Ní chuirfear muintir na Portaingéile amach as a dtithe feasta

Tá géarchéim tithíochta sa Phortaingéil atá ar aon dul leis an ngéarchéim tithíochta in Éirinn, ach tabharfaidh reachtaíocht nua cosaint fhíorláidir do thionóntaí a bheadh i mbaol a ndíbeartha.

Ní chuirfear muintir na Portaingéile amach as a dtithe feasta

‘Turista terrorista!’ ‘Turasóir sceimhlitheoir!’

Sin é an mana a péinteáladh ar fhuinneoga cheann de na siopaí leabhar is cáiliúla i gcathair Liospóin, Aillaud & Lellos, nuair a dúnadh é anuraidh.

Fearacht go leor siopaí beaga eile i gcroílár phríomhchathair na Portaingéile, ba é an t-uaisliú atá á dhéanamh ar an gceantar sin le blianta beaga anuas – foirgnimh agus árasáin á gceannacht d’fhonn iad a iompú ina n-óstáin nó a ligean amach ar AirBnB – a chuir deireadh leis an ngnó.

Ní gnóthaí beaga amháin atá ag fulaingt de bharr na róthurasóireachta, áfach. Tá ardú chomh mór sin tar éis teacht ar na cíosanna i gcathair Liospóin – ardú 18 faoin gcéad le linn na bliana 2017 amháin – go bhfuil suas le sé theaghlach in aghaidh an lae á gcur amach as a gcuid tithe.

Ach Dé hAoine seo caite, ritheadh bille i bparlaimint na Portaingéile a thabharfaidh cosaint an-láidir do thionóntaí. Faoin reachtaíocht nua, beidh freagracht iomlán ar an stát tithíocht shásúil a chur ar fáil don phobal. Ní bheifear in ann éinne a dhíbirt as a theach mura mbeidh an stát in ann teach ar an gcaighdeán céanna agus sa cheantar céanna a chur ar fáil.

Lena chois sin, beidh cead feasta ag comharsanachtaí ina n-iomláine cur i gcoinne forbairtí tógála nua, mar a bhí cheana ag daoine aonair. 

Tá géarchéim tithíochta sa Phortaingéil atá ar aon dul leis an ngéarchéim tithíochta in Éirinn agus brú ní hamháin ar an ísealaicme ach ar an meánaicme agus ar dhaoine óga go háirithe. Ach oiread le hÉirinn, bhí ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta teacht i gcabhair ar an bPortaingéil in 2011. Tá feabhas tar éis teacht ar gheilleagar na tíre ó shin, a bhuíochas, go pointe, le scéim faoina gcuirtear víosaí cónaithe ar fáil d’infheisteoirí ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach a cheannódh réadmhaoin ar luach €500,000 nó os a chionn. Ach tá an scéim sin tar éis an margadh tithíochta a chur as a riocht. 

Róthurasóireacht an mhórfhadhb eile. Tugann os cionn 4.5 mhilliún cuairteoirí ón iasacht in aghaidh na bliana cuairt ar Liospóin, cathair nach bhfuil ach 500,000 duine ina gcónaí inti. Tá os cionn 20,000 árasán liostáilte ar AirBnB sa chathair.

Is cinnte go mbeidh margadh tithíochta na Portaingéile níos cothroime de bharr na reachtaíochta nua; cá bhfios nach bhfuil sé rómhall srian a choinneáil leis an uaisliú agus carachtar na gceantar cathrach ársa úd a mheallann oiread turasóirí a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Ní chuirfear muintir na Portaingéile amach as a dtithe feasta'

  • Simon Ó Faoláin

    Treise le muintir na Poirtingéile is lena bpolaiteoirí a thugann aire dá saoránaigh uile seachas lucht an airgid amháin!
    An dtarlóidh a leithéid in Éirinn?
    Nuair a labhraíonn an chuach sa gheimhreadh…