NACH DEAS É? Bíonn drioball fada ar ‘má’…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Bíonn drioball fada ar ‘má’…

‘Tá drioball fada ar ‘má’,’ a chuala má bean a rá an lá faoi dheireadh. Drioball atá againne i gConamara ar eireaball. 

Earball a thugtar air in áiteacha eile agus ruball in áiteacha eile fós. Is é an chiall a bhí ag an mbean seo lena cuid cainte  go mbíonn éiginnteacht ag baint leis an bhfocal má: d’fhéadfadh sé go mbeadh sé tamall maith go gcomhlíonfaí gealltanas a tugadh nó go deimhin nach dtarlódh sé ar chor ar bith.

Dá mbeadh sochraid mhór ar dhuine déarfaí go raibh eireaball fada ar an dream sin: gur líonmhar a sliocht is a ngaolta.

Eireaball spideoige an teideal a bhí ar chnuasach filíochta le Seán Ó Ríordáin.

Tá port ceoil ann ar a dtugtar ‘Eireaball na Fáinleoige’.

Tá bláth ann ar a dtugtar eireaball caitín.  Lus na síochána buí atá ag daoine eile air.

Is deacair breith ar dhrioball inniu orthu a déarfaí faoi bhainbh a mbeadh sé deacair a gceannacht de bharr iad a  bheith ró-dhaor.

Déanfaidh sé cat is dá eireaball a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag déanamh gaisce.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal drioball,  eireaball nó earball iontu:

Nuair a thiocfas an samhradh beidh gnó ag an mbó dá heireaball.

Fás síos a dhéanas an aois ar nós eireaball na bó.

Is le gach bó a lao agus is le gach muc a heireaball.

Dá mbeadh eireaball ort ní liomsa a bhogfá é – duine a bheadh i d’aghaidh nó namhaid.

Treabhadh sé as a eireaball féin  anois – déanadh sé a bhealach féin feasta.

A bheith crochta as eireaball duine – a bheith ag rith ina dhiaidh.

Eireabaill a fhágáil ar rud – obair mhíshlachtmhar a dhéanamh.

Ní raibh aige ach greim ar eireaball na heascainne – ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal.

Tá amhrán ann dár tús ‘mise agus tusa agus ruball Shíle Andaí.’ 

‘Mise agus tusa agus drioball na muice agus chuile dhuine eile i gCarna’ a chuala mé i leagan áitiúil de.

‘Tá drioball fada ar má’? Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bíonn drioball fada ar ‘má’…'