Na Rúisigh ag leanúint leis na diúracáin, ach níl spiorad na hÚcráine briste

Níl mórán dul chun cinn déanta ag ceachtar taobh sa chogadh ó mhí na Samhna agus an méid céanna talún gafa ag an dá fhórsa ó thús na bliana

Na Rúisigh ag leanúint leis na diúracáin, ach níl spiorad na hÚcráine briste

Ba léir ag tús na bliana go raibh dhá chéim chinniúnacha den chogadh san Úcráin ar na bacáin.

Ba léir go raibh na Rúisigh ar tí feachtas ionsaithe nua a sheoladh tar éis dóibh tarraingt siar ó bhruach thiar abhainn an Dnipro anuraidh. Ba léir freisin go seolfadh na hÚcránaigh feachtas frith-ionsaithe iad féin dá n-éireodh leo cosaint a dhéanamh i gcoinne fheachtas na Rúiseach.

Sheol na Rúisigh feachtas fud fad na líne coimhlinte ag deireadh mhí Eanáir. Níor éirigh leo mórán dul chun cinn a dhéanamh seachas i Bakhmut, cathair ar ghlac siad seilbh uirthi faoi dheireadh mhí na Bealtaine.

Chuaigh na hÚcránaigh ar an ionsaí ag tús mhí an Mheithimh sa deisceart agus san oirthear timpeall Bakhmut. Tá siad ar an ionsaí le beagnach trí mhí anois ach níl an dul chun cinn a bhí beartaithe acu bainte amach go fóill.

Seachas roinnt sráidbhailte beaga a d’athghabh siad sa deisceart sa chéad choicís de mhí an Mheithimh níl chéad líne chosanta na Rúiseach bainte amach acu ach in áit amháin. Seans go mbrisfidh siad tríd an líne anseo sula i bhfad ach in áiteanna eile tá siad fós ag streachailt níos mó ná deich gciliméadar ón gcéad líne agus tá thart ar 100 ciliméadar le taisteal sula sroicheann siad cósta thuaidh Mhuir Azov.

Bhí orthu a gcuid teaicticí a athrú. D’éirigh siad as na hionsaithe armúrtha agus faoi láthair tá siad dírithe ar ionsaithe coisithe ar scála beag chun na Rúisigh a ionsaí.

Deacrachtaí

Tá deacrachtaí leis an gcur chuige seo. Chun na Rúisigh a ionsaí caithfidh siad loig mhianach a thrasnú ach in áiteanna caithfidh na sásairí Úcránacha lámhacán ar a lámha agus a gcosa chun na mianaigh a ghlanadh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé thar a bheith deacair orthu talamh a athghabháil go tapa.

Tá na hÚcránaigh idir dhá thine Bhealtaine, má leanann siad leis na hionsaithe coisithe ní bheidh siad in ann ach dul chun cinn fíorbheag a dhéanamh agus níos tábhachtaí beidh na Rúisigh in ann cur leis na cosaintí níos faide ón bhfronta.

Má fhilleann siad ar na hionsaithe armúrtha beidh a gcuid fórsaí armúrtha i mbaol mar gheall ar loig mhianach, lámhach airtléire agus fritancanna. Mar gheall air seo seans nach mbeidh siad in ann an deis a thapú má bhriseann siad tríd na línte cosanta.

Tá siad ag leanúint leis na hionsaithe coisithe agus ina theannta sin tá siad tar éis cur leis na hionsaithe ar fhórsa airtléire agus línte soláthair na Rúiseach sa tsúil go lagófar an córas cosanta. Má tharlaíonn sé sin rachaidh siad ar an ionsaí ar scála mór arís.

Cé go bhfuil siad tar éis a lán gunnaí airtléire a scriosadh tá go leor córas airtléire ag na Rúisigh. Roimh an gcogadh measadh go raibh thart ar 17,000 gunna airtléire coimeádta i dtaisce acu, roimh thús an tsamhraidh measadh go raibh 11,000 gunna fós coimeádta i dtaisce.

