Nach deas é? Bhí sé ina scaoil amach mo mhullach ann…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí sé ina scaoil amach mo mhullach ann…

Bhí sé ina scaoil amach mo mhullach ann a déarfaí faoi áit  a mbeadh gleo, clampar, círéib, racán.

D’fhéadfaí a rá freisin go raibh daoine ag dul i mullaí a chéile.

Cath na bpunann ceart a bheadh ann.

Bheadh daoine ag dul i bpíobán a chéile nuair a d’éireodh an siúite níos géire.  Chuaigh sé sa bpíobán aige a déarfaí faoi fhear a raibh greim scóige aige ar fhear eile agus fonn air é a thachtadh.

Focal eile a d’fhéadfaí a úsáid is ea reicstí: bhí sé ina reicstí ann.

Níl áit ar bith dá dtéann sé nach dtarraingíonn sé reicstí an cháil a thabharfaí ar fhear trodach, achrannach.

Bhí sé ina scaoil amach mo mhullach ann. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí sé ina scaoil amach mo mhullach ann…'

  • puililiú!

    Beidh bearád ar iarraidh!

  • marcus

    liútar-éatar

  • Seosamh Ó Cuaig

    Beidh bairéid ar iarraidh atá sa bhfoclóir. Leagan eile: beidh fuil ar smuit agus mailí gearrtha.

  • tom

    Déanfaimid sraitheanna díobh. (An freasúra/an namhaid). Tabharfaimid leath-mharú orthu. Tabharfaimid burdáil/greadadh/stánáil/leadradh dóibh. Lascálfaimid an cac astu. Ní fhágfaimid thíos ná thuas orthu é. Mura mbuaifeam suaithfeam!