Ná Ligtear i ndearmad an bhaint a bhí ag an bhFód Dubh I Maigh Eo le D-Day

Thóg sé i bhfad orainn sa tír seo a aithint go raibh baint againn féin le bua na gComhghuaillithe sa dara cogadh domhanda

Ná Ligtear i ndearmad an bhaint a bhí ag an bhFód Dubh I Maigh Eo le D-Day

Bhí díomá orm an tseachtain seo caite nach raibh ar mo chumas a bheith i láthair ar an bhFód Dubh, i gContae Mhaigh Eo, don chomóradh 80 bliain ar ‘D-Day’.

Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh an-ócáid go deo eagraithe ag an dream áitiúil – sliocht Maureen Sweeney and an coiste a d’eagraigh an ócáid. Ar ndóigh ba í Maureen a thug an réamhaisnéis aimsire chinniúnach sin a thug le fios don Ghinearál Eisenhower agus ceannairí na gComhghuaillithe go raibh stoirm ag teacht, agus chuir seisean an t-ionradh mór – ‘Oibríocht Overlord,’ ar athló go dtí an lá ina dhiaidh sin, an 6 Meitheamh 1944.

Thóg sé i bhfad orainn sa tír seo a aithint go raibh baint againn féin le bua na gComhghuaillithe. Go deimhin, ní raibh a fhios ag Maureen féin go ceann cúpla bliain go raibh tábhacht chomh mór leis an bhfaisnéis sin a thug sí ar a 21ú lá breithe. Ach chuimhnigh sí gur ghlaoigh na húdaráis aimsire sa tSeirbhís Mheitéareolaíochta ar ais uirthi lena chinntiú go raibh a cuid figiúirí i gceart aici.

Bhí suim agam i gcónaí sa scéal agus chuireadh sé iontas orm nach raibh níos mó comóradh á dhéanamh air ag an Teach Solais ansin sa bhFód Dubh. Is álainn an áit í agus níl mórán d’athrú ar an áit ó d’oibrigh Maureen ansin in Oifig an Phoist agus sa stáisiún aimsire.

Mar chuid den chomóradh 80 bliain, bhí taispeántas agus ‘eitilt os a chionn’ eagraithe le moch maidine. Shíl mé go mbeadh an ócáid thar a bheith cumhachtach agus speisialta.

Chuir sé an-iontas orm ansin nuair a léigh mé an mhaidin dár gcionn gur tharraing aerfhórsa na tíre seo as an ócáid ag an nóiméad deiridh. Ní bheadh aon eitleán Éireannach sa spéir go moch ar maidin ag tabhairt ómóis do Mhaureen, don bhFód Dubh, ná do na mílte, mílte saighdiúir, Éireannaigh ina measc, a chuaigh chun troda ar ‘D-Day.’

Tugadh mar chúis leis an tarraingt siar nár úsáideadh na bealaí cearta cumarsáide nuair a iarradh orthu a bheith i láthair. Agus dúradh freisin go mbeadh na fórsaí cosanta ag glacadh páirt sa Lá Náisiúnta Cuimhneacháin – ag tabhairt le fios gur leor sin.

Ach shíl mé féin gur cailleadh an deis – seo uair amháin gur féidir a rá go cinnte ‘nach mbeidh a leithéid arís ann’.

Agus i rith na -ócáidí comórtha sa bhFrainc, a bhí eagraithe agus stiúrtha thar cionn ar fad, bhí dearmad eile déanta, shíl mé. Bhí Uachtarán Mheiriceá, Uachtarán na Fraince, Rí Shasana, Príomh-Airí na Breataine agus Cheanada i láthair do na hócáidí agus do na hóráidí.

Ach bhí tír eile i measc na gComhghuaillithe, tír a bhí lárnach don bhua – an tAontas Sóivéadach. Tuigim cén fáth nach bhféadfaí cuireadh a thabhairt d’Uachtarán na Rúise. Ach tuige nár luadh an íobairt ollmhór a rinne pobal agus saighdiúirí na tíre sin nuair a thosaigh na Naitsithe ag déanamh ionsaí ar an bhFronta Oirthearach? Fuair 60 saighdiúir Sóivéadach bás in aghaidh chuile shaighdiúir amháin Breataineach. 27 milliún duine a fuair bás sa gCogadh san Aontas Sóivéadach.

I rith m’óige bhí ‘Cogadh Fuar’ ar bun idir an tAontas Sóivéadach agus tíortha an Iarthair. Agus roimhe sin, ní ligeadh Stalin cead d’éinne aon teagmháil a bheith acu leis an iarthar. Níor luadh an pháirt a ghlac siad sa Dara Cogadh Domhanda in aon leabhar a léigh mé, ná ní raibh aon tagairt dóibh sna scannáin a rinneadh faoin gCogadh Mór.