Cé go bhfuil ionsaithe éifeachtacha déanta ag na hÚcránaigh ar línte soláthair na Rúiseach, go háirithe ar na droichid idir an Chrimé agus na críocha gafa, bhí na Rúisigh in ann teacht ar fhreagraí ar na hionsaithe seo. Nuair a scriosadh na droichid thóg na Rúisigh droichid phontúin ina n-áit. Má éiríonn leis na hÚcránaigh na pontúin a ionsaí gach seans go mbainfidh na Rúisigh úsáid níos mó as na calafoirt ar chósta thuadh Mhuir Azov chun a gcuid trúpaí a athsholáthair sa deisceart.

Láithreacha cogaidh eile

Nuair a chuaigh na hÚcránaigh ar an ionsaí ar na cliatháin timpeall Bakhmut d’éirigh leo talamh a athghabháil chun brú a chur ar na Rúisigh sa chathair. Bhí cinneadh le déanamh acu: trúpaí athneartaithe a bhí coimeádta mar fhórsa cúltaca don fheachtas sa deisceart, a chur chun catha agus an deis a thapú. Dhiúltaigh siad don chathú sin.

Idir an dá linn bhí na Rúisigh in ann trúpaí breise a imlonnú chuig Bakhmut agus tá siad tar éis dul chun cinn na nÚcránach a stopadh. Níos measa fós do na hÚcránaigh tá deis ag na Rúisigh córas cosanta a thógáil taobh thiar den chath díreach mar a rinne siad sa deisceart.

San oirthuaisceart timpeall chathair Kupyansk chuaigh na Rúisigh ar an ionsaí chun trúpaí Úcránacha a mhealladh ón bhfeachtas sa deisceart. D’éirigh leo talamh a ghabháil agus tá na hÚcránaigh tar éis trúpaí breise a imlonnú chuig an láthair chogaidh.

San iardheisceart tá na hÚcránaigh tar éis cur leis na hionsaithe ar bhruach thoir abhainn an Dnipro. Tá comharthaí ann gur chuir siad leis an gceann droichid beag a d’éirigh leo a chruthú thar an abhainn. Má éiríonn leo an ceann droichid a fhorbairt seans go mbeidh deis acu trúpaí a bhogadh trasna na habhann rud a chuirfeadh iallach ar na Rúisigh a gcuid fórsaí a scaipeadh amach fud fad na líne coimhlinte.

Sáinn mhíleata

Léiríonn feachtas ionsaithe na Rúiseach agus feachtas frith-ionsaithe na nÚcránach go bhfuil deacrachtaí ag an dá fhórsa ionsaithe armúrtha ar scála mór a dhéanamh agus go bhfuil siad níos compordaí ar an gcosaint ná ar an ionsaí.

Níl mórán dul chun cinn déanta ag ceachtar acu ó bhí mí na Samhna anuraidh ann agus ó thus na bliana tá an dá fhórsa tar éis an méid céanna talún a ghabháil.

Cé go bhfuil na Rúisigh ag leanúint leis na hionsaithe diúracáin ar chathracha ar fud na tíre níl comharthaí ar bith ann go bhfuil spiorad na hÚcráine briste. Cé go bhfuil na hÚcránaigh ag cur leis na hionsaithe ar línte soláthair na Rúiseach sna críocha gafa níl tionchar suntasach le feiceáil dá bharr ar chóras cosanta na Rúiseach go fóill. Tar éis bliain go leith de chogadh brúidiúil is deacair a rá ag an bpointe seo nach bhfuil an cogadh i sáinn.

Tá ceithre éileamh ag na hÚcránaigh: na críocha gafa a fháil ar ais, cúiteamh a fháil ó na Rúisigh as an scrios atá déanta acu ar an tír, na páistí díbeartha a fháil ar ais agus barántais slándála a fháil. Mura n-éiríonn leo an ceangal talún idir an Donbas agus an Chrimé a bhriseadh, ní bhogfaidh na Rúisigh. Ní hamháin go mbeidh an choimhlint i sáinn mhíleata beidh sí i sáinn taidhleoireachta chomh maith go ceann i bhfad.

