Nuair a bheadh an sop séidte bheadh an lasair sa bharrach, bheadh an scliúchas tosaithe.
Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal sop iontu:
Ní bhéarfainn sop tuí ar do chomhrá.
Féar trí shop—drochfhéar ar thalamh bocht.
Diabhal comhaireamh na sop a gheobhaidh siad – diabhal tada.
Níor fhág sé sop ina shrathair—spréach sé le fearg, ag gáirí, le fonn drúise.
Beidh mé agat anois le iontú an tsoip — ar an bpointe boise.
Sop sa leathscáth—leithscéal de rud, sop in áit na scuaibe, duine beag lag.
Sop faoi mo cheann, mo chloigeann, mo shúile – obair chráite imníoch orm.#
Sásamh na sop, sásamh an tsoip – sásamh ar bith.
Níor chuala mé a leithéid ariamh ó caitheadh ar an sop mé – ó rugadh mé.
Bean sna soip – bean ina luí seoil.
Níor bhain mé sop i mbliana – an píosa is lú feamainne
Chuimil sé sop na geire dhe – d’fhág sé ansin é gan aird a thabhairt air níos mó.
Sop a chur ar theach – deasú tuí nó cíbe a chur air.
Tá suaimhneas ar sop aige—tá sé breá sásta leis an saol.
D’imigh sé ina ghal soip—níor mhair sé i bhfad.
Ná santaigh an clóbhas go mbeidh sop ar a bhróga – ná pós é.
Bó sopaí – bó a dtugtaí soip fhéir di lena coinneáil socair nuair a bhítí á bleán.
Is beag an mhaith bainne bó sopaí nuair a dhoirteann sí aríst é.
micheál o gionnáin
Croí na Cloiche
Briseadh croí na cloiche;
Agus is mór é mo chrá
A bheith ag breathnú ar an dream
Nach bhfuil leigheas ar bith ar a dtinneas staire;
Ach iad caite gan meáchan
Isteach sa nua-aois – mar
Sop i mbéal stoirm an tionchair!
Mo dhíomú dhuitse, a Ghall,
Ó bhris tú croí na cloiche
Nár chuir as an saol aithreacha na ndall!
Ach is fearr libh muid fós a chiapadh
Le bhur dteanga bastaird, bhur gcultúr ard:
A goideadh nuair a cuireadh na mílte
Traidisiún chun báis – lena gceann féin a shlánú!
Ach, ba muid féin ba chiontaí
Mar bhí muid ró-uasal móiréiseach uaibhreach.
Le aird a choinneáil ar an mbia
Nó gur sciobadh as ár lámha é:
Ansin tosaíodh dá chaoineadh le golfairt
náireach
An ghaiscígh! ‘gus briseadh croí na cloiche
Rud a d’fhág muid inár sop i mbéal stoirm an tionchair.
Josie Guairim , beannacht Dé leis