Na cúigí ag cur tús leis séasúr gan a n-imreoirí idirnáisiúnta

Tá séasúr fada romhainn sa Pro 14 agus cluiche is fiche le himirt

Na cúigí ag cur tús leis séasúr gan a n-imreoirí idirnáisiúnta

Agus muid ag tús séasúir eile den Pro 14 is fiú a mheabhrú gurb í foireann Chúige Laighean curadh an chomórtais den dara uair as a chéile. Ní hamháin sin ach d’éirigh leis na ceithre fhoireann ghairmiúla atá ag an gclub críochnú i measc na dtrí fhoireann a bhí ar bharr an dá ghrúpa atá sa gcomórtas seo, rud a chinntigh go bhfuil siad ag imirt i gcomórtas sinsearach rugbaí na hEorpa chomh maith.

Dar ndóigh beidh na clubanna ar fad ag iarraidh greim a fháil ar an gcorn ag deireadh an tséasúir seo ach beidh an tríú háit nó níos airde ná sin mar sprioc acu freisin mar gur sa gcomórtas sin atá an t-airgead mór i dtéarmaí chlubanna rugbaí.

Roimhe sin tá séasúr fada romhainn agus cluiche is fiche le himirt. Beidh na cluichí seo á n-imirt ag ceithre fhoireann déag i gcúig thír atá chomh fada ó bhaile uainn leis an Afraic Theas. 

Is iad na hUltaigh an chéad fhoireann ón tír seo a bheas i gcomórtas na bliana seo. Cuirfidh siad fáilte roimh na hOspreys go Béal Feirste. Is deacair toradh cluiche ar bith a thuar ag tús séasúir ach is cinnte go bhfuil buntáiste ar leith ag foirne nach bhfuil mórán imreoirí dá gcuid ar dualgas idirnáisiúnta de bharr chorn an domhain. Níl ach triúr ó Chúige Uladh sa tSeapáin faoi láthair, rud a fhágann go mbeidh siad thar a bheith díomách má theipeann orthu na pointí a thabhairt leo agus iad sa mbaile an Aoine seo.

Ar an Satharn a bheas na cúigí eile ag cur chun páirce ach is ag na Muimhnigh amháin atá na buntáiste a bheith ag imirt sa mbaile. Tá 12 ó Chúige Mumhan sa tSeapáin, rud a fhágann gur foireann dara rogha a bheas ag cur chun páirce dóibh go ceann cúpla seachtain. Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh freasúra na seachtaine seo, na Dragons in ann an ceann is fearr a fháil orthu. Bhí na Dragons i meas na dtrí fhoireann ba laige sa gcomórtas anuraidh agus is deacair a shamhlú go dtiocfaidh athrú suntasach orthu sa gcéad bhabhta den séasúr seo. Sea, bua á thuar do na Muimhnigh agus b’fhéidir pointe bónais féin.

As baile san Iodáil a bheas Cúige Laighean, foireann atá gan ceathrar imreoirí déag atá sa tSeapáin agus iad ag tabhairt faoi Treviso, foireann eile atá lagaithe freisin. Ní bheidh tada éasca ag baint leis an gcoimhlint seo ach beidh Leo Cullen ag súil go bhfuil dóthain taithí ag na himreoirí atá aige an lá a thabhairt leo.

Seans gur roimh na Connachtaigh, thar aon fhoireann eile ón tír seo, atá an dúshlán is mó i mBabhta 1. Ar na Scarlets sa mBreatain Bheag atá a dtriall an tseachtain seo. Is cúis dóchais dóibh an méid imreoirí ó fhoireann na Scarlets atá ar dualgas idirnáisiúnta agus gan ach beirt ar iarraidh ó na Connachtaigh. Tá seans an Satharn seo ag fir an iarthair pointí luachmhara a chur sa mhála, rud a chinn orthu a dhéanamh ag tús an tséasúir seo caite.

Tá súil agam go dtapóidh siad an deis iontach seo.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag cur tús leis séasúr gan a n-imreoirí idirnáisiúnta'