Ba chóir níos mó ócáidí spóirt a bheith á gcraoladh trí Ghaeilge – An tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go gcuireann craoltaí trí Ghaeilge ar ócáidí spóirt le ‘normalú na teanga’

Ba chóir níos mó ócáidí spóirt a bheith á gcraoladh trí Ghaeilge – An tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta

Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne. Pic: Sasko Lazarov / Photocall Ireland

Tá Aire Stáit na Gaeltachta ag iarraidh go mbeadh tuilleadh cluichí CLG á gcraoladh i nGaeilge ar an teilifís. 

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne, atá freagrach as cúrsaí spóirt chomh maith, go gcuireann craoladh i nGaeilge ar ócáidí spóirt le “normalú na teanga” agus go bhfuil sé i bhfabhar tuilleadh ócáidí a bheith ar fáil i nGaeilge. 

Tá craoladh spóirt i nGaeilge i mbéal an phobail i láthair na huaire agus TG4 le hiarratas a dhéanamh ar chearta chun cluichí i gcraobhacha sinsir peile agus iomána na hÉireann a thaispeáint, an chéad uair go mbeadh cluichí i mórchraobhacha CLG le feiceáil ar an stáisiún Gaeilge. 

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt an tAire Stáit Byrne go raibh sé tábhachtach go ndéantar craoladh i nGaeilge ar chluichí. 

“Tá craoladh spóirt trí Ghaeilge ar an teilifís thar a bheith tábhachtach ó thaobh normalú na teanga. Tá mé i bhfábhar tuilleadh de seo a fheiceáil sa todhchaí,” a dúirt an tAire Stáit. 

Dúirt urlabhraí ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán gur ceist do gach eagras spóirt é bainistiú a dhéanamh ar a gcearta craolacháin agus tráchtála agus gurb amhlaidh do CLG. 

Dúirt Seán Kelly, Feisire Eorpach agus iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, le Tuairisc an tseachtain seo caite gur chóir go mbeadh cluichí craoibhe idirchontae á gcraoladh trí Ghaeilge ar TG4. 

Bíodh na cluichí craoibhe idirchontae i nGaeilge ar TG4 seachas ar GAAGO – IarUachtarán CLG

Dúirt Kelly nach raibh sé “féaráilte” go bhfuil an oiread sin déanta ag TG4 chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach nach raibh na cluichí CLG is mó á gcraoladh acu.  

Dúirt  Kelly go mbeadh sé níos fearr na cluichí a chraoladh ar TG4 ná ar GAAGO, an t-ardán íoc-ar-amharc a bhíonn á reáchtáil ag RTÉ i gcomhar le CLG. 

Tá iarratais á lorg ag CLG chun na cearta a fháil do chuid de na cluichí craoibhe a craoladh go heisiach ar GAAGO le cúpla bliain anuas. Tá dhá phacáiste ar fáil, ceann ocht gcluiche agus ceann eile sé chluiche agus tuigtear go bhfuil sé i gceist ag TG4 tairiscint a dhéanamh chun ar a laghad ceann acu a cheannach. 

Deir Kelly chomh maith gur cheart cluichí ceannais na hÉireann a bheith aitheanta ag an Rialtas mar ócáidí ar gá iad a chraoladh saor in aisce i nGaeilge chomh maith le Béarla. 

Tá an moladh céanna déanta ag Sinn Féin agus ag TG4 féin roimhe seo. 

Tá cluichí ceannais sinsir na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh agus Corn Sacair an Domhain uile i measc na n-ócáidí atá ar liosta na n-imeachtaí ainmnithe i láthair na huaire, ach níl aon dualgas ann go gcraolfaí i nGaeilge iad. 

Reáchtáil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán comhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana maidir leis na himeachtaí ar chóir a bheith ainmnithe ar an liosta. 

Fág freagra ar 'Ba chóir níos mó ócáidí spóirt a bheith á gcraoladh trí Ghaeilge – An tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta'