Tá tinneas na circe air a déarfaí faoi dhuine giongach, corrthónach, míshuaimhneach. D’fhéadfadh duine a bheith ag imeacht mar a bheadh cearc ghoir ann freisin – a bheith fuadrach, fústrach.
Chuirfeadh sé cosa crainn faoi na cearca a déarfaí faoi duine a bheadh in ann míorúilt a dhéanamh dá gcreidfí é.
Níor cheart do dhuine a chearc a dhíol lá fliuch – an lá mícheart le rud a dhéanamh.
Is trom an rud cearc i bhfad.
Is olc an chearc nach scríobann di féin.
Níl croí circe aige a thabharfaí de cháil ar dhuine faiteach, scáfar.
Bíonn seascach na gcearc ann tamall den bhliain – ní bhíonn siad ag breith aon ubh.
Cearca cocacha a thugtar ar chearca a mbíonn coc orthu. Bíonn cearca plucacha ann freisin.
Is iomaí cineál circe ann thairis sin: Cearc áil, cearc cheannann, cearc fheá, cearc ghainimh, cearc fhrancach, cearc ghuine, cearc uisce, cearc choille, cearc fhraoigh,
Tá bláth ann a dtugtar an chearc bhreac air agus tugann cuid de na daoine cearc gheal ar ruacan.
Cearc ascaille a thugtar ar fhaireog faoin ascaill.
Ainm eile ar chailleach phiseog is ea cailleach na gcearc.
Tá tinneas na circe air…
Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá tinneas na circe air…'