Lá mór a bhí ann inniu do mhuintir Mheiriceá ar fad gan dabht, ach lá mór freisin do Janessa McNamara as cathair Denver, Colorado, a bhain 18 mbliana d’aois amach dhá mhí ó shin agus a chaith vóta i dtoghchán uachtaránachta den chéad uair ina saol ar ball beag.
Ní nach ionadh i dtír ina bhfuil cúrsaí ginmhillte idir dhá cheann na meá, cearta na mban, mar aon leis an gcaidreamh idir na ciníocha éagsúla, a bhí ar bharr a haigne ag Janessa. Chaith sí vóta d’iarrthóir na nDaonlathach, Kamala Harris.
Cearta na mban agus vóta do Harris a bhí ar bharr a haigne freisin ag máthair Janessa, Réjane McNamara (44), a rugadh sa Fhrainc ach ar saoránach Meiriceánach í ó 2017 i leith (má bhí tú beo fiche bliain ó shin agus cónaí ort i gcathair na Gaillimhe an t-am sin, seans go gcuimhneoidh tú uirthi: freastalaí a bhí inti sa teach caife a bhí agam tráth sa chathair sin.)
Ach d’iarrthóir na bPoblachtánach, Donald Trump, a chaith fear céile Réjane agus athair Janessa, Kelly McNamara (60), vóta. An eacnamaíocht, thar aon rud eile, ba chúis lena rogha siúd.
“Tá na praghsanna ag dul suas san ollmhargadh chuile sheachtain ó tháinig Joe Biden agus Kamala Harris i gcumhacht, tá laghdú $200 sa mhí tagtha ar mo thuarastal de bharr na n-athruithe a chuir siad i bhfeidhm ar chúrsaí cánach, agus tá mé tinn tuirseach de.”
Rugadh agus tógadh Kelly McNamara in Colorado, stát a bhí chomh dearg céanna leis na stáit Phoblachtánacha máguaird nuair a d’fhás McNamara aníos, ach a d’iompaigh ina stát gorm ó thosaigh liobrálaigh ó California, Nua-Eabhrac agus Chicago ag bogadh go cathracha ar nós Denver agus Boulder ina sluaite. (In 2012, bhí Colorado ar cheann de na chéad stáit i Meiriceá ina bhféadfaí an raithneach a dhíol agus a cheannach go dleathach.)
“Ag Kamala a bheidh an lá in Colorado agus ní fiú cac an diabhail vóta s’agamsa,” a dúirt Kelly McNamara liom agus é corraithe.
Tá an ceart ar fad aige, gan dabht.
Má bhíonn an bua ag Kamala Harris in Colorado (agus beidh, mura dtarlóidh rud éigin fíoraisteach) gheobhaidh sí vótaí na dtoghthóirí uile i gcoláiste toghcháin* an stáit sin, 10 dtoghthóir san iomlán. Agus is mar a chéile a oibríonn an córas i ngach stát seachas Nebraska agus Maine, an t-aon dá stát nach bhfuil an córas ‘winner-takes-all’ i bhfeidhm iontu.
“Ba cheart dom bogadh go Swing State éigin, stát cinniúnach éigin ina ndéanfadh mo vóta difríocht!” a dúirt Kelly McNamara liom, idir mhagadh agus dáiríre.
Rud a chuaigh i bhfeidhm orm go mór ná go n-éiríonn le muintir McNamara cúrsaí toghcháin a phlé go hoscailte eatarthu féin, cé go bhfuil an scoilt leathan pholaitiúil i lár shochaí Mheiriceá le sonrú go láidir ina dteach féin. Éiríonn cúrsaí teasaí ó am go chéile, ach ní mhothaíonn éinne i dteach mhuintir McNamara go bhfuil orthu a dtuairimí polaitiúla a cheilt. Scéal eile atá ann in go leor teaghlach eile sna Stáit Aontaithe. De réir taighde a rinne an suíomh nuachta Axios, tá faitíos ar dhuine as gach ceathrar Meiriceánach a rá le gaolta, cairde agus fiú amháin lena gcuid páirtnéirí cé dó nó cé di a bhfuil siad ag vótáil sa toghchán seo.
Síocháin agus suaimhneas a bhí i réim freisin san ionad vótála i lár chathair Denver inar chaith muintir McNamara a gcuid vótaí go luath maidin Dé Máirt.
Síocháin agus suaimhneas, ach ardslándáil freisin: seiceáladh málaí agus bhí ar vótóirí dul trí bhrathadóir miotail sula bhféadfaidís vóta a chaitheamh.
Ach bhí ardghiúmar ar oifigigh an ionaid: fuair Janessa McNamara (18) bualadh bos agus bhí liúnna ‘Comhghairdeas!’ ó na hoifigigh nuair a dúirt sí gurbh é seo an chéad uair di vóta a chaitheamh i dtoghchán.
Fanacht fada a bheidh roimh mhuintir McNamara, roimh mhuintir Mheiriceá agus go deimhin roimh an gcuid eile den domhan anois. Gach seans go mbeidh na hionaid vótála in Haváí fós oscailte agus an t-alt seo á léamh agat; tosóidh an comhaireamh ansin, agus is ea is lú an difear a bheidh idir na hiarrthóirí is ea is faide a thógfaidh an próiseas sin, toisc go mbeidh athchomhaireamh i ndiaidh athchomhairimh á éileamh ag na hiarrthóirí sa chás sin.
Idir an dá linn, tá síocháin agus suaimhneas i réim anseo i gcathair Denver – ach ná bíodh dul amú ar éinne, tá teannas san aer agus cinneadh cinniúnach á dhéanamh ag muintir Mheiriceá.
Mar a dúirt mo chara Réjane ar ball beag: ‘Tá sé ar nós go bhfuil an tír ar fad ag fanacht ar thoradh tástála do ghalar gnéis.’
LÉARSCÁIL IDIRGHNÍOMHACH AN CHOLÁISTE TOGHCHÁIN
* Sna Stáit Aontaithe, ní thoghann na vótóirí an t-uachtarán go díreach. ‘Toghthóirí’ na stát éagsúla a dhéanann é sin – bunaithe ar vóta an phobail, gan dabht. Níl an líon céanna toghthóirí ag gach stát. Mar shampla, níl ach 3 thoghthóirí ag Wyoming, ach tá 54 ag California.
Fág freagra ar 'Ag vótáil in Denver, Colorado – ‘Tá sé ar nós go bhfuil an tír ar fad ag fanacht ar thoradh tástála do ghalar gnéis’'