Nach deas é? Cuirim aingeal in aghaidh do ghuí…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Cuirim aingeal in aghaidh do ghuí…

Fadó bhíodh bacaigh nó sreothaithe ag imeacht ar fud na tíre. Chuiridís an oíche tharstu i dteach  anseo agus ansiúd. Bhí duine acu tí mo shin-seanathar oíche amháin agus d’ith sé forgan éisc ghoirt a thug mo shin-seanathair abhaile an lá céanna. Amach san oíche bhuail tart an bacach agus thosaigh sé ag longadh uisce. Bhí sé chomh spalptha sin sa deireadh is gur áitigh air ag eascaine agus ag mallachtú.

‘Múchadh is bá ar an té a thug abhaile an t-iasc!’ a deireadh sé le gach deoch dá n-óladh sé. Chuala bean an tí é agus í ina luí ar an leaba. ‘Cuirim aingeal in aghaidh do ghuibhe (ghuí)!’ a deireadh sí le chuile eascaine dá ndéanadh an bacach.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Cuirim aingeal in aghaidh do ghuí…'