Ní dhéanfadh cáin ar bhreosla eitleáin aon dochar don eacnamaíocht

‘B’ionann cáin €0.33 ar lítear ceirisín agus 8 milliún carr a bhaint de bhóithre na hEorpa’, de réir tuarascáil sceite

Ní dhéanfadh cáin ar bhreosla eitleáin aon dochar don eacnamaíocht

Léiríonn tuarascáil ó Choimisiún na hEorpa go bhfuil dul amú ar an té a cheapfadh go ndéanfadh cáin ar cheirisín agus cánacha eile ar aerthaisteal dochar as cuimse don eacnamaíocht

Go bunúsach, ní dhéanfadh cáin ar bhreosla eitleáin aon dochar don eacnamaíocht – ach is mór an tairbhe a dhéanfadh a leithéid don timpeallacht. 

Moltar sa tuarascáil, a choimisiúnaigh Coimisiún na hEorpa agus a sceitheadh an tseachtain seo, cáin €0.33 a chur i bhfeidhm ar lítear ceirisín, luach a d’aontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh thiar sa bhliain 2003 ach nach bhfuil á chur i bhfeidhm ar eitiltí idirnáisiúnta (agus eitiltí idirnáisiúnta is ea iad formhór na n-eitiltí san AE.)

Dá gcuirfí an cháin sin i bhfeidhm, bheadh ardú 10 faoin gcéad ar luach chuile thicéad eitleáin san AE.

Dá bharr sin, thiocfadh laghdú 10 faoin gcéad ar líon na bpaisinéirí san Aontas Eorpach ar an meán, agus bheadh laghdú 10 faoin gcéad ar an meán freisin ar an aschur CO2 agus ar thruailliú de dheasca torainn.

I gcás na hÉireann bheadh laghdú 8 faoin gcéad ar líon na bpaisinéirí agus ar an aschur CO2, agus bheadh laghdú 7 faoin gcéad ar an truailliú ó thorann. 

Rachadh cáin ar cheirisín chun sochar an státchiste: bhaileofaí €300 milliún in aghaidh na bliana in Éirinn amháin, agus €26.9 billiún san AE ina iomláine. Dá ndéanfaí an t-airgead sin a infheistiú nó dá mbainfí úsáid as chun cánacha eile a laghdú, mar a mholtar sa tuarascáil, chúiteofaí an caillteanas postanna san earnáil eitlíochta agus ní bheadh drochthionchar ar bith ag an gcáin ar cheirisín.

Cén fáth a bhfuil cáin ar cheirisín chomh tábhachtach sin?

Tá aerthaisteal ar cheann de na príomhchúiseanna atá leis an ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn.

Dar leis an eagraíocht neamhrialtasach Transport & Environment, a sceith an tuarascáil a choimisiúnaigh Coimisiún na hEorpa ach nár fhoilsigh siad, bheadh an tionchar céanna ag cáin €0.33 ar lítear ceirisín agus 8 milliún carr a bhaint de bhóithre na hEorpa.

Saghas tearmann cánach d’aerlínte atá san Aontas Eorpach faoi láthair. Tá Éire ar cheann de na tíortha is measa go deimhin: tá sí ar cheann de cheithre bhallstát nach ngearrann cáin bhreisluacha ar thicéid eitiltí, gan trácht ar cháin ar bhreosla eitleáin ná cáin aerthaistil bhreise.

Gnáthchleachtas atá sa cháin ar cheirisín i gcodanna eile den domhan. Íoctar a leithéid sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil, sa  tSeapáin, san Araib Shádach agus i roinnt tíortha eile. Gearrtar cáin bhreisluacha ar thicéid eitleáin sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus lear mór tíortha eile. Lena chois sin, gearrtar cáin ar leith ar eitiltí idirnáisiúnta a imíonn ó na Stáit Aontaithe, ón Astráil, ón mBrasaíl agus ó Mheicsiceo.

Níl cáin aerthaistil á cur i bhfeidhm ar mhaithe leis an timpeallacht ach i seacht gcinn de thíortha san Aontas Eorpach faoi láthair, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an tSualainn ina measc. Cuirfear a leithéid i bhfeidhm san Ísiltír i gceann bliana go leith. 

Idir an dá linn, léiríonn staitisticí ón tSualainn, tír dhúchais an ghníomhaí timpeallachta óig Greta Thunberg, go bhfuil tionchar nach beag ag an bhfeiniméan náire aerthaistil ar an tionscal eitlíochta sa tír sin. Sa chéad ráithe den bhliain seo amháin, bhí titim 4.5 faoin gcéad ar líon na bpaisinéirí eitleáin. Ag an am céanna, bhí fás nach bhfacthas riamh roimhe seo ar líon na ndaoine a thóg an traein.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfadh cáin ar bhreosla eitleáin aon dochar don eacnamaíocht'