Na socruithe ar fad déanta don tsraith agus do chraobhacha peile agus iomána na gcúigí

Cuirfear tús leis na craobhacha iomána agus peile ar an 26 agus 27 Meitheamh

Na socruithe ar fad déanta don tsraith agus do chraobhacha peile agus iomána na gcúigí

Niall Scully (Áth Cliath) agus Aaron Gillane (Luimneach). Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níl ach cúpla seachtain nó go bhfillfidh cluichí Chumann Lúthchleas Gael agus socruithe maidir leis na comórtais sraithe agus craoibhe idirchontae fógartha an tseachtain seo.

Is iad iománaithe na Gaillimhe an chéad dream a rachaidh chun páirce i mbliana le haghaidh a thabhairt ar an Iarmhí Dé Sathairn, an 8 Bealtaine, sa chéad bhabhta i Roinn 1. Leo i nGrúpa A, tá Luimneach, seaimpíní na sraithe agus na hÉireann 2020, agus Tiobraid Árann, a thabharfaidh faoina chéile an tráthnóna sin freisin. Imreoidh an dá fhoireann eile sa ghrúpa, Corcaigh agus Port Láirge, in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh, an 9 Aibreán.

Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseachtain dár gcionn. Beidh cluiche mór i dTrá Lí mar a dtabharfaidh Ciarraí agus Gaillimh aghaidh ar a chéile. Tá na foirne sin i Roinn 1 Theas le hÁth Cliath agus Ros Comáin, a bheidh ag imirt Dé Domhnaigh.

I Roinn 1 Thuaidh, Tír Eoghain agus Dún na nGall a imreoidh a chéile sa chéad bhabhta agus beidh Muineachán in aghaidh Ard Mhacha.

I Roinn 2 Thuaidh, imreoidh Maigh Eo in aghaidh chontae an Dúin sa chéad bhabhta agus beidh contae na Mí ag imirt i gcoinne na hIarmhí. I Roinn 2 Theas, imreoidh Corcaigh in aghaidh Chill Dara agus beidh Port Láirge le Ceatharlach i Roinn 4 Theas.

Cluiche mór peile a bheidh againn ar an 23 Bealtaine nuair a chasfaidh Áth Cliath agus Ciarraí ar a chéile i Staid Semple. Seachtain ina dhiaidh sin imreoidh seaimpíní na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe i dTuaim.

Tá socruithe na gcluichí sraithe iomána agus peile uile le feiceáil anseo.

Seilbh ar an liathróid buaite ag Brian Howard (Áth Cliath). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Rinneadh an tarraingt do chraobhacha iomána agus peile na gcúigí an tseachtain seo chomh maith agus fios ag na foirne cé air a mbeidh siad ag tabhairt a n-aghaidh nuair a chuirfear tús leis na craobhacha an samhradh seo.

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Shinsir Peile Uladh agus bóthar níos faide roimh Dhún na nGall ná contaetha eile más leo babhtaí ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Imreoidh na Conallaigh in aghaidh an Dúin sa réamhbhabhta i gCraobh Uladh agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Dhoire. Imreoidh seaimpíní na bliana anuraidh sa chúige, an Cabhán, i gcoinne Thír Eoghain sa gcluiche ceathrú ceannais eile.

Den chéad uair ó 2013 imreoidh Ciarraí cluiche ceathrú ceannais i gCraobh na Mumhan i mbliana agus An Clár rompu. Ach an ceann sin a thabhairt leo, Tiobraid Árann a bheidh rompu sa chluiche leathcheannais. Imreoidh Corcaigh in aghaidh bhuaiteoirí an chluiche idir Port Láirge agus Luimneach.

I gCúige Chonnacht, casfaidh Maigh Eo ar Shligeach sa bhabhta ceathrú ceannais. Imreoidh Ros Comáin agus Gaillimh in aghaidh a chéile i gcluiche leathcheannais amháin.

Cuirfidh seaimpíní na hÉireann Áth Cliath tús lena bhfeachtas craoibhe in aghaidh Chill Mhantáin nó Loch Garman sna babhtaí ceathrú ceannais. Imreoidh fir na Mí in aghaidh Cheatharlach nó an Longfoirt sna babhtaí céanna.

Ní bheidh aon chluichí cáilithe ann i gcraobh peile na bliana seo agus beidh a rás sa gcomórtas rite ag foirne chomh luath agus a chaillfidh siad a gcéad chluiche.

San iomáint, beidh cúldoras ann d’fhoirne a chailleann cluiche i gcraobhacha na gcúigí, mar a bhí anuraidh.

Imreoidh seaimpíní na hÉireann in aghaidh Chorcaí i gceann de chluichí leathcheannais na Mumhan. Casfaidh Tiobraid Árann ar Phort Láirge nó ar chontae an Chláir sa chluiche leathcheannais eile.

Tá cead ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais faighte ag Cill Chainnigh agus Gaillimh i gCraobh Laighean. Imreoidh na Gaillimhigh in aghaidh Átha Cliath nó Aontroma agus is i gcoinne Loch Garman nó Laoise a bheidh na Cait.

Cuirfear tús leis na craobhacha iomána agus peile ar an 26 agus an 27 Meitheamh.

Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar an 21/22 Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin, ar an 28/29 Lúnasa.

Craobh Shinsir Peile

Mumhan

Connacht

Laighean

Uladh

Babhtaí Ceathrú Ceannais Babhta Ceathrú Ceannais Babhta a hAon Réamhbhabhta
An Clár v
Ciarraí
Maigh Eo v
Sligeach
Uíbh Fhailí v
An Lú
An Dún v
Dún na nGall
Port Láirge v
Luimneach
Babhtaí Leathcheannais Cill Mhantáin v
Loch Garman
Babhtaí Ceathrú Ceannais
Babhtaí Leathcheannais Liatroim v
Maigh Eo/Sligeach
Ceatharlach v
An Longfort
Doire v
An Dún/Dún na nGall
Tiobraid Árann v
An Clár/Ciarraí
Ros Comáin v
Gaillimh
Cluiche Ceathrú Ceannais Ard Mhacha v
Aontroim
Corcaigh v
Port Láirge/Luimneach
Cluiche Ceannais – 24/25 Iúi Cill Dara v
Uíbh Fhailí/An Lú
Muineachán v
Fear Manach
Cluiche Ceannais – 25 Iúil Áth Cliath v
Cill Mhantáin/Loch Garman
Tír Eoghain v
An Cabhán
Laois v An Iarmhí Babhtaí Leathcheannais
An Mhí v
Ceatharlach/An Longfort
Cluiche Ceannais –
31 Iúil/1 Lúnasa
Babhtaí Leathcheannais
Babhtaí Ceannais –
31 Iúil/1 Lúnasa

Craobh Shinsir Iomána

Mumhan

Connacht

Babhtaí Ceathrú Ceannais Babhtaí Ceathrú Ceannais
An Clár v
Port Láirge
Áth Cliath v Aontroim
Babhtaí Leathcheannais Loch Garman v Laois
Luimneach v
Corcaigh
Babhtaí Leathcheannais
Tiobraid Árann v
An Clár/Port Láirge
Cill Chainnigh v
Loch Garman/Laois
Cluiche Ceannais – 18 Iúil Áth Cliath/Aontroim v
Gaillimh
Cluiche Ceannais – 17 Iúil

 

Fág freagra ar 'Na socruithe ar fad déanta don tsraith agus do chraobhacha peile agus iomána na gcúigí'