‘Na fíricí ar fáil faoi dheireadh’ – gan ach €120,000 caite ar fheidhmiú pleananna teanga na Gaeltachta

Tá eolas nua curtha ar fáil faoin gcaiteachas atá déanta ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, ceist a bhí ina hábhar aighnis sa i dTithe an Oireachtais e tamall

‘Na fíricí ar fáil faoi dheireadh’ – gan ach €120,000 caite ar fheidhmiú pleananna teanga na Gaeltachta

Níl ach €120,000 caite ar fheidhmiú pleananna teanga na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh níos túisce i mbliana go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”, ach ghéill sé inné nach raibh ach €120,000 ar fad caite ar fheidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.

Tá sé ina achrann idir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le nach mór sé mhí anuas faoin gcaiteachas atá á dhéanamh ar an bpleanáil teanga agus dúirt Ó Cuív tráthnóna inné go raibh sé “sásta go bhfuil na firicí curtha ar fáil faoi dheireadh”.

Thug an tAire Stáit le fios ag cruinniú de Choiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais tráthnóna inné go bhfuil €1.5 milliún ceadaithe ag a Roinn d’Údarás na Gaeltachta i mbliana don phróiseas pleanála teanga, nach bhfuil ach €730,00 den tsuim sin íoctha go fóill le hÚdarás na Gaeltachta agus nach bhfuil ach €120,000 íoctha ag an Údarás le grúpaí pleanála Gaeltachta chun feidhm a thabhairt do na pleananna teanga féin. €108,000 a caitheadh go dtí seo in 2018 ar réiteach pleananna teanga sa Ghaeltacht.

Ba é Ó Cuív a cheistigh an tAire Stáit faoin gcaiteachas ar an bpleanáil teanga ag cruinniú an lae inné.

Tá teannas faoi cheist mhaoiniú an chórais pleanála teanga ag borradh le tamall idir an Teachta Dála agus an tAire Stáit agus bhrúcht an teannas sin i mí Iúil nuair a shiúil Ó Cuív amach as cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus cochall air.

Sular shiúil sé amach as an gcruinniú, d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit cé mhéad airgid a bhí caite ar fheidhmiú pleananna teanga go dtí sin, eolas a lorg sé ar dtús sa Dáil ar an 9 Bealtaine.

Dúirt an tAire Stáit McHugh an uair sin go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”. 

Dúirt sé i mí Iúil gur €1.7m a bheadh ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na coistí pleanála teanga feidhm a thabhairt don phróiseas. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur léirigh an t-eolas is déanaí faoin gcaiteachas ar an bpleanáil teanga “chomh mall is a bhí an próiseas ó 2011 agus béim rómhór ar an staidéar seachas an gníomh, is é sin gníomhaíochtaí pleanála teanga, nó feidhmiú na bpleananna teanga”.

“Miotas ab ea a rá go bhfuil €2.65 milliún ar fáil don phleanáil teanga. Bhí rudaí eile a mbíodh airgead á chaitheamh cheana orthu – Comhar na Naíonraí Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus mar sin – curtha san áireamh ansin.

“Agus an €1.65 milliún atáthar ag caint faoi anois, níl ach céatadán fíorbheag de caite ar fheidhmiú na bpleananna. Tionscal scríobh pleananna a bhí againn go dtí seo agus gan aon airgead curtha ar fáil le gníomh a dhéanamh,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

10 gcinn de phleananna teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus súil aige cúig cinn eile a fhaomhadh roimh dheireadh na bliana.

D’fhaomh an tAire Stáit an deichiú plean teanga Gaeltachta an mhí seo caite agus ceadaíodh €100,000 thar thréimhse bliana do Chomharchumann Árainn Mhór chun oifigeach pleanála teanga a fhostú agus tús a chur leis an obair ar phlean an oileáin Ghaeltachta.

Ba é sin an chéad phlean atá ceadaithe d’oileán Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an uair sin gur thuig sé an “frustrachas” atá ar ghrúpaí pleanála teanga maidir leis an bpróiseas ach mhaígh sé go “léiríonn an luas lena bhfuil na pleananna teanga á gceadú i mbliana gurbh fhiú an obair dhian a rinne siad” agus go raibh “borradh” anois faoin bpróiseas.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Na fíricí ar fáil faoi dheireadh’ – gan ach €120,000 caite ar fheidhmiú pleananna teanga na Gaeltachta'

  • Mairéad

    Is í an fheidhm atá ag an gcóras “pleanálateanga” ná snaidhm chrua a cheangailt timpeall ar na cinnirí pobail agus na grúpaí dheonacha sa nGaeltacht agus iad a choinneáil ina dtost fad is atá siad gnoitheach ag fanacht.
    Nach bhfuil sé in am ag Cuív Éamonn Ó a bheith sách misniúil le seasamh a thógáil ar son na Gaeltachta sula bhéas a théarma caite.
    Idir an dá linn fad is atá Fine Gael i mbun moilleadóireachta tá óige na Gaeltacht fágtha gan ionaid ná fiú crónna beaga dóibh fhéin chun castáil lena chéile ag na deireadh seachtainí agus i rith an tsamhraidh go háirid.