Na scéalta bréagacha faoin vacsaín fós á scaipeadh mar a bheadh víreas ann

Agus an feachtas nua sláinte díreach tosaithe tá go leor de na drochscéalta fírinneacha ligthe i ndearmad ag daoine

Na scéalta bréagacha faoin vacsaín fós á scaipeadh mar a bheadh víreas ann

Fuair mé cuireadh an lá cheana nach raibh aon súil agam leis. Cúntóir sa chlinic leighis a chuir glaoch orm ag tabhairt cuireadh dom chun na vacsaíní fliú agus Covid a fháil, an lá ina dhiaidh sin. Ghlac mé leis an gcuireadh, ar an mbonn go mbíonn sé deacair in amanna, coinne a fháil sa gclinic céanna.

Ach fós féin, ní raibh mé cinnte. Ní hé go raibh drogall orm roimh vacsaíní, ach mheas mé nach raibh sé an-fhada ó fuair mé an ceann deireanach le haghaidh Covid.

‘Ná fiafraigh díomsa,’ a deir an cúntóir. ‘Tá d’ainm ar an liosta – sin an méid atá ar eolas agamsa faoi.’

M’ainm ar liosta? Sin dea-chomhartha, a dúirt mé liom féin. Agus ar aghaidh liom ag an am a tugadh dhom. Ní raibh ach duine nó beirt eile romham.

Mhínigh an dochtúir an scéala dhom. ‘Seo an vacsaín don gheimhreadh,’a dúirt sé. ‘Agus chomh maith leis sin, toisc go mbíonn an víreas ag síorathrú, seo an vacsaín don leagan is deireanaí atá ag scaipeadh.’

Ag scaipeadh – sin rud a bhfuil mé cinnte faoi. Níl lá nach gcloisim scéal faoi chairde nó comhghleacaithe atá buailte le Covid. Bhí beirt i láthair ‘ar zúm’ ag cruinniú oibre le deireanas toisc go raibh an víreas ag cur as don bheirt acu. Gach seachtain bíonn daoine as láthair ón gclub bád dragan toisc go bhfuil siad thíos leis freisin.

Bhí mé ag caint le duine a oibríonn in ospidéal mór i mBaile Átha Cliath le gairid a dúirt liom go raibh an Roinn Éigeandála plódaithe le hothair a raibh drochdose den víreas orthu. Cloisim go bhfuil an líon sin laghdaithe ó shin, ach le teacht na drochaimsire, cá bhfios nach dtarlóidh sé arís?

 

Mar sin, chuir sé an-iontas orm nuair a d’fhill mé ar an seomra feithimh agus dúirt fear ansin, a bhí go maith amach sna blianta, sna hochtóidí b’fhéidir, nach raibh sé chun an t-instealladh a ghlacadh.

Bhí dhá mhaide aige agus ba ar éigean a bhí sé in ann seasamh ná siúl. ‘Tá mé chun an ceann (vacsaín) le haghaidh an fliú a fháil ach ar ór ná ar airgead, níl mé ag glacadh le ceann an Covid,’ arsa seisean agus é ag tarraingt leathanach nuachtáin amach as a phóca.

‘An bhfeiceann tú é sin?’ d’fhiafraigh sé díom. Bhí an scéal feicthe agam ceart go leor agus ag an am, bhuail an smaoineamh mé go mb’fhéidir nach ndéanfadh sé aon mhaith do chúrsaí vacsaínithe ar fud na tíre.

Coiste Cróinéara a bhí á thuairisciú, faoi Roy Butler, leaid óg 23 bliain d’aois, a fuair bás go tobann le rith fola san inchinn i bPort Láirge, sa mbliain 2021. Ní raibh sé tinn roimhe sin, ná níor léir go raibh aon chúis ar leith lena bhás tragóideach. Dúradh le linn na héisteachta go raibh sé tar éis an vacsaín a fháil cúig lá roimhe sin agus ardaíodh an cheist – an raibh aon bhaint idir é sin agus a bhás tobann? Ní raibh na saineolaithe in ann a rá go raibh nó nach raibh.

Thug finné ar son an chomhlacht drugaí Janssen (Johnson & Johnson) fianaise agus dúirt gur mheas siadsan nach bhféadfaí a rialú gur ‘bás de bharr míthapa leighis’ a bhí ann, toisc go bhféadfaí míthuiscint a bhaint as sin. Dúirt an Cróinéir go dtabharfadh sé a bhreithiúnas amach anseo.

Bhí na míthuiscintí ag teacht go tréan ó mo dhuine sa seomra feithimh. In imeacht cúpla nóiméad, luaigh sé ‘dochtúir ar ardcháilíocht, duine an-cháiliúil ‘– nach raibh sé in ann a ainmniú, ‘a mhaígh nach raibh aon mhaith leis an vacsaín‘. Luaigh an fear ‘cásanna go leor’ de dhaoine a fuair bás leis, agus ansin thosaigh sé ar na poitigéirí.

‘An bhfuil a fhios agat go bhfuil saibhreas déanta ag an dream a dhíolann iad seo sna siopaí poitigéirí?’ a dúirt sé. Ba léir nach raibh seisean chun cuidiú leis an slad sin.

Ach ina dhiaidh sin féin bhí sé chun an vacsaín in aghaidh an fliú a fháil.

