Naoi n-oíche agus oíche gan áireamh…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá tuairisc againn faoi fhéile Mártan…

Naoi n-oíche agus oíche gan áireamh…

Tagann lá Fhéile Mártan ar an t-aonú lá déag de mhí na Samhna chuile bhliain. Maraíonn na daoine géabha, cearca, muca, agus caoirigh lá nó cúpla lá roimhe lá Fhéile Mártan agus itheann siad iad lá Fhéile Mártan.

Bhí Íosa Críost lá ag siúl. Lean Naomh Mártan é chuile áit dá ndeachaigh sé. Bhí Íosa ag imeacht trí dhriseacha agus trí choillte. Bhí Mártan ina dhiaidh i gcónaí. Bhí craiceann Íosa gearrtha an-mhór ag na driseacha agus bhí fuil ar a chuid éadaigh. Bhí craiceann Íosa gearrtha chomh mhór sin is go raibh sé in ann cuid de chraiceann a bhaint de fhéin.

Thóg sé píosa den chraiceann de féin agus chuir sé faoi chloch an-mhór é. D’iarr Naomh Mártan cuid den chraiceann ar Íosa. Thug Íosa dó é agus dúirt sé leis é a chur i bhfolach faoi chloch mhór agus gan aon duine a beith ag breathnú air dhá chur i bhfolach agus go dtiocfadh rud luachmhar éigin do na daoine as.

Chuir Mártan an craiceann i bhfolach.

Ach bhí cailín ag breathnú air. Nuair a chuaigh Mártan abhaile ghoid an cailín cuid den chraiceann. Agus chuir sí féin i bhfolach é faoi chloch mhór. An t-am a bhí ceaptha ag Mártan dul ag breathnú ar an gcraiceann, thóg sé an chloch agus rith dhá mhuc amach uaithi.

Nuair a thóg an cailín an chloch rith dhá luch i ndiaidh na muca. Agus chaith Mártan ceann dhá lámhainní leis na luchain. Rinne a lámhainn cat agus thosaigh an cat ag rith i ndiaidh na luchan.

Sin é an fáth go dtugtar gadaí ar an luch agus bíonn an cat ag rith i ndiaidh na luiche. Mar ghoid an cailín an craiceann a dtáinig na luchain as.

D’ordaigh Mártan dá mbeadh tada le marú é a mharú lá nó cúpla roimh a lá féin. Ní raibh tada le marú ag na daoine an t-am sin.

Bhí fear ann uair (?) agus ní raibh tada le marú ag a bhean. Agus bí sí ag dul ag marú an mhic le ómós do Mhártan.

Naoi n-oíche agus oíche gan náire [áireamh] ó oíche Shamhna go hoíche Fhéile Mártan.

– Nóra Ní Chualáin, An Aird Mhóir, Carna, Conamara a scríobh an cuntas seo i 1938.

Fág freagra ar 'Naoi n-oíche agus oíche gan áireamh…'