Na Muimhnigh ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Northampton

Anocht imreoidh Cúige Uladh i gCorn na gCuradh agus Cúige Chonnacht i gCorn an Dúshláin agus seans maith ar bhua ag an dá fhoireann

Na Muimhnigh ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Northampton

Ach toradh chluiche na nUltach a chur as an áireamh, is cinnte go raibh deireadh seachtaine iontach ag na trí chúige eile sa dá chomórtas Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite.

Bua le naoi n-úd ag na Connachtaigh, aiséirí dochreidte sa dara leath ag na Muimhnigh -toradh a chinntigh bua baile eile dóibh ar fhód naofa Thuamhan – agus Cúige Laighean ag cur an tsean-namhaid La Rochelle ó dhoras ar a bhfód féin sa bhFrainc.

Seachas tubaiste i gcluichí Bhabhta 4 an deireadh seachtaine seo, is deacair a shamhlú nach mbeidh buntáiste baile ag Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean sna babhtaí dícháilithe a bheas á n-imirt ag tús mhí an Aibreáin. Níl Cúige Mumhan gan seans ar an sprioc sin ach oiread ag brath ar thoradh chluiche an lae amárach i gcoinne Northampton. Tuilleadh faoi sin ar ball beag.

Seans gur imirt sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, an t-aon chrios slándála atá i ndán do na hUltaigh, sin má éiríonn leo an lámh in uachtar a fháil ar Exeter i mBéal Feirste anocht. Tá Cúige Uladh agus Exeter fós ar thóir a gcéad bhua as trí iarracht agus iad sa gcúigiú agus sa séú háit ar thábla Ghrúpa 1 de Chorn na gCuradh agus gan seans ag ceachtar acu áit a fháil sna babhtaí dícháilithe.

Ach tá aistriú chun imirt i mbabhta dícháilithe Chorn an Dúshláin ar fáil do na foirne a chríochnaíonn sa gcúigiú háit ar thábla na ngrúpaí i gCorn na gCuradh tar éis cluichí Bhabhta 4. Tá Cúige Uladh sa gcás sin faoi láthair. Fiú agus iad ag imirt chomh dona agus atá faoi láthair, níl cúis ar bith nach féidir leo Exeter a chloí anocht agus fanacht sa gcúigiú háit.

Amárach, tabharfaidh an dá fhoireann atá ar bharr Ghrúpa 3 de Chorn na gCuradh, Northampton atá sa gcéad áit agus Cúige Mumhan atá pointe amháin chun deiridh orthu sa dara háit, faoina chéile i Sasana. Tá Northampton cinnte cheana féin go mbeidh áit acu sna babhtaí dícháilithe ach an mbeidh buntáiste imirt sa mbaile acu?

Má thugann Cúige Mumhan an lá leo amárach, ní hamháin go mbeidh siad sna babhtaí dícháilithe ach beidh siad sa mbaile don chluiche sin. Is fiú a lua freisin go gcuirfidh an stair atá idir na foirne seo go mór leis an teannas amárach. An t-am seo anuraidh, fuair ceathrar déag as Northampton an ceann is fearr ar na Muimhnigh (26-23) i bPáirc Thuamhan agus arís sna babhtaí dícháilithe anuraidh, bhí deich bpointe i bhfabhar (24-14) na Sasanach agus iad sa mbaile i Franklin Gardens, an suíomh céanna ina mbeidh siad ag imirt amárach.

Fós féin, níl an borradh céanna faoi Northampton an séasúr seo agus a bhí anuraidh, iad suite sa dara leath den Gallagher Premiership, sa naoú háit. Má imríonn Cúige Mumhan mar a rinne siad sa dara leath an tseachtain seo caite níl siad gan seans. Ach má thosaíonn siad chomh lag agus a rinne siad sa gcéad leath, seans gur turas in aisce a bheas ann dóibh féin agus dá lucht leanúna dílis.

Maidir le cluiche Chúige Laighean i gcoinne Bath i Staid Aviva amárach, cluiche é seo idir na foirne atá ar bharr an URC agus an Gallagher Premiership faoi láthair. Ní ach cluiche amháin buaite ag Bath as trí iarracht sa gcomórtas seo, i gcomparáid le Cúige Laighean a bhuaigh chuile choimhlint go dtí seo. Seans maith go mbeidh muid ag tuairisciú bua eile do Chúige Laighean agus iad ag déanamh a mbealach trí bhabhtaí an chomórtais seo.

Ach roimhe sin anocht agus ag an am céanna agus a bheas na hUltaigh ag dul chun páirce i mBéal Feirste, beidh Cúige Chonnacht as baile i gCaerdydd agus iad ar thóir a gceathrú bua i gCorn an Dúshláin. Ní raibh ach bua amháin ag Caerdydd go dtí seo agus tháinig sin i gcoinne na Cheetahs, foireann nach bhfuil thar mholadh beirte. Tá mise ag tuar bua eile do na Connachtaigh, an ceathrú ceann sa gcomórtas seo agus buntáiste baile dá réir acu sna babhtaí dícháilithe.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Northampton'