NACH DEAS É? ‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil…’

‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil,’ a dúirt fear faoi dhuine de na hiomaitheoirí sa gcomórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas. Dhá thrian den damhsa cosúlacht a deirtear ach níor léir don té a thug an breithiúnas damhsa ná a chosúlacht sa gcás seo. ‘Damhsa na gcoiníni i ngarraí […]

NACH DEAS É? ‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil…’

‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil,’ a dúirt fear faoi dhuine de na hiomaitheoirí sa gcomórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas. Dhá thrian den damhsa cosúlacht a deirtear ach níor léir don té a thug an breithiúnas damhsa ná a chosúlacht sa gcás seo.

‘Damhsa na gcoiníni i ngarraí na heorna, an coinín ab óige briseadh a chos.’

Cé gur píosa de rann do pháistí é sin deirtí é faoi dhamhsóir místuama chomh maith.

Go hiondúil is ainmhí a bhíonn ag pramsáil – caora, gabhar nó capall. Bíonn capall ag céafráil ar an gcaoi chéanna.

Ach d’fhéadfadh duine a bheith ag pramsáil le fearg nó le háthas. Pramsóg a thugtaí ar bhean ghiodamach.

An té a bheadh ag pramsáil d’fhéadfaí a rá freisin go raibh sé ag pocléimneach nó ag preabarnach. D’fhéadfaí a rá lena chois sin aríst gur ag princeam a bhí sé.

In aimsir William Shakespeare bhí damhsa acu i Sasana ar a dtugaidís prinkum prankum. Ag bainiseacha a dhéanaidís é. Damhsa fáinneach a bhí ann. Nuair a stopadh an ceol théadh an bhean ar a glúine ar chúisín a bhíodh leagtha ar an urlár agus phógadh duine de na fir í. Leanaidís orthu ansin go dtagadh seal na mban le dhul ag pógadh.

Is iomaí cineál eile damhsa ann. Tá damhsa na gclaimhte agus an damhsa muiriseach ann. Tá an damhsa beag ann. Sin nuair a bheadh duine ag oibriú na gcos ar nós mar a bheadh sé ag damhsa. Bhíodh an damhsa fada ann freisin. Mar a dúradh san amhrán Chill Chais:

‘Áitím ar Mhuire is ar Íosa

Go dtaga sí arís chugainn slán,

Go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,

Ceol veidhlín is tinte cnámh.’

Taobh amuigh de ghliogram cos na ndaoine bíonn an ghrian ag damhsa ar an uisce scaití. Domhnach an Iúir is Satharn Cásca deirtear go mbíonn an ghrian ag damhsa le háthas. D’fhéadfadh rud a bheith ag damhsa ar bharr na dtonn. Bíonn uain ag damhsa ar na bánta.

Is cosúil go ndéantaí idirdhealú san am a caitheadh idir damhsa agus rince. Damhsa is coitianta anois. Tharlódh sé go mbeadh cosa duine ag rince le heagla agus faraor is minic a bhí rince an ghaid ann – duine á chrochadh.

‘Ní raibh rince dhá chat i gcuid de na giodáiníní talún a bhí ag an tseanmhuintir,’ a dúirt Tomás Laighléis as Mionlach. ‘Ní swingeáilfeá cat ann,’ ann a dúirt bean liom a raibh an leagan Béarla cloiste go minic aici.

Seo dhá leaganacha eile cainte a bhfuil damhsa nó rince iontu:

Is deacair damhsa a chur roimh sheanduine – níl seanduine in ann aon rud nua a fhoghlaim (nach bocht an chaoi orainn é).

Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn an luch ag rince.

Tá sioc ar an oíche anocht agus an rince atá ar na réaltóga.

Bhí an teach ag rince i mo thimpeall nuair a tháinig an míobhán i mo cheann.

Bhí m’fhiacla ag rince leis an bhfuacht.

‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil…’ Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? ‘Ní ag damhsa a bhí sé sin ach ag pramsáil…’'