Ná bí beag ná mór le sagart…
Chomhairlítí do dhaoine gan iomarca teanntáis a dhéanamh ar shagart. Déan mar a déarfas sé ach ná déan mar a dhéanfas sé, a deirtí. Tuigeadh nuair a bhíos an sagart in éide gur minic é féin agus a theagasc i bhfad ó chéile.
Is iomaí cineál sagairt ann: sagart pobail nó paróiste. Thugtaí an sagart mór air freisin. An sagart óg nó sagart méise a thugtaí ar an séiplíneach.
Bíonn an sagart crábhaidh nó oird ann agus an sagart tuarastail nó canónach. Sagart Gallda a thugtaí ar mhinistéir Protastúnach agus sagart Albanach ar mhinistéir Preispitéireach.
‘Críostaí thú?’ arsa an sagart le fear. ‘Ní hea,’ arsa an fear, ‘ach Ultach.’ Protastúnach a bhí ann. Bíonn bansagairt ann.
Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal sagart iontu:
Mheallfadh sé sagart an pharóiste – duine a bheadh glic.
Ní maith sagart gan cléireach—focal a déarfaí nuair a chuirfeadh duine aguisín le caint duine eile. Nár bheire an sagart ort – eascaine. An ola dheireanach a chailleadh a bhíodh i gceist.
Sagart uachta a thugtaí ar an sagart a bheadh ag cur na hola deireanaí ar dhuine. Mise an sagart uachta a bheas ort, a déarfadh duine a mbeadh fonn air deireadh go brách a chur le duine eile.
An leanbh is mó a bhí i bpian a bhaist an sagart i dtosach—an gad is gaire don scornach is cóir a réiteach ar dtús.
Is é a leanbh féin a bhaisteann an sagart i dtosach – go dtugann sé aire dá ghnó féin.
‘Ceathrar sagart gan a bheith santach,
Ceathrar Francach gan a bheith buí,
Ceathrar gréasaí gan a bheith bréagach,
Sin dháréag nach bhfaigheadh i dtír.’
Sagart balbh, sagart dealbh, sagart folamh.
D’imeodh rith focal ar an sagart paróiste—dá fheabhas duine déanann sé corrbhotún.
Is maol sagart gan bráthair.
Ní bhfuair an sagart a chuid ariamh gan é a shaothrú.
Ceithre ní gan mhaith, sagart gan Laidin, muileann gan criathar, trumpa gan teanga, madra alla gan fiacail.
Tá iascán ann ar a dtugtar hata an tsagairt. Bundún leice ainm eile air.
Ná bí beag ná mór le sagart…Nach deas é?
Micheál O Gionnáín
“Ná bí leis agus ná bí ina aghaidh
Tabhair dó a chuid agus fan uaidh”
Colm, Baile an Droichid
Micheál O Gionnáín