Ní bheidh an goile ag cách don scannán léanmhar brúidiúil seo…

Bhí an bhrúidiúlacht iomarcach agus bhí an insint easnamhach in áiteanna ach tríd is tríd déantar scéal truacánta a insint go cumasach in ‘The Nightingale’

Ní bheidh an goile ag cách don scannán léanmhar brúidiúil seo…

The Nightingale
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Jennifer Kent
Cliar: Aisling Franciosi, Baykali Ganambarr, Sam Claflin, Damon Herriman, Harry Greenwood, Michael Sheasby

Ní bheidh an goile ag cách don scannán léanmhar brúidiúil seo; saothar a thugann éachtaint suaite ar éigniú, dúnmharú agus ciníochas foréigneach an choilíneachais. Tá an scannán seo lonnaithe sa Tasmáin sa bhliain 1825 tráth a raibh cos ar bolg á imirt ar na bundúchasaigh go brúidiúil agus coirpigh Éireannacha (mórán acu cúisithe as coireanna neafaiseach) á seoladh ann le cur as an gcosán.

I dtosach an scannáin címid Clare (Franciosi), duine de na daoránaigh úd as Éirinn, ag prapáil le dreas amhrán a chasadh do shaighdiúirí Sasanacha. Cuma shoineanta, ainglí ar Chlare agus í ag canadh go binn. Na saighdiúirí meisciúla ag féachaint uirthi go drúisiúil. Tá an t-olc á thuar againn agus tagann an drochthuar faoin tairngreacht nuair a dhéanann Hawkins (Caflin) í a éigniú ina dhiaidh sin; seo an chéad eachtra éignithe as na cúig cinn a léireofar i gcaitheamh an scannáin. 

Tá Clare pósta le Aidan (Sheasby) agus cailín óg acu. Bíonn paistí deasa cainte idir Clare agus Aidan as Gaeilge agus chonac go raibh Maeliosa Stafford mar chomhairleoir Gaeilge ag lucht déanta an scannáin. Tá Clare faoi chúram Hawkins, áfach, agus cé go bhfuil a téarma curtha isteach aici ní thugann sé cead a cos di mar go bhfuil sé gafa léi ina shlí ait shíceapatach féin. Tagann rudaí go cnámh na huillinne nuair a chuireann Aidan a ladar sa scéal. I gceann de na radharcanna is suaite atá feicthe agam riamh déantar Aidan agus an cailín óg a dhúnmharú agus Clare a éigniú faoi dhó. Dá chumhachtaí is atá an radharc is dóigh liom go gcuaigh sé thar fóir.   

Is éard atá againn sa chuid eile den scannán ná aistear díoltais agus Clare ag dul sa tóir ar lucht a ciaptha. Earcaíonn sí an bundúchasach Billy (Ganambarr) mar threoraí agus í ag leanúint Hawkins is a bhuíon isteach i dtalamh fiáin lár an oileáin. Déantar iarracht scéal an Éireannaigh agus an bhundúchasaigh a chniotáil le chéile. Cos ar bolg á himirt ar an dá dhream. Ina dhiaidh sin féin ní leasc leis an té a bhuailtear cos air, cos a bhualadh ar an té atá faoi agus Clare ciníoch ina meon le Billy. Diaidh ar ndiaidh, áfach, éiríonn siad báúil, cairdiúil lena chéile. Comhbhá na n-íospartach. Tugann an bheirt acu taispeántais iontacha uathu agus bíonn an-bhá againn leis an mbeirt acu. Ar an lámh eile is síceapatach críochnaithe aontoiseach é Hawkins agus is cuma ann nó as na hamhais atá timpeall air.

Ní chuirtear fiacail sa léiriú á dhéantar ar shaol brúidiúil na tréimhse. Déantar léiriú grinn ar an drochíde, ar geall le glanadh eitneach é, a tugadh ar na bundúchasaigh. Ag amanna áirithe dhearúdfá gurb í Clare an ceann feadhna agus sinn gafa le scéal Billy agus a chine. Is deas mar a chuirtear cultúr na mbundúchasach, agus díothú an chultúir chéanna, os ár gcomhair. Is dóigh liom, áfach, go gcuaigh rudaí ar bóiléagar ábhairín i dtreo an deiridh agus an misneach ag teip ar Clare. 

Bhí an bhrúidiúlacht iomarcach agus bhí an insint easnamhach in áiteanna ach tríd is tríd déantar scéal truacánta a insint go cumasach.

 

Fág freagra ar 'Ní bheidh an goile ag cách don scannán léanmhar brúidiúil seo…'