Nuair a dhúntar siopa leabhar is boichte an pobal dá bharr…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus na ceantair shiopadóireachta i mórchathracha na hEorpa ar fad ag éirí cosúil lena chéile, tá siopaí leabhar seanbhunaithe i mbaol

Nuair a dhúntar siopa leabhar is boichte an pobal dá bharr…

Díreach roimh an Nollaig, agus mé ar mo bhealach idir an Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus tuaisceart na hEorpa, sheas mé isteach i siopa leabhar Aillaud & Lellos i lár chathair Liospóin. Chonaic mé leabhar suimiúil ann faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, ach ós rud é nach raibh sé ag teastáil uaim ar an bpointe boise agus ós rud é go mbeinn i Liospóin arís ar mo bhealach ar ais, níor cheannaigh mé an leabhar an t-am sin.

Mí ina dhiaidh sin agus mé i Liospóin arís thug mé aghaidh ar Aillaud & Lellos chun an leabhar a cheannach. Ach bhí páipéar donn greamaithe i bhfuinneoga an tsiopa, ar an taobh istigh, agus bhí nóta lámhscríofa crochta ar an doras agus teachtaireacht lom, shimplí air: ‘dúnta’.

Bhí sé tar éis dul ó sholas, ach bhí soilse an tsiopa lasta agus níor chlúdaigh an páipéar donn na fuinneoga ar fad. Tríd na stráicí nár clúdaíodh, chonaic mé fostaithe an tsiopa – beirt bhan sna seascaidí, ba chosúil – agus iad i mbun oibre. Bhí na leabhair ar fad á mbaint de na seilfeanna acu agus iad á gcur i mboscaí.

Radharc a bhainfeadh uisce as cloch.

Sa bhliain 1931 a d’oscail Aillaud & Lellos a ndoirse den chéad uair. Cá bhfios nár cheannaigh Fernando Pessoa féin leabhar nó dhó ann; sa bhliain 1935 a bhásaigh mórlaoch litríocht na Portaingéile. Ba dhlúthchuid de shaol liteartha agus de chreatlach shóisialta na cathrach é Aillaud & Lellos ar feadh breis agus ceithre scór bliain ina dhiaidh sin agus go deimhin bhí an siopa seo aitheanta mar chuid den oidhreacht bheo ag comhairle cathrach Liospóin, ach ba bheag an cúnamh an méid sin, ba chosúil, nuair a d’ardaigh an tiarna talún an cíos.

I gcroílár Chiado, an ceantar siopadóireachta is faiseanta sa chathair, a bhí Aillaud & Lellos lonnaithe. Tá sé de bhua ag Liospóin ar mhórchuid chathracha eile san Eoraip go bhfuil neart siopaí beaga stairiúla i lár na cathrach go fóill: d’fheicfeá siopa crua-earraí, agus fear sna hochtóidí ag obair ann, agus H&M agus Zara taobh le taobh. 

Go deimhin, sin ceann de na fáthanna go dtugann oiread turasóirí aghaidh ar an gcathair, ach an áit a mbíonn turasóirí, bíonn ardú ar an gcíos agus cailltear féiniúlacht na cathrach. 

Lena chois sin, ar ndóigh, ba shiopa leabhar ar an seandéanamh a bhí in Aillaud & Lellos, a d’fhulaing go mór ó theacht chun cinn na siopaí idirlín agus na ríomhleabhar.

Nuair a dhúntar siopa leabhar seanbhunaithe i gcathair ar bith, cailltear cuid den stair bheo, ach níos tábhachtaí fós, cailltear cuid den phobal. 

Tá sé ráite agam roimhe seo agus déarfaidh mé arís é: más cás leat an litríocht, ceannaigh leabhair fhisiciúla, i siopaí fisiciúla. Beidh scríbhneoirí, foilsitheoirí agus fostaithe siopaí leabhar ar fad buíoch díot. Agus, go deimhin, an pobal ar fad: ní bheidh poll eile i dtírdhreach sóisialta na cathrach.

Nuair a d’fhill mé ar Aillaud & Lellos an mhaidin dár gcionn, féachaint an raibh an siopa dúnta dáiríre píre, bhí na soilse laistigh múchta, bhí baicle druncaeirí ina gcodladh ag an doras agus bhí graifítí bagrach fágtha ag duine éigin ar na fuinneoga thar oíche:

‘Turista terrorista!’

Ní dóigh liom gur ar thurasóirí amháin an locht gur dúnadh Aillaud & Lellos, ach is cinnte go raibh baint acu leis an scéal.

Fág freagra ar 'Nuair a dhúntar siopa leabhar is boichte an pobal dá bharr…'

  • Samuel

    Ardaíonn turasóirí costas na beatha agus íslíonn siad cáilíocht na beatha. Ní bhíonn beann ar bith acu, de ghnáth, ar chultúr na háite (féach ‘Star Wars’ i gCiarraí etc). Is chuige iad muintir na háite chun a bheith ag tindeáil orthu. Sórt sclábhaithe dea-mhúinte, mós ‘sibhialta’. Ach bíodh fios a ngnó acu agus bíodh a fhios acu freisin cé atá i gceannas. Meánn luach an airgid. Baintear siar astu má bhíonn tú in ann ag a dteanga féin. Lúcháir ag lasadh ina súile. Ná loirg aon leabhar ‘maith’ sna hollmhargaí ollmhóra, tiocfaidh tú ar cheann dara-láimhe ó mhangaire ar thaobh na cúlsráide a chaith duine éigin uaidh, má bhíonn seans leat. An ‘kindle’ ag daoine freisin. An leabhar fisiciúil é sin?

  • Gabriel Rosenstock

    Bheadh se nios sciobtha da n-ordofa duit fein ar line e, a duradh liomsa nios mo na uair amhain i siopa leabhar aitheanta i mBAC.