump a tháinseamh mar gur amhlaidh go bhfágfadh sin muintir Mheiriceá “saor ó mhilleán”.

Dúirt Comey go bhféadfadh go ndearna Trump “bac ar cheartais” agus go raibh “roinnt fianaise” de sin ann. Ach b’ionann cur lena bhagairt bóthar a thabhairt do Robert Mueller, an té a bhfuil an tUachtarán á fhiosrú aige, agus  an “t-ionsaí is tromchúisí fós” ó Trump “ar an dlí”.

Ina leabhar, déanann Comey comparáid idir Trump agus don de chuid an mafia.

Maidir le cinneadh Comey féin torthaí an fhiosrúcháin maidir le r-phostanna Hilary Clinton a fhoilsiú díreach roimh an toghchán, cinneadh a luaitear go láidir le bua Trump, dúirt iarstiúrthóir an FBI “go ndéanfadh sé an rud céanna arís”.

Ghéill sé go mb’fhéidir go raibh tionchar ar a chinneadh ag an tuiscint a bhí ann go mbuafadh Clinton.

“An lá a dtosóinn ag smaoineamh cén toradh polaitiúil a bheadh ar chinneadh, táimid réidh. Ní bheadh ionainn ansin ach imreoir ar pháirc chath na dtreabh,” arsa Comey.

Fág freagra ar 'Ní duine ‘ceart’ é Donald Trump le bheith ina uachtarán ar bhonn ‘moráltachta’ – Comey'