Na Náisiúin Aontaithe buartha faoi ‘coir in aghaidh na daonnachta’ Iosrael

Deir oifig cearta daonna na Náisiún Aontaithe go bhféadfadh gurbh ionann ordú Iosrael agus 'aslonnú sibhialtach le fórsa’, coir faoin dlí idirnáisiúnta

Na Náisiúin Aontaithe buartha faoi ‘coir in aghaidh na daonnachta’ Iosrael

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh gur beart mídhleathach agus coir in aghaidh na daonnachta é ordú Iosrael do dhaoine in Gaza aslonnú.

Dúirt oifig cearta daonna na Náisiún Aontaithe go bhféadfadh gurbh ionann an t-ordú agus ‘aslonnú sibhialtach le fórsa’, coir faoin dlí idirnáisiúnta.

“Táimid buartha go bhféadfadh an t-ordú seo, in éineacht leis an léigear iomlán ar Gaza, a bheith níos mídhleathaí ná aslonnú sealadach agus dá bharr sin go bhféadfadh gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta é,” a dúirt Ravina Shamdasani, urlabhraí ó Oifig um Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe.

Is é atá i gceist le “aslonnú le fórsa” ná aslonnú éigeantach sibhialtach agus coir in aghaidh na daonnachta é ar féidir pionós a ghearradh dá bharr sa chúirt choiriúil idirnáisiúnta.

Tá na Náisiúin Aontaithe ag impí ar Iosrael go dtabharfaí cead isteach go dtí Gaza do ghníomhaireachtaí cabhracha idirnáisiúnta chun fóirithint ar mhuintir an cheantair a bhfuil tubaiste dhaonnúil ag bagairt orthu.

Ina ráiteas dúirt Ravina Shamdasani go gcaithfí fiosrúchán neamhspleách a dhéanamh ar na hionsaithe ar shibhialtaigh agus iad ar a slí ag éalú as na ceantair in Gaza a ordaíodh dóibh a fhágáil.

D’iarr sí freisin go scaoilfí saor “láithreach agus gan aon choinníoll” na gialla Iosraelacha ar fad. De réir na dtuairiscí is déanaí is thart ar 199 duine atá ina ngialla ag Hamas.

Tá cuid mhór foirgneamh ar fud Gaza leagtha go talamh ag ionsaithe Iosrael ón aer agus gan aon stad orthu go fóill.

I ndeisceart Gaza inniu ag cuardach sa smionagar atá daoine tar éis na n-ionsaithe a rinneadh ar fhoirgnimh in Khan Younis agus Rafah aréir.

Tá sé á rá ag eagraíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil tubaiste ag bagairt ar an gceantar agus soláthar beatha, uisce agus breosla ar an ngannchuid.

Tá Khan Younis bainte amach ag na mílte, daoine ar bhagair Iosrael orthu imeacht as an taobh ó thuaidh mar go raibh faoin rialtas sin ionsaí a dhéanamh ar Gaza.

Tá óg is aosta ina gcodladh amuigh faoin spéir ar an tsráid, tá uisce gann agus tá scuainí ag na bácúis ag súil le beagán aráin a fháil.

Tá cosc curtha ag Iosrael ar aon soláthar bia, uisce, breosla is leictreachais isteach go Gaza ón 7 Deireadh Fómhair nuair a rinne Hamas sléacht in Iosrael.

Séanann údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil aon ghéarchéim dhaonnúil in Gaza agus áitíonn siad go bhfuil soláthar uisce agus leictreachais ar fáil ann.

Tá rún ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden cuairt a thabhairt ar Iosrael amárach chun a thacaíocht don tír a léiriú. Deirtear go gcuirfidh na húdaráis ansin ar an eolas é faoina gcuid pleananna le hionsaí talún a dhéanamh ar Gaza.

Tá taidhleoirí idirnáisiúnta ag iarraidh teacht ar shocrú faoina bhféadfaí teacht i gcabhair ar mhuintir Gaza le soláthairtí riachtanacha agus lucht fóirithinte a ligean isteach slán sábháilte agus eachtrannaigh a scaoileadh amach.

Fág freagra ar 'Na Náisiúin Aontaithe buartha faoi ‘coir in aghaidh na daonnachta’ Iosrael'