Na healaíona ó bhéal le húsáid chun feabhas a chur ar fhoghraíocht Ghaeilge múinteoirí

Tá próiseas comhairliúcháin le bunú go luath faoin drámaíocht agus na healaíona ó bhéal i nGaeilge a thabhairt isteach mar chuid d’oiliúint múinteoirí

Na healaíona ó bhéal le húsáid chun feabhas a chur ar fhoghraíocht Ghaeilge múinteoirí

Pic: Eleanor Keegan/Photocall Ireland

Táthar ag súil leas a bhaint as na healaíona ó bhéal chun feabhas a chur ar fhoghraíocht na Gaeilge i measc múinteoirí.

Moltar sa Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge go mbainfí úsáid as na healaíona ó bhéal le dul i ngleic le heaspa saineolais ar cheartfhoghraíocht na Gaeilge.

Tá próiseas comhairliúcháin le bunú go luath faoin drámaíocht agus na healaíona ó bhéal i nGaeilge a thabhairt isteach mar chuid d’oiliúint múinteoirí.

Deirtear sa Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge gur cheart na healaíona ó bhéal a thabhairt isteach mar chuid d’oiliúint múinteoirí agus gur cheart deiseanna foghlama faoi na healaíona sin a chur ar fáil do mhúinteoirí atá i mbun oibre cheana.

Deirtear go bhfuarthas amach sa taighde, a bhfuil an straitéis nua bunaithe air, go bhfuil “bearna” ann maidir “le saineolas ar cheartfhoghraíocht na Gaeilge” i measc múinteoirí.

“Aithníodh nach raibh tuiscint ag go leor múinteoirí ar na healaíona Gaeilge agus nach raibh sé de nós ag múinteoirí smaoineamh ar na hEalaíona Gaeilge-bhunaithe mar chuid de na healaíona cruthaitheacha agus iad ag teagasc,” a deirtear sa straitéis nua a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo caite.

Deirtear go bhféadfadh cleachtadh na n-ealaíon ó bhéal feabhas a chur “ar na torthaí foghlama” agus ar fhoghraíocht na Gaeilge i measc múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe.

“Táthar ag súil gurb é an toradh díreach a bheidh ar an mbéim ar chruinnfhoghraíocht na Gaeilge mar chuid de na hEalaíona Gaeilge-bhunaithe (san aithriseoireacht agus san amhránaíocht, mar shampla), go gcuirfear le cumas na múinteoirí litearthacht na Gaeilge a chur chun cinn ar mhodhanna fóineolaíochta, chomh maith le tionchar níos ginearálta a imirt ar chaighdeán Gaeilge labhartha an dalta,” a deirtear.

Moltar sa straitéis go ndéanfaí athbhreithniú ar an gclár oideachais do mhúinteoirí “ar bhonn céimnithe thar thréimhse roinnt blianta” nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích.

Luaitear ar na dreamanna a mbeidh freagracht orthu as na healaíona ó bhéal i nGaeilge a thabhairt isteach sa chóras oiliúna do mhúinteoirí, na hinstitiúidí ardoideachais a chuireann na cláir oiliúna tosaigh do mhúinteoirí ar fáil, an Roinn Oideachais, COGG agus lucht na n-ealaíon atá bunaithe ar an nGaeilge.

Deirtear go ndéanfar meastachán le linn an phróisis comhairliúcháin ar na costais a bhainfeadh le clár oideachais a fhorbairt do mhúinteoirí “chun oiliúint bhreise a chur orthu maidir le ceartfhuaimniú fhoghraíocht na Gaeilge”.

Moltar chomh maith go gcuirfí na healaíona atá bunaithe ar an nGaeilge san áireamh “i gcodanna cuí den churaclam agus i sonraíochtaí na n-ábhar” i scoileanna an stáit.

“Ba chóir múinteoirí a spreagadh chun béim a chur ar na healaíona Gaeilge-bhunaithe ag amanna cuí agus iad ag teagasc,” a deirtear.

Fág freagra ar 'Na healaíona ó bhéal le húsáid chun feabhas a chur ar fhoghraíocht Ghaeilge múinteoirí'

  • Carraig

    Mura bhfuil an ‘c’ séimhithe acu (agus ní bhíonn go minic) beidh siad i dtrioblóid.
    Faic eile ach an focal ‘áfach’ a chur san áireamh.