Déanaim iarracht áirithe an drochnuacht agus an ghaotaireacht as Meiriceá a scaoileadh tharam; baothchaint a bhíonn i gcuid mhór de agus níor luaithe plean áiféiseach seolta nó faigheann tú amach nach raibh ann ach bagairt fholamh chun margadh níos fearr a fháil i gcogadh trádála, nó iarracht aird a mhealladh ó dhrochbheart éigin eile.
Léim na ceannlínte, leoga, agus uaireanta corr-alt. Caithfear coinneáil suas le cúrsaí an tsaoil – ach ar an lámh eile tá sé de shaoráid ag an gcuid againn nach bhfuil cónaí orainn sna Stáit Aontaithe nach mbíonn tionchar díreach ag an Tromluí sa Teach Bán ar ár saol, go fóilleach, pé scéal é, agus gur féidir linn neamhaird áirithe a dhéanamh den rabharta drochnuachta.
Níl an rogha sin ag muintir Mheiriceá, faraor.
Níorbh iad na pleananna Gaza a iompú ina hionad saoire, an Ghraonlainn a cheannach, an aeráid a scrios, a gcearta a bhaint de dhaoine LADT+, geilleagar an domhain a chur as a riocht le táillí iompórtála nó soip phlaisteacha a thabhairt ar ais a chuaigh go croí ionam an tseachtain seo ach teachtaireacht téacs ó chara de mo chuid i gcathair Denver, Colorado.
‘Ní ligtear na daltaí ag scoil mo mhic amach ag am sosa a thuilleadh ar eagla go ndéanfaidh na póilíní ruathar, ag iarraidh teacht ar inimircigh mhídhleathacha. Tá ruathar ar siúl gar don scoil anois díreach.’
Chuir sí ríomhphost oifigiúil ó mheánscoil a mic chugam ansin inar iarradh ar thuismitheoirí a gcearta a éileamh sa chás go mbeadh oifigigh an ionaid fhorfheidhmithe inimirce agus custaim (ICE) ag cnagadh ar an doras.
‘Ná hoscail doirse. Ná labhair le hoifigigh inimirce agus ná freagair ceisteanna. Déanfaimid gach iarracht na páistí a choinneáil slán anseo ar scoil inniu.’
Saoránaigh Mheiriceánacha iad mo chara agus a mac, ach ní hionann an scéal i gcás roinnt mhaith daltaí eile. Sna Stáit, ní iarrtar ar thuismitheoirí aon eolas maidir lena stádas dleathach nó mídhleathach sa tír a thabhairt le fios agus páistí á gclárú ar scoil acu (go fóilleach, pé scéal é) agus dá bharr sin níl figiúirí cruinne ar fáil, ach measann mo chara gurbh fhéidir gur páistí le hinimircigh mhídhleathacha iad 15 faoin gcéad de na daltaí sa scoil ar a bhfuil a mac ag freastal.
Tá a mac féin, atá 12 bliain d’aois, trí chéile. Ní ligeann tuismitheoirí áirithe dá gclann freastal ar scoil a thuilleadh de bharr a bhfuil ag tarlú agus tá faitíos air nach bhfeicfidh sé cairde áirithe riamh arís.
Toradh níos tromchúisí fós ar chinneadh – intuigthe – na dtuismitheoirí sin ná nach bhfaighidh a bpáistí an t-oideachas céanna agus a gheobhaidh a gcomhaoisigh Mheiriceánacha, agus gur mó fós a bheidh an deighilt idir iad agus an chuid eile den tsochaí amach anseo.
Má mheabhraíonn an scéal seo scéalta eile duit ó ré níos dorcha fós i stair na cruinne, ní tú an t-aon duine amháin.
Scéal a d’insíodh m’athair dom a mheabhraíonn an scéal seo dom féin.
Bhí m’athair ocht mbliana d’aois nuair a rinne na Naitsithe ionradh ar an Ísiltír, agus de réir a chéile d’imigh na páistí Giúdacha as an rang agus ní fhaca sé riamh arís iad. Bhí duine de na cairde ab fhearr a bhí aige, buachaill darb ainm Alex, ina measc.
Ar ámharaí an tsaoil níl cúrsaí baileach chomh gránna sin i Meiriceá, ach is cinnte go bhfuil inimircigh mhídhleathacha á ndíbirt as an tír ina sluaite agus más fianaise na tuairiscí a fheicim ar na meáin Bhrasaíleacha ní haon dóithín na coinníollacha faoina ndéantar sin. San fhíseán seo feictear Brasaíligh a bhí sna Stáit Aontaithe go mídhleathach agus a díbríodh as an tír sin ag tuirlingt d’eitleán ag aerfort Manaus sa Bhrasaíl, a lámha agus a gcosa ceangailte le glais agus slabhraí.
Fág freagra ar '‘Ná hoscail doirse, ná labhair le hoifigigh inimirce agus ná freagair ceisteanna…’ '