‘Ná habair tada faoi aon rud is féidir leis an lucht féachana a fheiceáil lena súile féin’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ealaín ar leith atá sa tráchtaireacht teilifíse; bíonn blas ar an mbeagán ach uaireanta is é ‘rud ar bith’ an blas is fearr

‘Ná habair tada faoi aon rud is féidir leis an lucht féachana a fheiceáil lena súile féin’

‘Ná habair tada faoi aon rud is féidir leis an lucht féachana a fheiceáil lena súile féin’ an chomhairle scríbhneoireachta is tábhachtaí dá bhfuair mé tráth ar oibrigh mé i seomra nuachta teilifíse.

Scríbhneoireacht i seomra nuachta teilifíse? Cinnte dearfa. Tá dul amú ort má cheapann tú gur ó bharr a gcinn a chumann iriseoirí na píosaí cainte sin a chloiseann tú nuair a bhíonn íomhánna – tírdhreacha, scoileanna, ospidéil – le feiceáil: an tharghuthú.

Agus ealaín ar leith atá inti, tharghuthú maith a scríobh.

‘Seo Cuan na Gaillimhe’ (i nglór drámatúil, sollúnta) nuair atá Cuan so-aitheanta na Gaillimhe le feiceáil go soiléir, maolchnoic na Boirne ag lonrú faoin spéir ar an taobh thall – sin é an rud nach bhfuil uait.

Is fada ó bhí mé ag obair sa seomra nuachta sin, ach chuimhnigh mé ar an gcomhairle úd an lá cheana nuair a iarradh orm eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseán de chluiche dornálaíochta.

Is é an chaoi gur tháinig cathú orm tharghuthú a dhéanamh – ‘húc deas!’, ‘trasdorn sa ghoile!’, an cineál sin ruda – cé go raibh na buillí céanna le feiceáil go soiléir.

Tharghuthú de chineál ar leith is ea an tráchtaireacht spóirt, agus go deimhin is ealaín ar leith atá inti, lena chois.

Gan dabht is beo a dhéantar an chuid is mó den tráchtaireacht spóirt agus mhaithfeá é do thráchtaire má bhíonn corr-‘húc deas!’ aige agus an húc deas céanna le feiceáil go soiléir; agus ar ndóigh cuireann na mothúcháin i nglór an tráchtaire leis an mbús. Ach anailís an rud a mbeifeá ag dúil leis ó thráchtaire, dáiríre, cíoradh ar na nithe úd nach bhfeiceann tú ar an scáileán, nó a fheiceann tú ach nach léir duit a dtábhacht nó a dtionchar ar an gcéad radharc.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil is furasta dul thar fóir ar fad agus cur síos á dhéanamh agat ar chluiche spóirt, ar chluichí comhraic thar aon spórt eile. Shuigh mé síos chun píosa tharghuthú a scríobh agus an chéad rud eile bhí an leathanach lán le cacamas gáifeach ar nós ‘brúidiúil’, ‘marfach’ agus ‘léirscrios’.

Seisiún speárála idir beirt chairde a bhí i gceist; ní dhearnadh aon dochar agus is cinnte nach bhfuair aon duine bás.

Bíonn blas ar an mbeagán, a shíl mé liom féin ansin; gearrfaidh mé siar ar an ‘brúidiúil’ agus ar an ‘marfach’.

Ach ní raibh cuma ná caoi ar an toradh. Uaireanta ní bhíonn blas ar an mbeagán féin; nuair is féidir rud éigin a fheiceáil le do shúile cinn, cur síos ar bith an blas is fearr.

Fág freagra ar '‘Ná habair tada faoi aon rud is féidir leis an lucht féachana a fheiceáil lena súile féin’'