‘An bhfuil a fhios agat go bhfuil an galar Covid ag scaipeadh arís?’ a d’fhiafraigh mé de. Ní raibh a fhios aige. Stad sé ar a bhealach isteach chuig an dochtúir. Rinne mé iarracht a mhíniú dó go bhféadfadh duine bás a fháil le rith fola, agus go mb’fhéidir nach mbeadh baint ar bith aige sin le vacsaín ná le haon rud a tharla don duine le cúpla lá roimhe sin.

Agus go bhféadfadh duine (níor dhúirt mé ‘duine níos sine a bhfuil máchail éigin ar a dhá chos agus deacrachtaí sláinte aige’), bás a fháil ón ngalar nó ar a laghad ar bith a bheith sa riocht go mbeadh sé ag iarraidh leaba a aimsiú sa Roinn Éigeandála in éineacht leis na sluaite eile.

Ní choisceann an vacsaín an galar go hiomlán ach coinníonn sé ón mbás tú. Sin teachtaireacht a chaithfear a chraobhscaoileadh arís, tá faitíos orm.

Agus an feachtas nua sláinte díreach tosaithe, tugaim faoi deara go bhfuil go leor de na drochscéalta fírinneacha ligthe i ndearmad ag daoine. Tá an ráta vacsaínithe in aghaidh an Covid imithe in ísle chuile bhliain ó tháinig sé ar an saol i dtosach. Ceapadh an t-am sin gur míorúilt a bhí ann. Is cuimhin liom na scuainí móra fada i Staid an Aviva agus an slua mór cúntóirí agus daoine ag obair go deonach chun a dhéanamh cinnte go bhfuaireamar ar fad í.

Agus mo dhuine imithe isteach chuig an dochtúir, d’fhiafraigh mé den bhean óg le mo thaobh an raibh sise á thionlacan.

‘Ó, níl,’ dúirt sí. ‘Tá mise i m’aonar. Is altra mé ach chomh maith leis sin, buaileadh tinn le Covid mé sula raibh aon vacsaín ann agus bhí mé go dona ar feadh sé seachtaine – bhí mo chuid scamhóg ‘trí thine’ leis. Meastar gur duine ‘leochaileach’ mé.’

Sháigh an cúntóir a cloigeann amach trí oscailt i mballa na hoifige. ‘Is mac léinn leighis mise agus tá mé ag obair sa gclinic ar feadh tréimhse.’ Thosaigh sí ag inseacht dúinn faoin gcineál vacsaíne a bhí ar fáil anois, agus chomh maith leis sin, cén fáth a raibh sí á tabhairt amach, fiú do dhaoine a raibh ceann faighte acu cúpla mí roimhe sin.

Ach nach maith nach raibh ceachtar acu sásta a gclab a oscailt agus an fear eile ag casaoid faoi sin ar fad? Ní mian le daoine argóint a thosú ná ní mian leo dul i gcoinne thoil na ndaoine, is dócha.  Ach nach mar sin a scaiptear na scéalta bréagacha?

Fág freagra ar 'Na scéalta bréagacha faoin vacsaín fós á scaipeadh mar a bheadh víreas ann'

  • Léitheoir Eile

    Tuigim gur mian leis an údar a bheith cúramach airdeallach faoina sláinte ach níor chóir di beag is fiú a dhéanamh de na frithghníomhartha éagsúla is féidir a bheith bainteach leis na vacsaíní trialacha i gcoinne Covid. Tá na hirisí móra leighis lán le staidéir anois a thugann le fios go bhféadfadh fadhbanna teacht as na vacsaíní i gcásanna áirithe, agus go deimhin gur tharla a leithéid go minic le linn na paindéime. Is sláintiúil an rud é an fhírinne iomlán chomh maith.

  • Fiachra Ó Donnchadha

    Tá níos mó ná taobh amháin le gach scéal – glac nó fág. Tá teacht ar dhocaiméad a chuir Pfizer féin ar fáil don FDA i SAM. Admhaítear anseo go bhfuair 1,223 duine bás tar éis an ceann seo a ghlacadh – féach an tábla ar lch. 7. Féach freisin ar na “Conclúidí” sna táblaí ar agus ar aghaidh ó lch. 10 áit a nadmhaítear torthaí mí-thaineamhacha eile ón t-snáthaid sin.

    Scaoileadh an docaiméad seo (agus mórán eile lena chois) tar éis cás cúirte faoi shaoráil faisnéise. Rinne an FDA agus Pfizer dian iarracht an t-eolas seo a choiméad faoi rún ar feadh 75 bliain in aineoin gur éigean faoi dhlí na tíre sin an t-eolas a scaoileadh leis an saol fódhlach nuair a tugtar faobha (murab ionann agus údarú éigeandála) do earra leighis. Tá teacht air seo agus docaiméidí eile (cinn Mhoderna san áireamh) .

    Ná creid mise! Ceistigh gach rud. Déan do chuid taighde féin agus tar ar do thuairim féinig.

    I.S. Má tá ainmneacha dhochtirí ón údar tá fáilte roimpi dul i dteagmháil liom. Tá taifead san oifig de mo ríomh-sheoladh go dtugaim mo chaoin chead a roinnt lei.