‘Ní bhfaighfí fear níos fearr’ – croitheadh bainte as pobal Chonamara ag bás Garda óig

Fuair Shane Cuffe, 39 bliain d’aois bás tobann agus é ar dualgas i gConamara

‘Ní bhfaighfí fear níos fearr’ –  croitheadh bainte as pobal Chonamara ag bás Garda óig

Chuaigh Shane Cuffe ar shearmanas Thuras na Croise i dTeach an Phobail i gCarna Dé hAoine seo caite, Aoine an Chéasta. “Bhí a fhios agam gur mhaith leis a dhul ann,” a deir an Garda Máirtín Ó Gríofa, “agus chuaigh an bheirt againn ann in éineacht”.

Bhí féith na spioradáltachta ag baint le Shane Cuffe. Duine diaganta a bhí ann; bhíodh sé ag an Aifreann chuile Dhomhnach agus chuile lá saoire Eaglasta.   “Chleacht sé an Chríostaíocht ina chuid oibre agus ina shaol freisin. Duine uasal a bhí ann, go smior agus ní áibhéil é sin,” a deir Máirtín Ó Gríofa.

Bhí an Garda Ó Gríofa agus Shane Cuffe i dteannta a chéile ar dualgas Dé hAoine. Ba in Iorras Aithneach ba mhó a bhí a gcuid dualgas. Bhí an Garda Cuffe ainmnithe ag an gCeannfort sa gClochán le lámh chúnta a thabhairt i gCarna ar bhonn rialta.   Bhíodh sé féin agus Máirtín Ó Gríofa, atá lonnaithe i gCarna, ag obair in éineacht go minic.

Sa gClochán a bhí dualgais ar Shane Cuffe ar an Satharn agus an Domhnach.

“Bhí muid ceaptha casadh ar a chéile aríst Dé Luain [Luan Cásca]. Ach, ní mar sin a tharla. Istigh sa marbhlann in Ospidéal na hOllscoile a chonaic mé Shane an tráthnóna sin. Ba bhrónach an chuairt í,” a deir Máirtín Ó Gríofa.

Bhí Shane Cuffe, 39 bliain d’aois, ar dhualgas oíche i Stáisiún an Chlocháin – an cheanncheathrú ceantair do thuaisceart agus d’iarthar Chonamara – san oíche Dé Domhnaigh seo caite. Ní raibh aon chosúlachtaí ann go raibh aon ghearán sláinte aige. Ach ag tuairim 6.30 ar maidin Dé Luain tháinig a chomhghleacaithe sa stáisiún air agus é tite. Thriail siad ar chuile bhealach é a shlánú agus cuireadh fios ar an dochtúir agus otharcharr. Ach chinn an saol orthu. Bhásaigh Shane Cuffe sa stáisiún. Ceaptar gur taom croí ba shiocair lena bhás.

Tá scrúdú iarbháis le cur ar a chorp in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimhe inniu, Dé Máirt. Idir an dá linn, tá na gnáthfhiosruithe dlí-eolaíochta ar bun san áit ar bhásaigh Shane sa Stáisiún. Sin í an ghnáthnósmhaireacht mar go gcaithfidh Coiste Cróinéara a bheith ann amach anseo. Níl aon amhras ann ach gur bás nádúrtha – agus tragóideach – a bhí ann.

Ba as an gCaisleán Riabhach i Ros Comáin é athair Shane, b’in é Vincent Cuffe. Bhí eolas go forleathan ar Vincent ar fud Chonamara. Bhí sé ag obair do Chóras Iompar Éireann sna blianta a caitheadh i gceantar na Ceathrún Rua agus sna hoileáin. Chaith sé tamall ag tiomáint bus Charna agus tamall eile blianta ag tiomáint bus an Chlocháin. Bhásaigh Vincent roinnt blianta ó shin agus gan é ach beagán le cois na dtrí scór

As Carna i gConamara i máthair Shane Cuffe – Áine Ní Chualáin, nó Áine Stiofán Choilm roimh phósadh di.

Chaith Shane agus a bhean Emer roinnt blianta ina gcónaí i Maínis i gCarna sular aistríodar go Maigh Cuilinn de bharr cúinsí oibre. As Machaire Fíolta i nDoire í a bhean Emer agus is fiaclóir í le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.  Tá beirt pháistí óga acu – Conor, atá dhá bhliain go leith agus Evan atá cúig mhí. Maireann triúr deartháireacha leis, Cathal, Colm agus Éanna.

Mac deirféar a bhí ann le Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána, Dónall Ó Cualáin.

Tá go leor daoine muinteartha ag Shane Cuffe i gCarna – muintir Chualáin go háirithe. “Thaithnigh Carna go mór leis. Go deimhin, sílim go raibh súil aige go lonnófaí i gCarna é amach anseo agus ní bhfaighfí fear níos fearr,” a deir a chomhghleacaí, an Garda Máirtín Ó Gríofa.

Beidh Shane Cuffe dá thórramh in Ionad Aiséirí Mhaigh Cuilinn ón 4 go dtí an 7 tráthnóna amárach, Dé Céadaoin.

Ó tharla go bhfuil obair dheisiúcháin á déanamh ar Shéipéal Mhaigh Cuilinn faoi láthair is san Ard-Eaglais i nGaillimh a léifear Aifreann na Sochraide ar maidin Déardaoin ag an 12 meán lae agus cuirfear an Garda Shane Cuffe i gcré na cille i Maigh Cuilinn ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar '‘Ní bhfaighfí fear níos fearr’ – croitheadh bainte as pobal Chonamara ag bás Garda óig'

  • An Teanga Bheo

    Mó bhrón chuig Emer a bhean is na páistí a ghaolta i gCarna is na Sé Condae agus a chairde i Moycullen agus ar fud Connemara . Beannacht Dé leis