Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh múinteoirí an Teastais Shóisearaigh ag santú an leabhair seo.. 

Is maith ann aistriúchán Gaeilge ar úrscéal do dhaoine óga faoi chás an teifigh aimsir champaí Calais 

Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh múinteoirí an Teastais Shóisearaigh ag santú an leabhair seo.. 

FAOI CHEILT
le Thierry Robberecht
Aistrithe ag Aifric Mac Aodha
An Gúm

Níl duine óg sa tír seo faoin tráth seo nach cuid dá fhoclóir an focal teifeach – bíodh sin muintir na hÚcráine, na Siria, Éimin nó mhór-roinn na hAfraice. Cuid dár saol an teitheadh agus an díshealbhú sin – ón ár, ón triomach, ón éagóir agus ón lámh láidir. 

Gan dabht cloiseann an dream óg gach taobh den scéal – an ciníochas, an fuath agus an leatrom chomh maith leis an gcroí mór agus an trócaire. 

Spéisiúil go leor, sé a deir Thierry Robberecht féin a threoraigh é agus an t-úrscéal do dhaoine óga seo á scríobh aige ‘an claonadh sin atá ionatsa, a léitheoir, chun fearg a ghlacadh leis an éagóir’. Nádúr an pháiste nár múineadh a mhalairt dó glacadh le gach duine mar a fhaigheann iad gan reámhbhreith a dhéanamh. Nach breá go mbeidh an deis sin ag léitheoirí óga anois tamall a chaitheamh le teaghlach as an tSiria atá ar a dteitheadh sa bhFrainc agus an doicheall agus an faitíos rompu ag an stát is ag cuid mhaith den phobal?

Ach tá an daonnacht ann freisin.

Tá an scéal seo lonnaithe sa bhFrainc in 2018 tráth arbh iad campaí Calais a mheall na ceannlínte. Ceithre bliana déag atá Elsa Vuillon nuair a chasann sí leis an Siriach óg mánla Bachir agus a mhuintir i bpuball lofa ar bheagán dídean ón mbáisteach ná ón bhfuacht. Amhail déagóirí an tsaoil is beag a thuigeann Elsa imní a tuismitheoirí ná rialacháin na fóirithinte ach tá sí lách agus gnaíúil. ‘Falsóirí is gadaithe’ iad ag a hathair ach amhail gach teaghlach ar an saol nach teifeach a bhí i nduine dá gcine tráth?

Déanann Elsa a dícheall dá cairde nua ach ar ndóigh ní thuigeann sí gur mór idir teifeach agus saoránach. An bhféadfaidh an teifeach brath ar chairdeas i stát nár chuir cuireadh chuige? Léigh leat…

An file Aifric Mac Aodha a rinne an leagan Gaeilge de La Cache agus fág faoi fhile é le suim an léitheora óig a choinneáil sa scéal lena máistreacht ar an bpeann. Tá an friotal an-fheiliúnach don aoisghrúpa agus an stíl fhéin an-nádúrtha – neart den chomhrá díreach ann a fheileann don scéal agus don insint. Dúshlán i gcónaí teanga agus tuiscint na ndéagóirí a aimsiú gan iad a mhaslú ná a naíondú. Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh múinteoirí an Teastais Shóisearaigh ag santú an leabhair seo mar théacs ranga le léitheoirí támáilte a mhealladh leis an scéal tráthúil daonna.

Is maith ann a leithéid i nGaeilge agus teifigh i bhformhór scoileanna na tíre.

Fág freagra ar 'Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh múinteoirí an Teastais Shóisearaigh ag santú an leabhair seo.. '