Fág freagra ar 'Na Rúisigh ag leanúint leis na diúracáin, ach níl spiorad na hÚcráine briste'

  • Gabriel Rosenstock

    Feictear domsa go bhfuil daoine ag baint taitnimh as an gcogadh seo, an taitneamh céanna a bhaineann siad as scannáin chogaidh. Is geall le handúileachas é. Saighdiúirí na hÚcráine, cuir i gcás, nuair a ghlacann siad sos beag ón sléacht ar fad, cad a dhéanann siad? Bíonn cluichí tancanna ar bun acu ar a gcuid ríomhairí táibléid. Ar mo leabhar! Tá leabhar filíochta á scríobh agam féin i láthair na huaire atá bunaithe ar cheannlínte an New York Times, nuachtán atá ag tacú le cogaí le blianta fada, agus seo thíos ceann de na ceannlínte a bhí acu le déanaí:
    Even in War, Ukrainian Soldiers Find Time for World of Tanks Video Game.
    Bhí coincheap ag Johan Galtung agus Iriseoireacht na Síochána a thugtar ar an gcoincheap sin.
    Measaimse gur Iriseoireacht na Cogaíochta atá ar siúl ag Tuairisc agus ag meáin na tíre seo i gcoitinne, i bhfocail eile cur síos ar an gcoimhlint seachas ar an réiteach. Fáidh eile de chuid Iriseoireacht na Síochána ab ea Dorothy Day agus an nuachtán a bhunaigh sí, an Catholic Worker.
    Tá alt cuibheasach cuimsitheach ag Wikipedia faoi Iriseoireacht na Síochána agus is fiú staidéar a dhéanamh air:
    https://en.wikipedia.org/wiki/Peace_journalism

  • Thall sa Fhrainc

    Bheadh orm a rá go n-aontaím le Gabriel anseo thuas. Tá cur síos ar an gcogadh féin de dhíth cinnte ach feictear dom nach mbíonn mórán iriseoirí ná colúnaithe ag cur chun cinn na bealaí inár féidir deireadh a chur leis an gcoimhlint.

  • Garry Bannister

    Is fíor duit, Gabriel, ach rachainnse níos faide ná sin. Déarfainn féin gurb é an tIarthar atá ina phríomhchúis don chogadh fuilteach seo san Úcráin. Cad faoin coup míleata a bhí eagraithe ag an CIA i gCív sa bhliain 2014 inar cuireadh Yanukovych as cumhacht? Cad faoi Minsk 1 agus Minsk 2? Cén fáth nár chloígh rialtais an Iarthair le téarmaí síochána na gconarthaí sin? Cén fáth nach raibh focal le cloisteáil faoi bhombardaíocht agus faoin sléacht síoraí a bhí ar siúl ar feadh seacht mbliana in Oirthear na hÚcráine ag fórsaí ASOV? Cén fáth nuair a bhí an conradh síochána sínithe ag Zelenskí le Putin i dtosach an chogaidh uafásaigh seo gur tháinig Boris Johnson chun na hÚcraine le stop a chur leis? Tá na mílte Úcránach agus Rúiseach óg ag fáil bháis de dheasca an tseach-chogaidh seo idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis. Caithfear am éigin stop a chur leis an amaidí fhuilteach seo trí chainteanna síochána agus ba cheart do Rialtas na hÉireann ár neodracht pholaitiúil a úsáid chun saíocht agus ciall na síochána a chur chun cinn ar an stáitse domhanda.

  • Máire

    Alt meáite eile ó shaineoalaí faoi ábhar a shaineolais.

  • Gabriel Rosenstock

    Más é an Máirtín Ó Duibhir céanna é ar iaroifigeach airm é, ní haon ionadh gur saineolaí é, mar a deir Máire. Tá mo phointese cruthaithe aici, i.e. is é an taobh míleata den chogadh atá á chlúdach ag Tuairisc.ie.
    Tá fonn ar a lán againn an taobh frithmhíleata a chlos agus mura bhfuil éinne ann a dhéanfaidh é, déanfaidh mé féin é ach an cuireadh a fháil.

  • Máire

    Ba bhreá liom ar deireadh plean síochána Gabriel a léamh.