Deir an tAire Oideachais nach bhfuil sé i gceist aici aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.
Tugadh an méid sin le fios do Tuairisc.ie tráth a bhfuil críoch curtha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) le hathbhreithniú ar an tSraith Shinsearach a bhfuil cás na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh ann.
Tá bailchríoch curtha ar an athbhreithniú faoin Ardteist a bhí ina ábhar mór imní ag grúpaí Gaeilge agus oideachais ar mór acu stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.
Tuairiscítear go moltar sa tuarascáil 68 leathanach a rinne an NCCA go bhféachfaí ar líon na n-ábhar a dhéanann daltaí Ardteiste a laghdú, moladh a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige do stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach.
Ach dúirt urlabhraí de chuid an Aire Oideachais Norma Foley nach raibh sé i gceist aici aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.
“Is croí-ábhair iad Béarla, Gaeilge agus Mata agus níl aon phlean ag an Aire chun stádas na Gaeilge sa churaclam a athrú, lena n-áirítear ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí,” a dúradh le Tuairisc.ie. “Tá an tAire tiomanta go huile agus go hiomlán don Ghaeilge.”
Mar chuid den athbhreithniú thug saineolaithe rabhadh láidir do na húdaráis oideachais faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le hathrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist.
Caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste in 2018. Dúradh go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach atá ar bun le ceithre bliana anuas.
Bhí ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh arís sa tuarascáil eatramhach a chuir an NCCA amach in 2019.
Dúradh sa tuarascáil sin go raibh “mixed views” faighte ag an NCCA faoinar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.
Mar thoradh ar an bplé a spreag an t-athbhreithniú faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, gheall an t-iar-aire oideachais Joe McHugh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.
Tá sé séanta anois ag an Roinn Oideachais go bhfuil sé i gceist ag an Aire Foley aon íosghrádú a dhéanamh ar an nGaeilge don tSraith Shinsearach.
“Shoiléirigh an tAire Foley go bhfuil sí féin agus an Rialtas meáite ar theagasc agus foghlaim na Gaeilge a threisiú ag gach leibhéal san earnáil scolaíochta, an tSraith Sinsearach san áireamh, agus is mór ag an Aire Foley staidéar ar an nGaeilge mar ghné thábhachtach i gcuraclam scoile leathan, cothrom do dhaltaí scoile na hÉireann.”
Tuigtear go bhfuil an t-athbhreithniú faoin Ardteist le cur faoi bhráid an Aire Foley sna míonna amach romhainn.
Dónall
Dá léighfeá an cúrsa nua Ardteiste Gaeilge, bheadh alt difriúil á scríobh agat…..
Maire ni Shuilleabhain
Malairt poirt an ea?