Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu agus an sacar ag filleadh sa Ghearmáin

Dóibh siúd nach n-aithneodh Bayer thar Bayern, nó Düsseldorf thar Dortmund, tá Tuairisc.ie anseo chun scéal an Bundesliga a mhíniú

Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu agus an sacar ag filleadh sa Ghearmáin

Cé go mbeidh tamall eile ann sula bhfeicfidh muid aon chluiche i gCraobhacha Peile agus Iomána na hÉireann, i bPríomhroinn Shasana nó sa PRO 14, tabharfar beagán faoisimh an deireadh seachtaine seo dóibh siúd atá ag aireachtáil uathu an spórt in aimsir an choróinvíris.

Is é an Bundesliga, sraith sacair na Gearmáine, an chéad mhórchomórtas spóirt san Eoraip atá chun tosú arís ó cuireadh cluichí ar ceal ar fud na mór-roinne mí an Mhárta, agus tá sé i gceist babhta iomlán cluichí a imirt an deireadh seachtaine seo.

Dóibh siúd nach n-aithneodh Bayer thar Bayern, nó Düsseldorf thar Dortmund, tá Tuairisc.ie anseo chun an scéal a mhíniú.

Staid na hImeartha

Tá Bayern Munich ag iarraidh an tsraith a bhuachan den ochtú huair as a chéile i mbliana agus, iontas na n-iontas, tá boic mhóra na Gearmáine ar bharr na sraithe arís agus naoi gcluiche fós le n-imirt. Cé gurb iad Bayern rogha na coitiantachta chun an tsraith a thabhairt leo arís i mbliana, ní féidir talamh slán a dhéanamh de sin agus iomaíocht níos géire ann ag barr an tábla ná mar a bhí le tamall fada.

Faoi láthair, tá Bayern sa chéad áit, ceithre phointe chun tosaigh ar Borussia Dortmund. Tá RB Leipzig pointe eile chun deiridh sa tríú háit agus tá Borussia Monchengladbach sa cheathrú háit, gan iad ach sé phointe taobh thiar de Bayern.

Tá cluichí crua roimh Bayern chomh maith. Bheadh súil ag daoine go mbeadh siad in ann Union Berlin a shárú an deireadh seachtaine seo ach tá orthu aghaidh a thabhairt fós ar Dortmund (dara háit), Gladbach (ceathrú háit), Bayer Leverkusen (cúigiú háit) and Wolfsburg (seachtú háit) idir seo agus deireadh an tséasúir.

Má theipeann ar Bayern i gceann nó péire de na cluichí sin, tabharfaidh sé deis do cheann de na foirne eile.

Mar a tharlaíonn sé, cuirfear tús leis an tsraith le cluiche ollmhór tráthnóna Dé Sathairn. Imreoidh Dortmund agus FC Schalke (atá sa séú háit) sa Revierderby ag 2.30pm, ceann de na coimhlintí is mó agus is stairiúla sa Ghearmáin.

Más mó do shuim I gcúrsaí ag bun an tábla, beidh cath fíochmhar ansin i measc na bhfoirne chun ísliú céime a sheachaint.

Sa Bundesliga, téann an dá fhoireann a chríochnaíonn ag bun an tábla síos díreach go dtí an dara roinn. Bíonn deis ag an bhfoireann sa séú háit déag iad féin a thabhairt slán ach bíonn orthu babhta réitigh a bhuachan i gcoinne an tríú foireann is fearr sa dara roinn.

Tá sé nach mór cinnte go ndíbreofar Paderborn ón bpríomhroinn agus iad ag bun na sraithe faoi láthair, deich bpointe chun deiridh ar Mainz atá sa chúigiú háit déag.

Is iad Werder Bremen ceann de na cumainn is mó sa Ghearmáin ach tá siad i mbaol chomh maith agus iad ceithre phointe chun deiridh ar Fortuna Düsseldorf agus ocht bpointe chun deiridh ar Mainz. Tá cluiche sa bhreis le n-imirt fós ar Bremen áfach, rud a thabharfadh beagán dóchais dóibh.

Düsseldorf atá sa séú háit déag i láthair na huaire agus an babhta réitigh i ndán dóibh ach tá scata foirne eile nach bhfuil slán sábháilte fós, Mainz, Augsburg, Hertha Berlin agus Eintracht Frankfurt ina measc.

