Na cluichí club go léir curtha ar fionraí ag CLG agus srianta Leibhéal 5 á bplé

Is iad srianta Leibhéal 5 na srianta is déine i bplean Covid-19 an Rialtais agus an toradh a bheadh ar iad a thabhairt isteach ná go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm sa tír arís

Na cluichí club go léir curtha ar fionraí ag CLG agus srianta Leibhéal 5 á bplé

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil na cluichí club ar fad ar fionraí go fóill. Coiste Bainistíochta CLG a rinne an cinneadh maidin inniu agus tá an cosc ar chluichí club i bhfeidhm ar gach club sa tír.

Níl an comórtas craoibhe críochnaithe go fóill i roinnt contaetha. Dé Domhnaigh beag seo a bhí cluiche ceannais sinsir peile Dhún na nGall le himirt idir Cill Charthaigh and Naomh Conaill, cluiche a cuireadh ar athló an mhí seo caite nuair a fuair imreoir as Cill Charthaigh toradh deimhneach ar thástáil Covid-19.

Tá cruinniú ar siúl faoi láthair ag an bPríomoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, leis an triúr ceannairí rialtais le plé a dhéanamh ar mholadh NPHET srianta Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm.

Is iad srianta Leibhéal 5 na srianta is déine sa phlean ‘Living with Covid-19’ agus an toradh a bheadh ar iad a thabhairt isteach ná go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm sa tír arís. Tá na srianta an-chosúil leis na srianta a bhí i bhfeidhm sa Mhárta agus san Aibreán ach amháin nach ndúnfaí na scoileanna.

Faoi shrianta Leibhéal 5, ní bheadh cead cuairt a thabhairt ar aon teaghlach eile agus ní bheadh cead aon tionól teaghlaigh ná sóisialta a eagrú.

D’iarrfaí ar gach duine fanacht sa bhaile ach amháin iadsan a mbeadh obair riachtanach ar bun acu nó a bheadh ag freastal dul ar scoil nó coláiste. Ní bheadh cead dul níos faide ná 5km ó bhaile ar mhaithe le haclaíocht a dhéanamh.

Ní bheadh cead oscailte ach ag siopaí miondíola riachtanacha agus seirbhís beir leat nó seachadta amháin a bheadh ceadaithe do thithe ósta, caiféanna agus bialanna.

Seisear a bheadh ceadaithe ag pósadh agus deichniúr a bheadh ceadaithe ag sochraid. Ar líne amháin a bheadh aifrinn agus seirbhís eaglaise eile.

Dhúnfaí ionaid fóillíochta, aclaíochta agus linnte snámha agus bheadh ar dhaoine traenáil agus aclaíocht a dhéanamh ina n-aonar.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, inniu go gcaithfí an tionchar a bheadh ag srianta Leibhéal 5 ar shláinte intinne an phobail agus ar an eacnamaíocht a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh.

“Ar ndóigh is údar imní an treo a bhfuil an Covid-19 ag dul. Ach is eol dúinn freisin an tionchar a bhíonn ag srianta a bhíonn dian agus rialta ar an tsláinte phoiblí, an tsláinte intinne, an eacnamaíocht agus leas an phobail. Ní mór moltaí faoi shrianta Leibhéal 5 a mheas sa chomhthéacs sin.”

Fág freagra ar 'Na cluichí club go léir curtha ar fionraí ag CLG agus srianta Leibhéal 5 á bplé'