Ní fiú uisce na bhfataí é a deirtí ach b’fhéidir go bhfuil leas níos mó ná sin in uisce na bhfataí. Dúirt bean liom an lá cheana go bhfuil sé thar cionn le cur i bpotaí a mbeifeá ag fás bláthanna iontu.
Tá aithne agam ar fhear arbh í an abairt chéanna a bhíodh aige beagnach i gcónaí le tús a chur le haiste sa scoil. An fhad agus a bheas uisce ag rith agus féar ag fás a scríobhadh sé, ach, mar a dúirt sé féin, céard a chuirfeá san aiste ina dhiaidh sin?
Bíonn uisce fuar ann, uisce bog (teas beag a bheith ann), alabhog, uisce meath-the, uisce te, uisce bruite.
Uisce roide a thugtar ar uisce a mbíonn iarann tríd. Nuair a thosaíonn na plobóga ag teacht ar an uisce bíonn sé ag fiuchadh. Nuair a bhíonn rud ag tosú ag bruith, bíonn an t-uisce ag geonaíl.
Idir dhá uisce—ar snámh beagán faoi uisce ach le feiceáil. Míniú eile air sin is ea uisce a bheith os do chionn agus uisce fút.
Shiúlfadh sé ar bharr uisce – asal a bheadh in ann siúl san áit ba bhoige ar an bportach gan dul á bhá.
Uisce gallaoirigh – sobal.
Níl an oiread uisce istigh de bharr an lae agus a chuirfeadh an Ainm ár nAthair ar d’éadan.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag iarraidh uisce coisricthe ar an diabhal le bheith ag iarraidh deoch air.
Uisce an pháiste – an t-uisce a bhíonn timpeall ar an bpáiste sa mbroinn.
Uisce rua – galar caorach. Tosaíonn siad ag déanamh uisce taobh istigh. Faigheann siad ar na tailte fliucha é má fhaigheann siad droch-cheansacht nó droch-aire.
Imeacht ar an uisce bruite—an tsláinte a chailleadh, imeacht as. Déarfaí é faoi dhuine a dtiocfadh eitinn nó drochghalar éigin eile air.
Tá muid ag ligean isteach uisce – tá muid ag cailleadh (ag cártaí).
Uisce aoil—uisce a mbeadh aol tar éis a bhruith air. (Dhéantaí é le píosa de chloch aoil a chur sa tine go ndóití í agus go ndéanfadh sí aol.
Í a chur i soitheach ansin agus uisce a chur uirthi. An t-uisce a d’éireodh go barr thógtaí go héadrom le spúnóg mhór é agus chuirtí i soitheach dó féin é. Is leigheas ar an dó a bheadh san uisce sin agus le cleite a chuimlítí ar an spota dóite é.
Uisce marbh – áit atá casta nó lúbtha isteach i gceann de na strácaí ar thaobh báid. (D’éireodh sin nuair a bheadh saor ag frámáil an bháid, agus ceann de na heasnacha gan a bheith chomh láidir amach leis an gcuid eile. Nuair a bheadh na strácaí ag dul ar an mbád agus an saor ag bualadh iarainn isteach sa stráca bheadh an t-easna ar a chúl camtha nó lag, i gcaoi is go lúbfadh an stráca isteach. Uisce marbh a deirtear leis an uisce a ritheann thart leis an lúib).
Ag caitheamh uisce salach ar dhuine—á aithisiú, a dhíbliú, á tharcaisniú.
Ní dhéanfadh sé uisce coisricthe dhúinn – níl díol ár bhfreastail ann ná baol air.
Uisce ionnalta – uisce le d’éadan a níochán.
Uisce na gcos—níor cheart é a fhágáil sa teach san oíche go mór mór Oíche na Marbh.
Mar an eala ar uisce maidine a dúirt Cearbhallán i ndán.
Ta mé curtha in uisce beirthe agat— i gcruachás.
Ní raibh oiread is shalaigh an t-uisce riamh eadrainn – tharraing muid go maith le chéile i gcónaí.
Tocht uisce— toch fuail ainm eile air. Stopainn ar an uisce.
Ceithre bhonn an chait:
Bonn ar dhearmad bhean an tí
Bonn ar shiúl gan aireachtáil
Bonn ar gan aon deoir uisce a chur trína chuid bainne,
Bonn ar sholas san oíche chomh maith leis an lá.
