Ní Ben Healy amháin a bhí i gceist, ach beirt!

I bhfoisceacht cúpla uair an chloig dá chéile Dé Sathairn seo caite a rinne beirt Ben Healy gaisce ina spóirt féin

Ní Ben Healy amháin a bhí i gceist, ach beirt!

Ní nós le himreoirí rugbaí ná le rothaithe a gcuid ainmneacha a bheith greanta ar chúl a gcuid geansaithe mar a dhéantar ag an leibhéal is airde de spórtanna eile.

Dá mba ea bheadh tóir faoi láthair ar chinn a mbeadh Ben Healy scríofa orthu de bharr gaiscí a rinne siad an tseachtain seo caite – tóir faoi leith i ndeisceart na tíre.

I bhfoisceacht cúpla uair an chloig dá chéile Dé Sathairn seo caite a rinne siad na gaiscí agus sea, ní botún cló atá sa ‘siad’. Ní Ben Healy amháin a bhí i gceist, ach beirt!

Ardtráthnóna an lae sin bhí trí ceathrú na hiomaíochta déanta ag Ben Healy san 8ú staid den Giro d’Italia, suas le deichniúr rothaithe lena ais feadh an bhealaigh ó Terni, i lár na tíre sin. Sa 50km a bhí fanta bhí dreapadh le déanamh ar chúpla cnoc a bhí níos géire ná aon cheann a bhí curtha díobh acu go dtí sin.

“Anois nó ariamh,” a dúirt Ben leis féin agus d’imigh ina chaor thine ag bun an chinn ba ghéire acu.

Sna 50km a lean níor tháinig aon duine de na hiomaitheoirí eile i ngar ná i ngaobhar dó agus bhí tamaill ann nuair a bhí tús os cionn dhá nóiméad aige ar an té ba ghaire dó.

Laghdaigh agus mhéadaigh sin ar a sheal, ach nuair a bhí mullach Monte delle Cesane curtha de aige den uair dheireanach, bhain an bealach ar thug sé faoin bhfánán 7k isteach go Fossombrone an anáil den lucht féachana.

Mar a tharla nuair a rinne Dan Martin, Stephen Roche, Shay Elliott, Martin Earley agus Sam Bennett an beart roimhe, bhí staid den Giro buaite ag Éireannach. Sin rud nach bhfuil le rá ag Seán Kelly.

Agus Ben buíoch, beannachtach go raibh a dhóthain fulaingthe déanta aige in aon lá amháin, bhí córas taistil cuid mhaith níos compordaí ag fear eile den ainm céanna a bhí ionann is réidh le tús a chur lena lá oibre.

Ar shuíochán bus ag déanamh ar Staid an Aviva a bhí an Ben Healy eile, é féin agus a chomrádaithe ar fhoireann rugbaí na Mumhan ag déanamh ar uair na cinniúna.

Is le fíorghairid a d’fhéadfá an galar ‘thíos seal, thuas seal’ a luaigh le rugbaí an chúige sin agus ar an mbealach chuig an Aviva Dé Sathairn, tá mé cinnte go mba amach rompu a bhí súile Healy agus a chomhghleacaithe dírithe. Tá dóthain den séasúr seo feicthe acu gan a bheith ag stánadh ar ríméad lucht leanta na ngeansaithe gorma atá anois ina mbróga.

Is mór idir a bheith ag brath ar chomórtas nach bhfuil ach cúpla bliain d’aois le do náire a shábháil nuair a bhaineann na cuimhní ar an am seo bliana le turais chaithréimeacha go Twickenham, Toulouse, Caerdydd agus Páras.

Bhí cuma i bhfad níos fearr ar Ben Healy agus ar lucht leanta ana Mumhan faoin am a raibh sé suite ar an mbus céanna ar a bhealach abhaile. Dála Dhónaill sa 6ú céad bhí Healy agus a chomrádaithe tar éis a theacht slán as pluais na leon agus seans tugtha ag a mbua ar luach saothair de chineál éicint a bheith leo ag deireadh an tséasúir.

Leath na himeartha a chonaic Healy nó gur gortaíodh é, ach ba é a d’aimsigh an dá scór ba thúisce a fuair a fhoireann agus a chuir ar an mbóthar ceart iad.

Seans gur thug sé beagán faoisimh dó freisin as a bhfuil de cháineadh déanta air ó thús na bliana. Ní mó ná sásta a bhíothas nuair a d’fhógair sé go raibh faoi imirt le Dún Éideann an séasúr seo chugainn, ní áirím nuair a thug sé le fios ina dhiaidh sin go raibh sé sásta imirt d’Albain – a chead sin aige mar go mba ann a tógadh a mháthair.

Is deacair sin a thógáil air – is do Joey Carbury agus do Jack Crowley a thugann Cúige Mumhan tús áite faoi láthair agus bheadh Johnny Sexton, Ross Byrne agus fiú Jack Carty roimhe sa gcoimhlint ar an ngeansaí glas a bhfuil Uimhir 10 air.

D’fhágfadh an chaint ar fad faoi sin go mbeadh roinnt mhaith eolais faoi Ben an rugbaí sa tír seo, ach ba bheag eolas a bhí agamsa ar chuma ar bith faoina chomh-ainm. Nuair a thosaigh mé ag cur tuairisce thuig mé nár cheart go mbeinn chomh haineolach.

Ní raibh an Ben seo ach scór bliain d’aois nuair a bhuaigh sé an rás in aghaidh an chloig i gCraobhacha Rothaíochta na hÉireann in 2020. Dá bharr thairg an fhoireann Shasanach Trinity Racing conradh dó. Thug foireann atá lonnaithe i Boulder Colorado darbh ainm EF Education-Easy Port conradh dhó anuraidh, ach is ó thús shéasúr rothaíochta na bliana seo atá an tine dhearg ar a chraiceann.

I mí Eanáir fuair sé an 3ú háit i sraith rásaí ceithre lá i Mallorca agus ina leithéid i San Marino an mhí dár gcionn. Sa Márta thug sé an bua leis den chéad uair sa GP Industria & Artigianato di Larciano i dtuaisceart na hIodáile – rása inar theip ar 64% de na hiomaitheoirí an cúrsa a chríochnú.

Le dornán blianta anois tá eagraíochtaí rothaithe thíortha an domhain mhóir tagtha le chéile agus sraith dhomhanda ar a dtugtar an UCI Word Tour bunaithe acu. Tá 250 foireann agus na mílte rothaí i gceist agus táblaí sraithe i gceist d’fhoirne agus do rothaithe aonaracha bunaithe ar na 35 rása is cáiliúla sna hilchríocha ar fad.

D’fhág bua staide Ben Healy go bhfuil a fhoireann siúd sa 9ú háit anois ar an tsraith sin.

Sa gcuid sin de Birmingham Shasana ar a dtugtar Dudley a saolaíodh Ben an rothaí – i mbaile beag darbh ainm Kingswinford, a bheadh ar aon mhéid le Trá Lí nó Cathair Chill Chainnigh.

De bhunadh Chorcaí a athair agus nuair a chaill Eagraíocht Rothaíochta na Breataine suim i Ben agus gan eisean ach 16 bliain d’aois, ba é deaide a threoraigh i dtreo na hÉireann é.

Faoi mar a bheifeá ag súil níl sé ach1.75m (5’7”) ar airde agus 65k (10gcl 3pt) meáchain. Tá Ben an rugbaí i bhfad níos téagartha ná sin – 0.16m (7”) níos airde agus 32k (5cl) níos troime.

Fág freagra ar 'Ní Ben Healy amháin a bhí i gceist, ach beirt!'