Cé hí m’fhoireannsa?

 

Robert Lewandowski

Bayern Munich – An club is mó, is saibhre agus is rathúla sa Ghearmáin. Mar atá luaite, tá an tsraith buaite acu seacht n-uaire as a chéile roimhe seo. Tá tacaíocht níos mó ag Bayern ná ag aon fhoireann eile sa Ghearmáin ach is fuath le chuile dhuine eile sa tír iad.

Tugtar FC Hollywood orthu mar go mbíonn na réaltaí is mó ag imirt dóibh agus corraíl ar bun i gcónaí. Cuireadh iaruachtarán an chlub, Uli Hoeness, sa phríosún in 2014 as imghabháil chánach ach nuair a scaoileadh saor é in 2016, toghadh ina uachtarán arís é ar Bayern gan mhoill.

A macasamhail i bPríomhroinn Shasana: Manchester United.

Coinnigh súil ar: Robert Lewandowski, Thiago, Alphonso Davies.

 

Erling Haaland

Borussia Dortmund – Bhí Dortmund in áit na leathphingine le blianta beaga anuas. As na seacht gcraobh as a chéile a bhuaigh Bayern, bhí Dortmund sa dara háit ceithre huaire. Club ollmhór é Dortmund ach bíonn siad fós faoi scáth a gcéilí comhraic i Munich.

Tá níos mó airgid anois acu ná aon chumann eile seachas Bayern ach ba bheag nach ndeachaigh an club as gnó ag tús na mílaoise. Tháinig siad slán, áfach, agus bhuaigh siad an Bundesliga faoi dhó faoi cheannas Jurgen Klopp in 2011 agus 2012. Tá cáil orthu anois as deiseanna a thabhairt d’imreoirí óga agus tá sárpheileadóirí ar an bhfoireann acu faoi láthair.

A macasamhail i bPríomhroinn Shasana: Arsenal.

Coinnigh súil ar: Erling Haaland, Jadon Sancho, Marco Reus.

 

Timo Werner

RB Leipzig – Tá conspóid tarraingthe ag scéal Leipzig. Bhí an cumann sa chúigiú roinn nuair a cheannaigh an comhlacht Red Bull (sin is ciall le RB) é in 2009. Tá go leor airgid caite ag Red Bull ar an bhfoireann ó shin agus tá sí ar cheann de na foirne is láidre sa phríomhroinn anois.

Tá rialacha i bhfeidhm sa Ghearmáin chun a chinntiú gur leis na baill na cumainn uile seachas le húinéirí saibhre. Cé nach bhfuil Red Bull ag teacht salach ar na rialacha sin, is cinnte go bhfuil siad lúbtha acu, rud a chuireann fearg ar go leor daoine sa Ghearmáin.

A macasamhail i bPríomhroinn Shasana: Manchester City.

Coinnigh súil ar: Timo Werner, Dayot Upamecano, Christopher Nkunku.

Borussia Monchengladbach – Is sna 1970idí a bhí ré órga ag Gladbach nuair a bhuaigh siad an Bundesliga cúig uaire agus bhain cáil amach acu ar fud na hEorpa. Baisteadh Die Fohlen (Na Searraigh) orthu mar gheall go raibh na himreoirí óg agus tapa agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoin bhfoireann atá acu inniu. Meastar go bhfuil bainisteoir na foirne, Marco Rose, ar dhuine de na bainisteoirí óga is fearr san Eoraip agus tá aiséirí déanta ag an gcumann le blianta beaga anuas.

Deirtear go bhfuil lucht tacaíochta Gladbach i measc na leantóirí is fearr sa Ghearmáin agus cé nach mbeidh cead isteach ag duine acu ag na cluichí atá le teacht, tá 12,000 gearrthóg ceannaithe acu chun na seastáin a líonadh.

A macasamhail i bPríomhroinn Shasana: Liverpool

Coinnigh súil ar: Marcus Thuram, Denis Zakaria, Yann Sommer.

Beidh gach cluiche sa Bundesliga le feiceáil beo ar BT Sport

Fág freagra ar 'Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu agus an sacar ag filleadh sa Ghearmáin'

  • Pat

    alt an mhaith go raibh maith agat