NACH DEAS É: Ní bhuailfeadh sé a léine ar an tine

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É: Ní bhuailfeadh sé a léine ar an tine

Na leaganacha cainte ar fad beagnach a chuirim os bhur gcomhair sa gcolún beag seo is leaganacha iad a chuala mé minic go leor nó a léigh mé in áit eicínt. Tarlaíonn sé scaití mar sin féin go ndeireann mo chara leagan liom nár chuala mé ariamh cheana.

An lá faoi dheireadh bhí sé ag caint ar dhuine de na comharsana nach raibh aon bharúil mhór aige dá chumas oibre. “Ní chuirfeadh sé cearc chaillte lá,” a dúirt sé.

Fear ar bith a dtógfadh sé lá air cearc chaillte a chur i dtalamh caithfidh tú a rá nach fear maith oibre a bheadh ann.

Chuala mé breithiúnas dá shórt á thabhairt ar dhaoine eile freisin: Ní chartfadh sé tuí ó lacha.

Ní tharraingeodh sé an drioball (eireaball) as lon dubh.

Ní bhuailfeadh sé a léine ar an tine. Maidir leis an gceann deireanach sin, ní ábhar deas é le bheith ag caint faoi ach bhíodh míola ar dhaoine fadó. Ba mhinic a bhuailidís a léine os cionn na tine leis na míola a chroitheadh aisti. Mharaítí cuid mhór de na míola le DDT. Creideadh gurbh é Hitler a thug isteach é sin. “Go dtuga Dia na flaithis do Hitler,” a deirtí, “nárbh é a thug isteach an DDT.”

Is iomaí cineál léine ann: léine róin, léine oscailte, léine oíche, léine faoi mhuineál oscailte, léine airm, léine mháilleach, léine stáirseáilte, léine chúng.

Tá bláth ann a dtugtar léine Mhuire air.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal léine iontu:

Dhá ghoireacht do dhuine a chóta is goire dhó a léine.

Is uaigneach an níochán nach mbíonn léine ann.

“Is mór is fiú an ghlaineacht,” mar a dúirt an bhean a thiontaigh a léine i gceann seacht mbliana. Níl mórán só i dtiontú léine salaí.

Thabharfadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann dhuit—cáilíocht a thabharfaí ar dhuine a bheadh flaithiúil.

‘Nár ba fada nó go bhfeicfidh mé an sagart ina léine,

Ór buí inár bpócaí is muid pósta lena chéile.’

Sin é a dúradh san amhrán Mainistir na Búille.

Chuadar sna léinteacha ag a chéile a deirtí i gcontae an Chláir—chuaigh siad ag troid agus na casóga bainte díobh acu.

Bhí sé caite dhe ina léine a déarfaí faoi throdaí mar sin i gConamara.

Ná bí i do chionnfháth le mo shíneadh ins an léine – ná bí i do chúis le mo bhás.

Bhíodh an-chur síos ag na filí ar bhean ina léine nó, níos fearr ná sin aríst, gan léine ar bith. Seo roinnt samplaí:

‘Shínfinn suas gan léine,

Le do choim tá cailce gléigeal.’

Sin é a dúirt Toirdhealbhach Ó Cearúlláin.

Is tá bean ina léine is is fearr a méin nó na táinte bó, a dúirt Peadar Ó Doirnín.

Phósfainn Brídín Bhéasaí gan stoca, bróg ná léine, a dúirt Raiftearaí.

Is go n-éalóinn ina léine le péarla an chúil bháin, a dúirt file eile.

B’fhearr liom bean ina léine ná bean eile agus spré aici, a dúirt file eile fós.

In aghaidh an tsrutha do thumainn mo léine, a dúirt an bhean i gCúirt an Mheán Oíche.

Léine ar mo chraiceann chomh dubh leis an daol, a dúirt an bhean in amhrán Choilm De Bhailís, Amhrán an Tae.

Bhíodh clár ar Raidió Éireann fadó dar teideal Fleadh Cheoil an Raidió. Eoin Ó Súilleabháin a chuireadh i láthair é.

“Tá na leads struipeáilte amach ina gcuid léinteacha siopa anois,” a deireadh sé nuair a bhíodh Ceoltóirí Chualann réidh le dhul ag casadh.

Nach deas é? Ní bhuailfeadh sé a léine ar an tine.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É: Ní bhuailfeadh sé a léine ar an tine'