Agus ceapaim le himeacht ama gur ligeadh an scéal iomlán i ndearmad agus go deimhin, nár thug na Sean-Chomhghuaillithe aon aitheantas don dream sa Aontas Sóivéadach a throid taobh leo. Chonaic mé fianaise shuimiúil den ‘dearmad’ seo agus mé ar cuairt chuig Learpholl le gairid.

Níor chuala mé aon trácht ar na ‘Conbhuanna Artacha’ go dtí an tseachtain seo a chuaigh tharainn.

Tosaíonn an scéal le hionradh Hitler ar an Aontas Sóivéadach ar an 22 Meitheamh 1941 -‘Oibríocht Barbarossa,’ a tugadh  air. Tá sé ráite go mbeadh an Dara Cogadh Domhanda buaite ag Hitler murach go ndearna sé an t-ionradh cinniúnach sin.

Throid na Sóivéadaigh go fíochmhar ina choinne. Ach bhí laigeacht mhór amháin acu – ganntanas airm agus armlóin. Tháinig Churchill agus Stalin ar phlean a chabhródh leo.

Chuirfeadh an Bhreatain longa ó thuaidh, luchtaithe le hairm agus gach rud eile a theastódh ó na Sóivéadaigh agus ghabhfaidís trí bhealach an Artaigh.

Bhí siad le calafort Learphoill a fhágáil, imeacht ó thuaidh timpeall na hAlban, anonn go dtí cósta Chríoch Lochlann, agus ansin ó thuaidh trí fharraigí reoite an Artaigh chomh fada le Murmansk agus Arkhangelsk, áit a ndíluchtófaí iad.

Bhí an-chomhoibriú idir mairnéalaigh Sóivéadacha agus muintir na Breataine. Thagadh na longa amach chun iad a stiúradh isteach sa chalafort agus dhéanaidís an díluchtú le chéile.

Bhí sé soiléir ón méid a chonaic mé sa taispeántas i Learpholl go raibh na turais sin uafásach crua agus go bhfuair líon mór mairnéalach bás. Dúirt fear amháin gur tháinig sé aníos ón deic íochtair ar maidin chun a sheal a dhéanamh mar fhear faire agus go raibh gach duine a bhí ar faire an oíche roimhe sin, reoite marbh ar an láthair.

I rith na mblianta sin, fuair 3,000 mairnéalach Breataineach bás ar na turais sin, cailleadh 85 long thráchtála agus 16 long de chuid an Chabhlaigh Ríoga – de bharr buamaí, pléascáin faoi uisce, agus an fuacht.

Thugadar 4 mhilliún tonna ábhar- eitleáin, trucailí, carranna, breosla, earraí leighis, miotail agus amhábhar sna longa sin, chomh fada le Murmansk agus chuig an gCogadh.

Bíonn an-mheas ag an lucht míleata ar bhoinn a bhronntar mar gheall ar chrógacht agus a leithéid. Tugadh amach boinn do na mairnéalaigh a sheol sna ‘Conbhuanna Atlantacha.’ Ach ar chúis éigin níor bronnadh aon bhonn dá gcuid féin ar na mairnéalaigh a sheol sna conbhuanna Artacha.

Throid an dream a mhair ina dhiaidh, agus a sliocht ina dhiaidh sin, ar son bonn dá gcuid féin. Go dtí go ndéanfadh an Bhreatain a leithéid ní raibh na Rúisigh in ann aon chomóradh den saghas céanna a dhéanamh. Ar deireadh, tar éis fanacht fada, in 2012 d’aontaigh siad boinn a choimisiúnú agus bhronn an Príomh-Aire ag an am, David Cameron, boinn ‘Arctic Convoys’ ar na mairnéalaigh a bhí fós ina mbeatha.

Go gairid ina dhiaidh sin, rinne Vladimir Putin an rud céanna agus bronnadh boinn Rúiseacha – an Bonn Ushakov, ar a gcuid mairnéalach féin.

Cuimhne cheart ar deireadh. Más mall is mithid.

Agus mar iarscéal ar ar tharla sa bhFód Dubh? Litir san Irish Times ar maidin ó fhear darb ainm Felix Larkin ag míniú nach raibh cúis ar bith, dar leis, nach bhféadfadh aerfhórsa na hÉireann a bheith páirteach san ócáid stairiúil i Maigh Eo. Bhí an chuma ar an litir go raibh fios a ghnó ag an scríbhneoir.

Fág freagra ar 'Ná Ligtear i ndearmad an bhaint a bhí ag an bhFód Dubh I Maigh Eo le D-Day'