NACH DEAS É? Spideog Mhuire…

Nach deas é? Seosamh Ó Cuaig Bíonn an spideog luaite leis an Nollaig. Is minic a d’fheicfeá pictiúr de spideog ar chárta Nollag, mar shampla. Tugtar spideog Mhuire scaití ar an spideog bhroinndearg. Deirtear nuair a bhí Muire ag tabhairt Chríost ar an saol go raibh an tine sa stábla ag dul as. An chéad […]

NACH DEAS É? Spideog Mhuire…

Nach deas é? Seosamh Ó Cuaig

Bíonn an spideog luaite leis an Nollaig. Is minic a d’fheicfeá pictiúr de spideog ar chárta Nollag, mar shampla.

Tugtar spideog Mhuire scaití ar an spideog bhroinndearg.

Deirtear nuair a bhí Muire ag tabhairt Chríost ar an saol go raibh an tine sa stábla ag dul as.

An chéad rud eile tháinig éinín beag donn isteach agus thosaigh sí ag bualadh a cuid sciathán os comhair na tine le beochan a chur inti. D’éirigh gríosóg as an tine agus thug sí dath dearg ar bhrollach an éinín.

Tá an spideog bhroinndearg againn ariamh ó shin.

Tá an spideog Mheiriceánach ann freisin agus an spideog ar a dtugtar spideog Swynnerton. Sa Tansáin, i Mosaimbíc agus sa tSiombáib atá sí sin.

Thugtaí spideog scaití ar speadóg de bhean bheag.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal spideog iontu:

Thosaigh sé ag caitheamh spideoga sneachta – gitíní sneachta.

Sin í an chloch spideoige–an chloch dhín, an chloch mhullaigh, an chloch phréacháin.

Ní íosfadh sé oiread le spideog.

Eireaball Spideoige an teideal a bhí ar leabhar filíochta a scríobh Seán Ó Ríordáin.

Tá an dreoilín, an t-athair nimhe agus an deargadaol mallaithe, tá an spideog, an chadóg agus an bhóín Dé beannaithe.

Imíonn an méanfach ó dhuine go duine, mar a imíos an spideog ó bhile go bile.

Bhí an spideog ag canadh ó chrónú an lae go dubh na hoíche, a dúirt Amhlaoibh Ó Súilleabháin ina dhialann.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Spideog Mhuire…'

  • Peter Groarke

    Ba dheas (agus suimiúil) é an t-alt.
    Is dóigh gur “nathair nimhe” a bhí i gceist agaibh thuas.