Ní bheidh sé leath chomh héasca ag na Cúigí an deireadh seachtaine seo

Port eile ar fad atá againn an deireadh seachtaine seo agus babhtaí a trí de na comórtais Eorpacha chugainn

Ní bheidh sé leath chomh héasca ag na Cúigí an deireadh seachtaine seo

Tom Prydie (Scarlets) le David Shanahan agus Michael Lowry (Uladh) Pictiúr: ©INPHO/Alex Davidson

Seans maith nach mbeidh cúrsaí leath chomh héasca ag na Cúigí agus a bhí an deireadh seachtaine seo caite. Ceithre bhua i gceithre chluiche, is deacair é sin a shárú ach is fiú a mheabhrú gur sa gcomórtas sóisearach an Pro 14 a bhí na cluichí sin. Ní hamháin sin ach bhí Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag imirt i gcoinne foirne atá sách lag, na Dragons agus Dún Éideann.

Port eile ar fad atá againn an deireadh seachtaine seo sna tríú babhtaí de na comórtais Eorpacha á n-imirt.
Is é Cúige Uladh an chéad chúige a bheas ag dul chun páirce, ach is as baile thall sa mBreatain Bheag a bheas siadsan i gcoimhlint chrua i gcoinne na Scarlets anocht. Bhí an bua ag fir Bhéal Feirste i gcluiche amháin den dá cheann a d’imir siad go dtí seo sa gcomórtas seo agus tá na Scarlets ar thóir a gcéad bhua. Tá sé chomh simplí leis seo: má bhíonn an lá leis na hUltaigh beidh rás na Scarlets rite. Is fiú torthaí an deireadh seachtaine seo caite sa bPro 14 a mheabhrú freisin; bhí bua ag na hUltaigh ach chaill na Scarlets. Sea, tá brú damanta ar fhoireann na Breataine Bige.

In Bath Shasana a bheas Cúige Laighean amárach, Dé Sathairn, agus iad ar thóir a ndara bua i dtrí chluiche. Bhí an mí-ádh orthu agus iad as baile i gcoinne Toulouse i mBabhta 2 nuair a chaill siad le pointe amháin (28-27). Ach chaill Bath agus iadsan sa mbaile i gcoinne Toulouse i mBabhta 1 agus cothrom a bhí siad i gcoinne Wasps i mBabhta 2. Sea, tá an móiminteam le Cúige Laighean, go háirithe tar éis dóibh greadadh uafásach a thabhairt do na Dragons an deireadh seachtaine seo caite. Agus cuimhnigh gurbh é an tríú rogha foirne a chuir Leo Cullen chun páirce don chluiche sin. Sa deichiú háit ar thábla an Premiership atá Bath faoi láthair. Ní dóigh liomsa go bhfuil an cur chuige acu ná an mianach iontu geit a bhaint as curaidh an chomórtais seo.

Ar fhód naofa Thuamhan a bheas na Muimhnigh ag imirt Dé Domhnaigh i gcoinne Castres na Fraince. Cúige Mumhan atá ar bharr thábla Ghrúpa 2 den chomórtas seo.  Bhí an bua acu i gcluiche amháin agus iad cothrom sa cheann eile. Sa dara háit atá Castres, agus bua amháin a bhí acu as an dá chluiche.

Fágann sin buntáiste ar leith ag foireann an bhaile má éiríonn leo bua le pointe bónais a aimsiú agus pointe a cheilt ar na cuairteoirí. Déanfaidh siad a ngreim ar bharr an ghrúpa a fháisceadh roimh dhul chun na Fraince faoi cheann seachtaine.

Sa gcomórtas eile, Corn an  Dúshláin, amárach a bheas Cúige Connacht ag imirt ar an mBóthar Beag agus Perpignan rompu. Ar ndóigh leis an bhfoireann seo ón bhFrainc a bhíonn Paddy Jackson, iar-imreoir idirnáisiúnta na hÉireann agus Chúige Uladh, ag imirt. Ní dóigh liomsa go mbeidh Jackson ag dul chun páirce don chluiche seo; bheadh an iomarca baol agóide ag baint leis sin.

Maidir leis an gcluiche féin, tá Perpignan ar thóir a gcéad bhua. Chaill siad cluiche amháin agus bhí siad cothrom sa gceann eile agus is iad atá ar bhun an Top 14 faoi láthair. Ach an oiread le Cúige Mumhan tá chuile bhuntáiste le fir na Gaillimhe an Satharn seo agus deis iontach acu deireadh a chur le rás Perpignan agus iad féin a chur ar ais san iomaíocht.

Bua do na Connachtaigh.

Fág freagra ar 'Ní bheidh sé leath chomh héasca ag na Cúigí an deireadh seachtaine seo'