Ní laochra de chuid na cosmhuintire iad lucht na veisteanna buí, ach scaifte loitiméirí

Más iad lucht na veisteanna buí ‘guth an phobail’, tá guth an phobail mícheart. Dream iad a chuireann a leas féin roimh an leas coiteann, dar lenár gcolúnaí

Tá lucht na gilets jaunes, nó na beisteanna buí  – gluaiseacht agóideoirí a thosaigh sa Fhrainc agus atá tar éis scaipeadh go dtí an Bheilg agus an Ísiltír – go mór i mbéal an phobail le tamall.

Táthar ann, fiú amháin, a mhaífeadh gurb iad lucht na veisteanna buí guth an phobail.

Ach ní hionann rud éigin a bheith á rá ag go leor daoine agus an rud sin a bheith ceart.

I gcás lucht na veisteanna buí, tá an cur síos ‘guth an phobail’ mícheart.

Is maith a thuigim gur dream iad a bhfuil iliomad gearán acu, agus d’aontóinn féin le cuid acu. Ach an phríomhchúis a spreag a gcuid léirsithe, an cheist a chuir an lasair sa bhairille, ná an t-ardú atá ag teacht ar phraghas an bhreosla. 

Cuireann meon lucht na veisteanna buí faoin gceist sin déistin orm.

Mar is eol do chách ach don té a bheadh dall ar an taighde go léir agus ar na comharthaí follasacha timpeall orainn, tá an domhan ag téamh agus tá an aeráid ag athrú.

Níl ach bealach amháin chun srian a chur ar na hathraithe sin: éirí as a bheith ag dó ola, guail agus gáis.

Chun an pláinéad a shábháil, ní leor – ná baol air – an méadú cánach fánach (2.9 cent ar lítear peitril, 6.5 cent ar lítear díosail) a theastaigh ó rialtas na Fraince a chur ar phraghas an bhreosla, agus atá curtha ar athló anois ag Emmanuel Macron in iarracht lucht na veisteanna buí a cheansú. Ní leor ach oiread an cháin charbóin ar thicéid eitleáin (€7 ar gach ticéad) atá á beartú san Ísiltír.

Le go mbeidh tionchar dáiríre ag polasaithe den chineál sin ar iompar daoine, chaithfí praghas an bhreosla a dhúbailt. Ní hea, a mhéadú faoi thrí. Nó faoi cheathair.

Níl aon dul as. Ní féidir le gach duine a charr féin a bheith aige agus ní féidir le gach duine eitleán a thógáil pé uair is mian leis. Mura dteastaíonn ó cheannairí an domhain a bheith freagrach as tubaiste aeráide, beidh orthu an teachtaireacht dhuairc sin a thabhairt don phobal sula mbeidh sé ró-mhall.

Cuirfidh sé sin fearg ar dhaoine, agus tá claonadh ionainn ar fad a bheith báúil le dream a sílimid feall a bheith á dhéanamh orthu. Ach ní laochra de chuid na cosmhuintire iad lucht na veisteanna buí, dar liom, ach scaifte loitiméirí a chuireann a leas féin roimh an leas coiteann. 

Más mian linn muid féin agus ár sliocht a chosaint ar thubaiste aeráide, beidh orainn ar fad ár gcuid féin a dhéanamh. Saibhir agus daibhir, Emmanuel Macron chomh maith le Jean Dupont, mar a thugann muintir na Fraince ar an ngnáthdhuine.

Agus ciallaíonn sé sin go mbeidh orainn ‘cearta’ a shíl muid a bheith ina dteideal a ghéilleadh: carr dár gcuid féin a bheith againn, agus eitilt go Barcelona chun deireadh seachtaine a chaitheamh ann.

Fág freagra ar 'Ní laochra de chuid na cosmhuintire iad lucht na veisteanna buí, ach scaifte loitiméirí'

  • Deas!

    Alt simplíoch. Ní thugann ach taobh amháin den scéal. Is cosúil go síleann an t-údar nach bhfuil dóigh eile ann ach cánacha troma a ghearradh. ‘Do charr féin’! Cén rogha eile atá ag muintir na tuaithe? Ag daoine le páistí sa tuaith? Etc etc. An tuaith a bhánú agus plódú isteach sna cathracha?

  • Alex Hijmans

    Go díreach é! Ach sin ábhar do cholún amach anseo, san athbhliain :)

  • Léitheoir

    …’a chuireann a leas féin roimh an leas coiteann’…bhuel ..bhuel…cé is moite den údar dar ndóigh agus na haingil eile atá suas. Cá bhfuil Nero is a veidhlín?

  • Eoin Ó Murchú

    Sotal na meánaicme arís! B’é an buille deiridh an cháin ar charbóin, i ndiaidh sraith cánachaí a ghoill go mór ar na daoine is boichte sa bhFrainc. Ach cén fáth nach bhfeiceann stocairí na haeráide aon leigheas riamh ach tuilleadh ualaigh a chur ar an lucht oibre. Nach féidir cánachai a ghearradh ar dhaoine saibhre? Ní thuigeann Alex gur faoi sin atá na léirsithe ag gearán.