Na mílte mallacht ar ghoiríní gránna

Tá leigheas ó shaineolaí cúram cnis molta ag ár gcomhfhreagraí ar ghoiríní a phléascann mar a bheadh bolcáin gan choinne

Na mílte mallacht ar ghoiríní gránna

Tharla sé dúinn ar fad; tá tú ag súil go mór le hócáidí speisialta – cóisir bainise, teacht le chéile seanchairde nó deireadh seachtaine as baile, abair. Tá an feisteas nua roghnaithe agat agus pleananna déanta don ghruaig agus don smideadh. Ansin, dúisíonn tú ar maidin agus tá cnocán mór de ghoirín i gceartlár do smige. Ach ní cnocán é ach bolcán mar a bheadh Sliabh Veasúive ann! Cuireann tú na mílte mallacht ar an ngoirín céanna agus tá tú cinnte go mbeidh tír agus talamh ag breathnú air agus nach bhfeicfidh siad aon rud eile ach é.

Faraor, bíonn siad níos measa fós ag an am seo bliana tar éis a bhfuil ite agus ólta againn le linn tréimhse na Nollag agus na hathbhliana. Ní haon chairde ar bith don chraiceann iad an iomarca milseog, milseáin agus alcól. Spreagann siad goiríní nó spotaí gan stró.

Luath nó mall, nuair a thagann an bolcán sin ar do smig, caithfidh tú dul i ngleic leis agus iarracht éigin a dhéanamh é a smachtú nó a chur faoi cheilt an oiread agus is féidir.

Le blianta anuas leanaim féin an chomhairle ón saineolaí cúram cnis Caroline Hirons le dul i ngleic le goirín gan choinne agus geallaim go n-oibríonn sé go maith.

Má tá dath an-dearg ar an ngoirín agus pian ag baint leis is ceart ar dtús frith-hiostaimín a thógáil. Feictear dom féin gur fearr a oibríonn Piriton seachas Clarityn sa chás seo mar go bhfuil na comhábhair atá ann níos oiriúnach i gcás ailléirge craicinn. Ar ndóigh, ní mar a chéile gach duine agus ní haon saineolaí leighis mé ach tá frith-hiostaimíní le fáil in aon siopa poitigéara gan oideas dochtúra.

An dara rud is ceart a dhéanamh ná neart uisce a ól – caithfear an tsubstaint thocsaineach is cúis leis an ngoirín a ghlanadh as do cholainn. Bí cúramach freisin faoina bhfuil á ithe agat agus seachain seacláid, deochanna milse agus táirgí a bhfuil iomarca siúcra iontu. 

Má tá smideadh ort nuair a thugann tú faoi deara an goirín ag teacht chun cinn, bain díot é chomh luath agus is féidir leat. Glan d’éadan le hola mhaith glantóra nó balsam ach seachain aon táirge a dhéanfadh dochar do na hábhair a dhéanann do chraiceann a mhaothú.

Má tá an goirín dearg agus tinn, is fearr i bhfad gan lámh a leagan air – sin más féidir leat an cathú sin a shárú. Imeoidh sé as a stuaim féin nó tiocfaidh sé chun cinn faoina luas féin.

Más goirín den chineál ar a dtugtar ‘whitehead’ é atá ar tí briseadh amach is ceart cúnamh beag a thabhairt dó. Ba cheart na lámha a ní  go maith ar dtús le nach mbeidh aon bhaictéir ort agus páipéar síoda a úsáid leis an spota a bhrú go deas réidh go dtí go stopfaidh an sileadh bán ag teacht amach as. Níor cheart dul thar fóir leis an mbrú agus is cinnte nár cheart duit fanacht leis go dtarraingeoidh tú fuil! Barr na méire amháin is ceart a úsáid leis seo a dhéanamh agus seachain na hingne a scaoileadh in aice leis ar fhaitíos gur marc a d’fhágfá i do dhiaidh. Dá dtiocfadh deoir fola ann níor mhiste táirge ar a dtugtar ‘acid toner’ a úsáid – ar nós Pixi Glow Tonic, ach faraor, ní  gá go mbeidís sin in aice láimhe i gcónaí nuair a thagann géarchéim na ngoiríní gan choinne ort!

An ceacht is fearr a d’fhoghlaim mé féin le blianta anuas gur fearr i bhfad ola aghaidhe a choinníonn an craiceann maoth a úsáid seachas táirgí uachtair a thriomaíonn goiríní agus a fhágann an craiceann tirim agus screamhach.

Úsáidim féin táirge ar a dtugtar ‘Control Gel’ de chuid Aesop. Tá vitimín C ann agus bunús aló leis; suaimhníonn sé an craiceann agus maolaíonn sé an dath dearg. Maothaíonn sé an craiceann freisin agus sin díreach a theastaíonn seachas é a thriomú amach.  Mar a deir Caroline Hirons faoi ghoiríní – “They don’t need drying out, they need nourishment.”

Feictear dom féin gur san ola leis an gcraiceann a choinneáil maoth agus ‘Control Gel’ atá leigheas na faidhbe.

Más féidir leat déanamh gan smideadh fad is atá an goirín ort, is é sin is fearr ach ní bhíonn an mhisneach sin againn ar fad. Más gá duit smideadh a chaitheamh, is féidir roinnt bheag bídeach d’fholaitheoir a chuir ar bharr an ghoirín leis an scuaibín is lú atá agat agus an folaitheoir sin a mheascadh go cúramach isteach le do chuid smididh. Cinnte, níor cheart an folaitheoir a scaipeadh go trom thart ar an ngoirín mar nach ndéanfaidh sé sin ach tuilleadh airde a tharraingt air agus moill a chur ar an gcneasú.  Ar ndóigh má chuireann tú béaldath láidir dearg ort féin, tarraingeoidh sé aird ar do liopaí seachas ar an ngoirín gránna.

Is féidir leanúint leis na mílte mallacht ar an ngoirín céanna ach ní astu sin a thiocfaidh an leigheas i ndeireadh an lae!

Fág freagra ar 'Na mílte mallacht ar ghoiríní gránna'