Nára fada uainn an lá gur údar náire a bheidh sa charr príobháideach

Tá todhchaí a gcuid páistí á scrios ag tuismitheoirí a bhfuil carr acu, a mhaíonn ár gcolúnaí

Nára fada uainn an lá gur údar náire a bheidh sa charr príobháideach

Níor thaitin alt a bhí agam ar na leathanaigh seo an tseachtain seo caite le duine dár léitheoirí. I dtrácht ag bun an ailt sin, inar thug mé ‘scaifte loitiméirí a chuireann a leas féin roimh an leas coiteann’ ar gilets jaunes na Fraince agus inar mhol mé praghas an bhreosla a mhéadú faoi dhó, faoi thrí, nó faoi cheathair d’fhonn an pláinéad a shábháil ó thubaiste aeráide, scríobh ‘Deas!’ an méad seo a leanas:

‘Alt simplíoch. Ní thugann ach taobh amháin den scéal. Is cosúil go síleann an t-údar nach bhfuil dóigh eile ann ach cánacha troma a ghearradh. ‘Do charr féin!’ Cén rogha eile atá ag muintir na tuaithe? Ag daoine le páistí sa tuath? Etc etc. An tuath a bhánú agus plódú isteach sna cathracha?’

Is maith liom gur tharraing ‘Deas!’ an focal ‘simplíoch’ anuas, óir is ceist an-simplí atá faoi chaibidil againn anseo.

Ní féidir a bheith ar son na timpeallachta agus ‘ar son na tuaithe’ ag an am céanna, óir – mar a léirigh ‘Deas!’ go beacht sa trácht aige nó aici – tá stíl mhaireachtála na tuaithe ag brath go huile is go hiomlán ar ghléas atá ar cheann de na cionsiocracha is mó atá le téamh an domhain: an carr príobháideach. (Ná bí ag caint liom faoi charranna leictreonacha. Caithfidh an leictreachas sin teacht as áit éigin, ach ní maith le go leor de mhuintir na tuaithe muilte gaoithe.)

Is maith liom freisin gur tharraing ‘Deas!’ páistí anuas. Taitníodh sé le tuismitheoirí a bhfuil carr acu seo a chloisteáil nó ná taitníodh, ach tá todhchaí a gcuid páistí á scrios ag na tuismitheoirí céanna. Mar a dúirt an gníomhaí timpeallachta ón tSualainn, Greta Thunberg, nach bhfuil ach 15 bliana d’aois, ag comhdháil aeráide COP24 i gcathair Katowice sa Pholainn an tseachtain seo caite:

‘You say you love your children above all else, but yet you are stealing their futures right before their very eyes.’

Níl aon pháistí agam féin, ach mar sin féin tá náire agus aiféala orm go raibh drochthionchar agamsa, freisin, ar thodhchaí na glúine atá ag fás aníos faoi láthair agus na nglúnta a thiocfaidh ina ndiaidh. 

Bhí carr agam féin tráth. Bhí mé ag obair i seomraí nuachta éagsúla sa Ghaeltacht, ní raibh córas iompair phoiblí sásúil ann agus ach oiread le muintir na Gaeltachta féin shíl mé nach raibh rogha agam ach carr a bheith agam. Níos measa fós, bhí buachaill agam in Albain ag an am sin agus deargann m’aghaidh le náire inniu nuair a chuimhním ar an méad CO2 a chuir mé san aer agus mé ag eitilt siar is aniar idir Gaillimh agus Glaschú.

An t-am sin, fiche bliain ó shin, ní raibh sna tairngreachtaí faoi théamh an domhain ach tairngreachtaí. Ach anois agus oiread sin taighde agus comharthaí soiléire le feiceáil timpeall orainn go bhfuil an aeráid ag athrú dáiríre, tuigim go raibh mé mícheart an t-am sin agus go raibh rogha agam: post agus buachaill a lorg níos gaire do bhaile (nó baile níos gaire don phost nó don bhuachaill a lorg).

Faraor géar, níl mé ‘neodrach ó thaobh carbóin de’ fós. Ní raibh carr agam le deich mbliana anuas, ach uair amháin sa bhliain tógaim eitleán trasna an Atlantaigh: tá cónaí orm sa Bhrasaíl, ach tá cónaí ar mo mhuintir agus ar chuid mhór de mo chairde san Ísiltír agus in Éirinn. Tá mé díreach tar éis ticéad a chur in áirithe don chéad turas eile.

Ach an iarraidh seo, in ionad eitleán a thógáil as seo go Madrid nó Liospóin agus eitleán eile as sin go hiarthuaisceart na hEorpa, tógfaidh mé an traein ó Madrid go Amsterdam. Fiú ar thraenacha ardluais tógfaidh an turas sin 15 uair an chloig – ach sábhálfaidh sé aschur carbóin 227 kg.

