Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain

Chuir an Taoiseach Simon Harris deireadh tráthnóna leis an tuairimíocht faoi dháta an toghcháin

Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain

Tá rún ag an Taoiseach Simon Harris olltoghchán a ghairm Dé hAoine agus dúirt gur ar an 29 Samhain a bheadh lá na vótála.

Dúirt Harris tráthnóna gur fhan sé chun toghchán a ghairm mar go raibh sé ag iarraidh go rithfí an Bille Airgeadais, bille a ritheadh sa Dáil aréir.

“Theastaigh uainn an Bille Airgeadais a chur tríd, tá sé tábhachtach bonn a chur faoin mbuiséad. Nílimid ag iarraidh a bheith ag cnagadh ar dhoirse daoine go dtí go mbeidh na ciorruithe cánach sa dlí againn.

“Tá obair thábhachtach le déanamh sa Dáil agus sa Seanad inniu agus amárach.”

“Is é an rún atá agam ná scor na Dála a lorg ón Uachtarán Higgins Dé hAoine, agus mar atá pléite agam le ceannairí eile an chomhrialtais tá súil agam go mbeidh lá na vótála againn sa tír seo ar an 29 Samhain.

“Tá mé ag súil leis na seachtainí romhainn agus le mandáid a iarraidh ar mhuintir na hÉireann.”

Agus é faoi agallamh ag RTÉ News, dúirt sé gurb amhlaidh go raibh an scéal á shoiléiriú aige agus go raibh sé ag súil lena chás a chur faoi bhráid an phobail.

Dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin níos túisce gur tuigeadh dósan gur Dé hAoine a dhéanfaí an toghchán a ghairm.

 

Fág freagra ar 'Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain'