Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá triúr scríbhneoirí de chuid Tuairisc ainmnithe do ghradaim chumarsáide an Oireachtais i mbliana agus na buaiteoirí le fógairt ag searmanas i gCill Airne

Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá na gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 fógartha agus dhá chatagóir déag ar chlár na ngradam i bliana.

Tá beirt iriseoirí ainmnithe do ghradaim dá saothar le Tuairisc i mbliana. Tá ainmniúchán faighte ag Méabh Ní Thuathaláin sa rannóg d’Iriseoir na Bliana agus tá Breandán M Mac Gearailt san iomaíocht don ghradam do Cholúnaí na Bliana. Tá Fachtna Ó Drisceoil, colúnaí eile de chuid Tuairisc, ainmnithe do Phearsa Raidió na Bliana.

Tá ócáid bhronnta na ngradam le reáchtáil mar chuid de mhórfhéile Oireachtas na Samhna, a bheidh ar siúl i gCill Airne idir an 1-5 Samhain.

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil “ardchaighdeán” bainte amach acu in earnáil na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas.

Tá Méabh Ní Thuathaláin, iriseoir foirne le Tuairisc, ainmnithe dá saothar leis an suíomh seo agus leis an gclár 7Lá ar TG4. Tá ainmniúcháin sa rannóg d’Iriseoir na Bliana faighte freisin ag Shane Ó Curraighín (7Lá ar TG4), Eoin Ó Catháin (RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4) agus Gráinne Ní Aodha (PA Media).

Cúigear atá ainmnithe sa rannóg Colúnaí na Bliana. Chomh maith le Breandán M Mac Gearailt, léirmheastóir teilifíse agus scannáin le Tuairisc, tá Aedín Ní Thiarnaigh agus Sláine Ní Chathalláin ó NÓS, Robert McMillen ó The Irish News, agus Micheele Nic Pháidín ó Meon Eile ainmnithe don ghradam i mbliana.

An Buachaill Gealgháireach (Imagine Media), Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach (Macha Media), Róise & Frank (Macalla Teo) agus Paul Muldoon: Laoithe is Liricí (Below the Radar) atá ainmnithe sa rannóg do Chlár Teilifíse/Scannán na Bliana.

Tá cúig shaothar ainmnithe do Shraith Teilifíse na Bliana, sin iad Saol Ella (Danú Media), Bláth na hÓige (Aniar TV), Mealladh na Mara (RTÉ), Dúirt Bean Liom (Aniar TV) agus Iniúchadh TG4 (Clean Slate Productions).

Is iad Máire Treasa Ní Dhubhghaill (Rugbaí Beo), Síle Nic Chonaonaigh (Bailte), Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail (Éadaí SOS), Mícheál Ó Domhnaill (GAA Beo) agus Sinéad Ní Uallacháin (Beidh mé ar ais) a bheidh san iomaíocht don ghradam Pearsa Teilifíse na Bliana.

Ó thaobh an raidió de, tá Michelle Nic Grianna (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Dáithí Ó Muirí (BBC Gaeilge ar BBC Uladh), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Gráinne Ní Chaomhánaigh (Phoenix FM) agus Neansaí Ní Choisdealbha (RTÉ Raidió na Gaeltachta) ainmnithe don ghradam Pearsa Raidió na Bliana.

An Fonn Óg (BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh), An Cúinne Dána (RTÉ Raidió na Gaeltachta), An Spota Dubh (Raidió na Life) agus Cosán na mBan (RTÉ Raidió na Gaeltachta) a fuair ainmniúchán do Sraith Raidió na Bliana.

Sa rannóg do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail, beidh Inné, Inniu, Amárach (Athlone Community Radio) san iomaíocht le Aon Scéal? (Phoenix FM), Gaeilge Bhriste (West Limerick 102FM), agus Filí Chonamara (Raidió Pobail Chonamara).

Abair Amach É (WLR FM), Splanc le Cuán Ó Flatharta (Newstalk), Ruaille Buaille (Highland Radio) agus Dúchas is Dóchas (Clare FM) atá ainmnithe sa rannóg don Chlár Gaeilge is fearr ar Raidió Tráchtála.

Cúigear atá ainmnithe don gradam do Chraoltóir Solabhartha na Bliana – sin iad Brian Tyers (TG4), Michelle Nic Grianna (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Tristan Rosenstock (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Cuán Ó Flatharta (Newstalk) agus Damien Ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla agus fógrófar na buaiteoirí ag searmanas bronnta na nGradam Cumarsáide san INEC i gCill Airne ar an 1 Samhain.

Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana agus seisear ainmnithe don ghradam – Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta), Ciara Cox (Saol Ella, Cúla4) Nicole Ní Dhubhshláine (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Conor Torbóid (NÓS & BBC Gaeilge ar BBC Uladh), Seán Ó Maoilchiaráin (RTÉ & Bloc TG4) agus Áine Mhaoir (Na Seansálaithe & Léiritheoir Sraithe le Stiúideo Cuan).

Cuirfear tús leis an vótáil phoiblí do ghradam Réalta Óg na Bliana Dé hAoine beag seo, an 15 Meán Fómhair 2023.

Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.

“Tráth cinniúnach in earnáil na cumarsáide Gaeilge é seo agus tús curtha le ré nua don Ghaeilge anois go bhfuil an cainéal úrnua, Cúla4 tagtha ar an saol,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Guím gach rath orthu siúd uile atá ar stiúir agus táim ag tnúth le cláracha uathúla ó réaltaí óga an chainéil.

“Tréaslaím freisin leis na réaltaí atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2023.  Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide ar Lá Samhna 2023, le linn fhéile an Oireachtais.”

Fág freagra ar 'Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha'