Chodlóinn ar bharr píce a déarfá dá mbeifeá trom tuirseach. Chodlóinn ar an uisce a déarfadh duine eile. Chuala mé féin bean as Carna a rá go gcodlódh sí ar ‘tacks’ (tacóidí).
Is iomaí cineál codlata ann – codladh sámh, corrach, beag, mór, go headra, an tsicín, an traonaigh, na Caillí Béara.
Bhí trácht ariamh ar chodladh mhná Dhoire an Fhéich, ó Dhéardaoin go Domhnach. Seo é an míniú a bhí ag Tomás S. Ó Máille air sin i Seanfhocla Chonnacht: ‘Bhí fir Dhoire an Fhéich ó bhaile agus d’fhan na mná taobh istigh dá dtithe le scanradh roimh ghéinneach a d’ionsaigh an áit.’ (Is ionann géinneach agus béinneach: duine an-mhór nó beithíoch an-mhór).
Creideadh gur tús sláinte codladh agus gur codladh fada agus gáire maith an dá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra. Tuigeadh go rímhaith freisin gur codladh buan an bás.
D’fhéadfadh cos leat a bheith ina codladh – codladh driúraic, gliúragáin, grifín a bheith inti.
Ná codail ar an gcluais sin, a déarfá agus tú ag comhairliú do dhuine gan aird a thabhairt ar leagan amháin de scéal.
Bhí an codladh púicín ann: an codladh a chuirtear ar chearc, nuair a chuirtear a cloigeann faoina sciathán agus í a luascadh ansin. Ach bhí míniú eile fós ar an gcodladh púicín, i.e. dallamullóg a chur ar dhuine.
‘Faoistean mugadh magadh a’ cur codladh púicín ar an sagart le bréaga,’ mar a dúirt fear Mhionlaigh.
Fág freagra ar 'Nach deas é? Chodlóinn ar bharr píce…'