‘Tá mé a cheapadh gur beirt iad atá ag fual in aon phota amháin,’ a chuala mé fear a rá faoi dhís a raibh amhras aige orthu. Ba é a bharúil go raibh uisce faoi thalamh ar bun acu, go raibh siad i gclaonpháirt le chéile, go raibh comhcheilg á beartú acu.
Seo leagan barrúil eile faoin bhfual: is geall le gadhar é a bheadh ag fual trí shneachta – cor anonn agus cor anall (fear a bheadh ag imeacht ó thaobh go taobh).
Mún a thugtar ar an bhfual scaití. Tá sé san amhrán breá sin faoi Éirí Amach 1798, ‘Sliabh na mBan’:
‘Is go gcuirfeam Yoemen ag mún ina mbróga,
Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.’
Mura mbeadh aon dul chun cinn sa mbeart a bheadh idir lámha agat bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag mún in aghaidh na gaoithe.
‘Mún nó ceangail do threabhsar’ a déarfaí leat dá mbeifeá ag braiteoireacht.
Tá bealaí eile ann lena rá freisin: mún nó éirigh den phota; déan do ghnó nó bog do thóin; déan an beart nó stad den gheab.
Bhíodh trácht ar mhún dreoilín sa bhfarraige. Bhíodh agus ar mhún seangáin: ga a chuirfeadh seangán ionat.
Cáit
Deirtear i gCúige Uladh, ‘Caithfear mún a ligean leis an bhod atá ort.’ Is é sin ní mór seiftiú lena bhfuil agat agus bheith sásta leis.