NACH DEAS É? Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine…

Inniu an chéad lá de Mheitheamh ach tá muid fós ag fanacht le tréimhse leanúnach gréine.

‘Samhradh samhradh bainne na ngamhna/Thugamar féin an samhradh linn.’

Tá sé buille luath a bheith ag rá an amhráin sin fós.

Mí Mheán an tSamhraidh a thugtaí ar an Meitheamh fadó.

Ní moladh ar fad a dhéantaí ar an samhradh:

Is fial an fómhar, ach is é an samhradh an fear gortach, i.e. go mbíonn torthaí aibí sa bhfómhar ach sa samhradh ní bhíonn siad  ach ag fás. Séasúr gortach a bhí sa samhradh go dtí gur fheabhsaigh an saol.

Bhíodh scáth ar dhaoine faoi mhí Iúil freisin:

‘A Dhia agus a Mhuire cá dtabharfaidh mé m’aghaidh,

Isteach ins an bpoorhouse go n-imí an July.’

I mí July a thiteas na madraí den chlaí le ocras, a deirtí.

Ach fós féin bhítí ag tnúth leis an samhradh de ghnáth. An dea-aimsir a shantaíodh daoine:

Nuair a thiocfas an samhradh beidh gnótha ag an mbó dá heireaball—beidh an aimsir go breá aríst.

Bhí bealaí eile ann lena rá:

Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine.

Éireoidh dusta ar bóithre fós.

Tiocfaidh an lá fos a mbeidh an fiach dubh ag cur a theanga amach.

Tiocfaidh an lá fós a sínfidh muid siar is a mbreathnóidh muid suas.

Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar,

Agus tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh.

Céard faoi seo:

Táid na coilm ag súgradh is an samhradh ag teacht,

Is an bláth ag briseadh trí mhullaí na gcraobh amach.

Dúradh an méid seo in amhrán eile:

Tá na báinseoga seo go cumhra,

Is ní luíonn an drúcht orthu ná an teaspach,

Nó go dtaga an samhradh gléigeal

Beidh mil ag teacht ann ar bharra cranna.

Bhí  dóchas ag an bhfear a rinne an chaint  seo:

Maidin mhoch do ghabhas amach ar bhruach Locha Léin;

An samhradh ’teacht  is an chraobh le n-ais, agus lonradh te ón ngréin.

Níor thada é sin le hais na lúcháire a bhí ar an bhfear a chas é seo:

Tá an samhradh ag sileadh a shéada inniu ar fud Oileán na Naomh,

Tá an ghrian ag soilsiú go gléigeal is ag líonadh le haoibhneas an tír.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal samhradh iontu:

Bó shamhraidh –peata de bhó nó bó lag.

Capall samhraidh nó bó lae Samhna – bíonn siad le tabhairt faoi deara seachas beithígh eile.

Gamhain samhraidh – de bharr go mbíonn an bainne fairsing sa samhradh bíonn an lao sin lag.

Cearca samhraidh nó coileacha fómhair is fearr.

Calm geimhridh nó stoirm shamhraidh – ní mhaireann siad i bhfad.

Samhradh riabhach is fómhar grianmhar.

Níl samhradh dá bhreátha nach dtagann drochlá.

Cara maith lá fada samhraidh.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine…'

  • Larry Phelan

    Gura fada buan tú, a Joe, is ná dearmad an t-uachtar gréine nuair a thiocfaidh an dea-aimsir sin.