Ní gan ábhar a théann caora ag ól uisce – nuair a mhothaíonn sí an bás ag teacht uirthi.
Ná caith amach an t-uisce salach go bhfaighidh tú an t-uisce glan isteach.
Fearthainn do lao agus gaoth do shearrach,
Uisce do ghé agus déirce do bhacach.
Snámhann sop ar bharr an uisce agus téann péarla go tóin an phoill.
Is olc an rud a bheith ag coraíocht leis an uisce – gur contúirteach an áit an fharraige.
Ritheann uisce ciúin go domhain socair.
Fataí beaga, boga, fliucha,
Bruite ar uisce is uisce leo,
A ghníos seanduine den duine óg.
Ag cur uisce i scáthlán— ag cur amú ama
Trí ní atá déanta as uisce sioc, sneachta, leac oighre.
Is féidir an t-each a thabhairt chuig an uisce ach ní féidir iachall a chur air é a ól.
Ná salaigh an t-uisce inniu, Domhnach Cincíse—tá teir ar ghníomhartha áirithe faoi Chincís, go mór mór iascach, snámh, lomairt caorach, agus eile. Ní bheadh sé sona iad a thosú ná a dhéanamh; deirtear go bhfuil stiúir ag an gCincís ar an bhfarraige.
Is doimhne fuil ná uisce.
Dá mba lachain san uisce na cailíní deasa,
Bheadh sciatháin ar bhuachaillí ag eiteall ina n-aice.
Bíonn chuile dhuine ag tarraingt uisce chuig a mhuileann féin.
Is minic a d’ól mé coróin leat,
Is bonn mo bhróige briste
Ach ní ólfainn níos mó leat,
Dá mbeinn ag ól an uisce.
Fíon inniu, uisce amárach.
Lá ar meisce is dhá lá ag ól uisce – nuair atá an t-airgead caite ar ól múchtar an tart le huisce.
Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce agus na páistí ag scréachaíl.
Ní fuath le cat uisce agus is fuath leis a dhul san uisce – duine nach saothróidh an rud a bhfuil dúil aige ann.
Chomh slán le breac in uisce.
An té a bhfuil uisce agus móin aige, tá an saol ina shuí ar a thóin aige – tá cóngar móna agus uisce agus Aifrinn aici agus céard eile atá sí a iarraidh? SIn é a dúradh uair amháin faoi bhean a bhí tar éis pósadh.
Ná bíodh muinín agat as mada tostach ná uisce ciúin.
Uisce faoi thalamh. Bíonn uisce faoi thalamh san áit a mbíonn turlach ach d’fhéadfá uisce faoi thalamh a dhéanamh in aghaidh duine freisin.
Déanfaidh sé uisce anocht—leagfaidh sé báisteach throm anocht.
Chuir sé uisce le m’fhiacla le dúil ann.
Tá uisce ó m’fhiacla ceal tobac.
Ghoil mé uisce mo chinn – chaoin mé go trom.
Níl aon mhaith a bheith ag caitheamh uisce ar fhrancach báite –tá sé báite cheana agus ní haon mhaith a bheith ag iarraidh é a bhá tuilleadh.
Ná bac leis an tobar nach bhfuil an t-uisce reatha uaidh.
Na trí ní is fearr ar bith:
Uisce salach ag múchadh tine,
Arán dubh in aimsir gorta,
Casóg bréidín lá seaca.
Na trí ní nach dtéann chun suaimhnis:
Fíor-eas aibhne,
Fíormhada uisce,
Fíordhiabhal as Ifreann.
Na trí neart is treise ar bith:
Neart tine,
Neart uisce,
Neart námhad.
Na trí rith is mó:
Rith uisce,
Rith tine,
Rith buinní.
An t-uisce gan doimhneacht bíonn sé torannach.
Tá a fhios agat céard is fiú uisce nuair atá an tobar tirim.
Sinéad Ní Mhuirí
Fataí mar prátaí, agus pilleadh mar filleadh sa chanúint. An bhféadfá a leithéid a rá, go raibh maith agat. An rud céanna nach ea?
Seosamh Ó Cuaig
Fataí, prátaí, préataí, preátaí, potátaí.