Tá roghanna againn, an dtuigeann tú, ‘Deas!’? Maidir le ceist na tuaithe, bhí moladh agat féin sa trácht sin agat: ‘An tuath a bhánú agus plódú isteach sna cathracha?’

Ní dóigh liom gur ‘plódú’ an focal ceart; chaithfí a leithéid d’imirce a phleanáil agus a éascú. É sin, nó an tuath a asamhlú gan carranna príobháideacha. 

Bhí ceantair thuaithe inmharthana tráth: i ré na cairte agus an rothair. Ach inniu, agus iad ag brath go huile is go hiomlán ar ghléas atá ag scrios na timpeallachta, níl siad inmharthana a thuilleadh. Gan dabht, caithfear fáil réidh le carranna príobháideacha sa chathair chomh maith céanna, ach tá sé níos fusa malairt modhanna iompair a chur ar fáil ansin.

Rud eile de.

Nuair a bheidh leibhéal na farraige ag ardú, is ar éigean go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí an chosaint chéanna ar fáil, ar chostas ard, do phobail bheaga faoin tuath nuair a d’fhéadfaí an chosaint sin a chur ar fáil ar bhealach níos éifeachtaí, ó thaobh na gcostas de, do phobal mór sa chathair.

Mar a deirim, ‘Deas!’, tá roghanna againn. Bogadh isteach go dtí an chathair, nó fanacht faoin tuath agus éirí as a bheith spleách ar an gcarr príobháideach. Ach ní féidir leat an dá rud a bheith agat. 

Cuir ceist ar do chuid páistí cén rogha is fearr leo. 

Todhchaí s’acusan atá idir dhá cheann na meá.

Fág freagra ar 'Nára fada uainn an lá gur údar náire a bheidh sa charr príobháideach'

  • Donal O Bearra

    Thaithin d’alt agus do thuairimiocht go mór liom. Nuair a chuirtear an cheist oiriuúnach tá chuile sheans freagraí agus treo oiriúnach a fháil freisin. Fad’s a ghlactar le tuairimiocht a ghlacann le forlamhas daonna (gan todhchai bitheolaioch nó daonna san fad-áireamh) tá lá na n-óg rithe. Ach tá na comharthaí do-shéanta agus níl gan duine ar intinn le Trump agus a lucht leanúna!

  • Carraig

    Ach tá daoine fíorcheanúil ar a gcarranna. Breathnaigh ‘an pheataíocht’ a dhéanann siad orthu agus na hainmneacha ceana a thugann cuid acu orthu fiú. Aon rud beo (nó gach rud beo) ach ‘a bpeataí’ a thabhairt suas!

  • Bjørn Lomborg

    Níl aon fhianaise ann go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an gcine daonna. Tá ardú beag ag teacht ar an teocht ach ní haon chúis imní é sin – is cine seiftiúil muid agus aghaidh tugtha againn ar athruithe teochta sa stair cheana (an oighearaois bheag sa mheánaois cuir i gcás). Rud a léiríonn gur dream seiftiúil sinn agus muid breá ábalta dul i ngleic le cineálacha éagsúla aeráide ná go bhfuil daoine ag cur fúthu in áiteanna atá an-fhuar agus an-te cheana – sa Ghraonlainn agus san Araib Sháideach, mar shampla. Bíonn teicneolaíocht nua á forbairt i gcónaí a thugann cosaint dúinn in aghaidh na drochaimsire agus in aghaidh aimsir fíorthe – is mór an leas atá déanta ag an aerchóiriú dóibh siúd atá ina gcónaí in aeráidí teo.

    Anuas air sin, tá tubaistí timpeallachta á dtuar le fada an lá ag reacairí uafáis, agus dul amú orthu. Sna 1970idí dúradh go raibh oighearaois eile i ndán dúinn laistigh de scór bliain. Sna 90idí bhí sé á rá ag ‘saineolaithe’ clúiteacha timpeallachta go mbeadh cuid mhór de Nua Eabhrac faoi uisce faoin am seo ach arís níos tharla sé. Ná bac leis na reacairí uafáis, a deirimse leat. Rud a mhaolóidh ar d’éadóchas faoi chúrsaí timpeallachta beagáinín ná mo leabharsa féin: ‘Cool It: The Skeptical Environmentalist’s Guide to Global Warming’. Dála an scéil, tá leabhar nua amuigh agam dar teideal ‘Haiti Prioritizes’ – bheinn fíorbhuíoch dá ndéanfá léirmheas air do Tuairisc.ie.