Na socruithe fógartha do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann

Fógraíodh tráthnóna na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais a bheidh ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn

Na socruithe fógartha do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann

Beidh go leor de mhuintir na Gaeltachta i measc na sluaite a bheidh ag triall ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo agus Dún na nGall, Ciarraí agus an Ghaillimh ag iarraidh áit a bhaint amach i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Peile na hÉireann.

Fógraíodh tráthnóna na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais a bheidh ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn.

Gaillimh, is túisce de na contaetha Gaeltachta a rachaidh chun páirce agus iad in aghaidh Bhaile Átha Cliath ag 6pm tráthnóna Dé Sathairn.

Tá dúshlán mór roimh Ghaillimh agus curaidh Chúige Chonnacht in aghaidh sheaimpíní na hÉireann.

Níos luaithe tráthnóna Dé Sathairn, ag 4pm, tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Ros Comáin, a raibh bua gan choinne acu in aghaidh Thír Eoghain an tseachtain seo caite.

Ar an Domhnach tabharfaidh Dún na nGall aghaidh ar Lú ag 1.15pm agus beidh Ciarraí á fhéachaint le Doire ag 3.15pm.

Dún na nGall, curaidh Chraobh Uladh, rogha láidir na coitiantachta in aghaidh chontae Lú agus dul chun cinn an-mhór déanta ag na Conallaigh agus iad faoi stiúir Jim McGuinness arís ó thosach an tséasúir.

Sa chluiche ceathrú ceannais deireanach, beidh fonn díoltais ar Dhoire in aghaidh Chiarraí a fuair an ceann is fearr orthu sna babhtaí leathcheannais anuraidh.

Bhí Doire, seaimpíní na sraithe, ag sracadh leo ó thosach na craoibhe ach d’éirigh leo Maigh Eo a chur de dhroim seoil an deireadh seachtaine seo caite nuair a chríochnaigh an réamhbhabhta eatarthu le ciceanna pionóis.

Beidh lucht tacaíochta na Ríochta ag súil go mbeidh a bhfoireann lán-ullamh le dul sa ghleo cé nár cuireadh aon tástáil cheart orthu fós i mbliana agus beidh lucht tacaíochta Dhoire ag súil nach mbeidh a bhfoireann róthraochta i ndiaidh chora crua na craoibhe go dtí seo.

Fág freagra ar 'Na socruithe fógartha do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann'