Níl naonúr den 35 Gaeilgeoir a toghadh chun na Dála san olltoghchán deireanach ag seasamh i dtoghchán na bliana seo.
Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil, an duine is sinsearaí acu siúd a d’fhógair go bhfuil siad ag éirí as. D’fhéadfadh go dtiocfadh cainteoir dúchais Gaeilge i gcomharbacht ar Ó Cuív i nGaillimh Thiar dá n-éireodh le Gráinne Seoige, an craoltóir aitheanta as an Spidéal atá imithe leis an bpolaitíocht.
Mura mbeidh cainteoirí Gaeilge i measc na dTeachtaí Dála nua a thoghfar d’Fhine Gael an mhí seo, is ar éigean go mbeidh aon Ghaeilgeoir fágtha ag an bpáirtí sa Dáil.
Tá cúigear den seachtar Gaeilgeoirí a toghadh chun na Dála d’Fhine Gael in 2020 i measc an 18 Teachta Dála ón bpáirtí sin atá ag éirí as.
Tá Leo Varadkar agus an t-iar-aire Gaeltachta Joe McHugh ag éirí as, chomh maith le Fergus O’Dowd, Brendan Griffin agus Michael Creed.
De réir anailís a rinne Tuairisc, bhí Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh in Olltoghchán 2020, 22% nó beagán os cionn duine as gach cúigear.
Is í an tslat tomhais atá againn do chainteoir líofa Gaeilge sa chás seo ná duine atá ábalta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta i nGaeilge.
Ar na Gaeilgeoirí eile atá ag éirí as, tá Brendan Howlin, iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre. Ní bheidh Aodhán Ó Ríordáin, an t-aon Ghaeilgeoir eile a bhí ag an bpáirtí sin sa 33ú Dáil, ag seasamh ach oireadh ó tharla gur toghadh ina fheisire Eorpach é an samhradh seo caite.
Bríd Smith, Pobal seachas Brabús, an Gaeilgeoir eile atá ag éirí as. D’fhéadfadh gur Gaeilgeoir eile, an comhairleoir contae Hazel de Nortún, a thiocfadh ina háit i mBaile Átha Cliath Theas-Lár má bhíonn rith an ráis léi.
Ráineodh go mbeadh cainteoirí Gaeilge eile a chaill a suíocháin ag filleadh ar an Dáil i ndiaidh an toghcháin. Más ag éirí as atá Éamon Ó Cuív, duine de phiardaí móra Fhianna Fáil, ag súil le haiséirí atá duine eile de sheanfhondúirí an pháirtí, Pat ‘The Cope’ Gallagher, an t-iar-aire stáit Gaeltachta a chaill a shuíochán i nDún na Gall in 2020.
I nGaillimh Thiar, beidh iar-aire stáit Gaeltachta eile, an Seanadóir de chuid Fhine Gael Seán Kyne ag iarraidh an suíochán a chaill sé in 2020 a fháil ar ais.
Má éiríonn leis is beag difríocht a dhéanfadh sé do líon na nGaeilgeoirí ag Fine Gael sa Dáil toisc gur dócha gurb í a chomhghleacaí Hildegarde Naughton a chaillfeadh amach, Teachta Dála eile a thug le fios do Tuairisc in 2020 go raibh dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge.
Fág freagra ar 'Naonúr den 35 Gaeilgeoir sa Dáil ag éirí as'