‘Rum, romanism, rebellion’ agus Donald Trump

Dhúnfadh bua do Donald Trump bearna 132 bliain i stair na hUachtaránachta sna Stáit hAontaithe

 ‘Rum, romanism, rebellion’ agus Donald Trump

Má éiríonn le Donald Trump sa toghchán Dé Máirt, beidh gaisce déanta aige nach ndearnadh cheana le 132 bliain. Má thugann sé leis an chraobh beidh sé ar an gcéad duine ó aimsir Grover Cleveland a bhuaigh téarma sa Teach Bán, a chaill é ar an dara hiarraidh, ach a tháinig ar ais aríst mar Uachtarán ina dhiaidh sin.

Toghadh Grover Cleveland (Daonlathach) mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtosach in 1884. Fuair Benjamin Harrison (Poblachtánach) an ceann is fearr air in 1888 ach ní dheachaigh Cleveland i bhfolach. D’éirigh leis ainmniúchán a fháil aríst do thoghchán 1892 agus tháinig sé ar ais chuig an Teach Bán ar feadh ceithre bliana eile.

Is mór i gceist an scoilt agus an nimh atá sa bpolaitíocht i Meiriceá anois ach bhí an sceanairt sách láidir freisin in aimsir Grover Cleveland.

In aghaidh fear darbh ainm James G. Blaine a bhí Cleveland sa gcéad toghchán Uachtaránachta a throid sé. Polaiteoir as Stát Maine ab ea Blaine a bhí ina ionadaí ag na Poblachtánaigh. Ba de mhianach na hÉireann é Blaine. Marie Gillespie (Cleveland) a bhí ar a mháthair, Caitliceach de bhunadh na hÉireann agus ba de bhunadh Éireannach/Albanach é a athair a bhain leis an eaglais Phreispitéireach agus ina Phreispitéireach a tógadh Cleveland.

Bhí sé de cháil ar Ghrover Cleveland go mb’fhear díreach macánta a bhí ann agus thug sé gráin don dream ina pháirtí féin – na Daonlathaigh – a bhí bainteach le gníomhaíocht Tammany Hall. Ba é an leagan amach a bhí acusan go dtugtaí na buntáistí uilig do do dhream féin sa bpolaitíocht sa gcás agus gur agatsa a bhí an chumhacht. Ba é an leagan amach a bhí ag Cleveland gur ar chumas agus ábaltacht a dhéanfaí ceapacháin ag chuile leibhéal.

Ní raibh cáil James G. Blaine chomh sciúrtha sin. Ach mura raibh, ní fear gan chumas a bhí ann agus ní raibh cur síos ná inseacht scéil ar an mbua a bhí aige mar chainteoir poiblí. Ní raibh gaire ar bith ag Cleveland air ó thaobh a chumais ceangal leis an bpobal agus le polaiteoirí eile. Ach, mheabhraigh Grover Cleveland don phobal go rabhadar ag plé le cneámhaire má bíodar ag tacú le Blaine. Fuair Blaine agus a lucht tacaíochta amach go raibh páiste ag Grover Cleveland taobh amuigh den chlaí.

Leagadar ar Grover agus mar chuid den ionsaí cumadh rann beag a scaipeadh go forleathan:

‘Ma…Ma…

Where’s my pa?

Gone to the White House,

Ha…Ha…Ha.’

Anois, a deir tú, nach bhfuil cúrsaí sibhialta go leor i bpolaitíocht na linne seo i Meiriceá!

Ach ní raibh an greann agus an mhisc thart. Ba ghearr go raibh Blaine i bponc. Ministéara Preisbitéireach ba ciontaigh leis. Bhí an tUrramach Samuel Burchard ag ócáid i Nua Eabhlach le linn an fheachtais agus chas sé le James G. Blaine. Comhrá cineál pearsanta a bhí ann. Labhair an Ministéara Preisbitéireach go ceanndána le Blaine. Arsa Burchard: “Muide, Poblachtánaigh, ní fhágfaidh muide stiúir an pháirtí seo i lámha daoine a d’eascair ó ‘Rum, Romanism and Rebellion’.”

Ní cosúil gur thuig Blaine ar an gcéad iarraidh céard a bhí i gceist (is léir go raibh frith-Éireannachas agus frith-Chaitliceachas sa ráiteas). Ní raibh an Ministéara Burchard ag iarraidh (agus a chairde sa bpáirtí) gur b’é Blaine a bhéadh i gceannas ar an Teach Bán agus ar na Poblachtánaigh. Is cosúil go raibh James G. Blaine ag ligean an eachtra thairis ach cé a bhéadh in aice láimhe acu tuairisceoir agus é ag tógáil nótaí. Ní raibh solas an lae breacaíthe lá arna mhárach no go raibh an scéal scaipthe.

Ach an oiread le Donald Trump ní go maith a chuaigh a chuid stocaireachta i Nua-Eabhrach do James G. Blaine. Ar nós Trump bhí air a dhul ag ceartú agus ag cur na bhfocla a dúradh ó dhoras.

Ach chonaic na Daonlathaigh a ndeis agus cuireadh an ‘Rum, Romanism and Rebellion’ ar chomharthaí poiblí ar fud na cathrach in iarracht leis na Gael Mheiriceánaigh a chur in aghaidh Blaine.

Bhuaigh Grover Cleveland an toghchán ach ní raibh ach oiread na fríde le spáráil aige ar James G. Blaine. Bhí 48.9% de vóta an phobail ag Grover Cleveland agus 48.3% ag James G. Blaine.

Choinnigh Grover Cleveland lena fhocal sa Teach Bán. Bhí sé macánta agus díreach ina bhealaí oibre. Ach bhí sé mar fhealsúnacht agus mar pholasaí aige gan cur isteach mórán ar Thíthe na Comhdhála – Teach na nIonadaithe agus an Seanad. Ceapadh san am nach plean mhaith a bhí ansin. Bhí eacnamaíocht na tíre lag go maith agus bhí díospóireacht mhór ann faoi smachtbhannaí láidre a chur i bhfeidhm ar iompórtálacha. Bhí Cleveland ar mhalairt poirt. Ach, sa deiridh fuair na Poblachtánaigh a ndeis air.

Ag teacht gar do thoghchán 1888 bualadh bob ar Lionel Sackville-West, ambasadóir na Breataine i Meiriceá. D’oibrigh na Poblachtánaigh plean agus cuireadh Sackville- West ag scríobh. Litir neamhurchóideach agus phríobháideach a bhí ceaptha a bheith intí. Dúirt Sackville-West gur bhfearr leis go mbeadh Grover Cleveland ar ais sa Teach Bán. Bhí an sop seidthe. Bhí na Gael Mheiriceánaigh spréachta. Bhuaigh iarrthóir na bPoblachtánach, Benjamin Harrison.

Ach bhí lá eile ag Cleveland. B’iad an bheirt chéanna na príomhiomaitheoirí in 1892. Bhí oiread na fríde de bhua ag Grover Cleveland an iarraidh seo. An t-aon nduine fós a chaill post an Uachtaráin ach a bhuaigh ar ais aríst é.

An mbeidh sé sin cruinn fós san oíche Dé Máirt?

Fág freagra ar ' ‘Rum, romanism, rebellion’ agus Donald Trump'