Na céadta i láthair ag sochraidí Jessica Gallagher agus Martin McGill, beirt a bhí ‘lán de ghrá’

I dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach a bhí aifrinn sochraide Jessica Gallagher agus Martin McGill ar siúl inniu

Na céadta i láthair ag sochraidí Jessica Gallagher agus Martin McGill, beirt a bhí ‘lán de ghrá’

Cuireadh i gcré na cille i nDún na nGall inniu an chéad bheirt den deichniúr a maraíodh sa phléasc thubaisteach a tharla ar an Chraoslach Dé hAoine seo caite.

I dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach a bhí aifreann sochraide Jessica Gallagher, dearthóir faisin 24 bliain d’aois, ar maidin agus rinneadh í a adhlacadh ansin i Reilig na dTuath.

Sa séipéal céanna tráthnóna a bhí Aifreann sochraide Martin McGill, 49.

Dúirt an sagart paróiste an tAthair John Joe Duffy gur duine “suáilceach” agus “cairdiúil” ab ea Jessica Gallagher agus gur lean an “dearfacht” í.

Roinn sí na dea-tréithe sin le gach duine a raibh aithne aici orthu, a dúirt sé.

Dúirt an sagart gur scaip Jessica “grá, cion, cineáltas agus cairdeas” pé áit a ndeachaigh sí.

Ba é an dúshlán ba mhó ar fad ná an phian agus an crá croí a bhain le bheith ag fágáil slán ag Jessica.

“Ba bhreá liom mar shagart go bhféadfainn é sin a mhíniú níos fearr le focail ach níl na focail againn chun cur síos air mar ní bheadh aon bhrí le focal nó ní fhéadfaí ciall a bhaint as le focail,” arsa an sagart.

D’fhreastail na céadta ar an tsochraid ar maidin agus bhí an séipéal chomh lán sin go raibh ar go leor seasamh taobh amuigh de le linn an aifrinn. Bhí daoine seasta ar dhá thaobh an bhóthair agus cónra chaolaigh Jessica Gallagher á tabhairt chun an tséipéil.

Dúirt an tAthair John Joe Duffy gur “tabhartas iontach” dá muintir ab ea Jessica Gallagher agus gurbh í “an tseoid” acu í.

“Aistear mór atá sa saol, agus cé go mbímid inár n-aonar ar dhóigh amháin, fágann gach céim dá dtugaimid a lorg ar oiread sin daoine. Fágann ár n-aistear saoil solas iontach ina dhiaidh, solas a lasann an tslí do go leor.”

Dúirt an tAthair Duffy go raibh an pobal cráite faoi bhrón ach go raibh “spiorad láidir” iontu.

Spiorad sin an phobail agus a gcreideamh a chabhródh leo feadh chonair an tsaoil, ar sé.

Bíonn sé deacair nuair a chailltear aon duine ach is measa nuair a chailltear duine chomh hóg sin, a dúirt an sagart.

“Gach duine a raibh aithne acu ar Jessica bhí a fhios acu an meangadh gealgháireach sin a bhíodh uirti, an meangadh sin a d’fhág gur ghile an seomra ach í a bheith istigh ann agus an sonas ag sileadh léi…

“Ní raibh aon fhadhb riamh ag Jessica á cur féin in iúl. B’iontach an cainteoir í…Dúirt duine éigin an tseachtain seo nach raibh aon chnaipe ann chun í a mhúchadh. Faraor, an tseachtain seo an chéad uair againn Jessica a bheith ina tost, ach ní ina tost atá sí os comhair Dé.”

Dúirt an tAthair Duffy gur thug Jessica Gallagher seal i mbun staidéir i bPáras agus in Shanghai ach ba chuma cé chomh fada ó bhaile a bhí sí gurb iad a “muintir álainn féin” an t-ábhar mórtais is mó a bhí aici. Bhí Dún na nGall “ina croí i gcónaí”, ar sé.

Bhí Martin McGill ina chúramóir ag a mháthair agus duine lán le “grá, le cineáltas agus le trócaire” a bhí ann, a dúirt an tAthair John Joe Duffy.

Bhí Martin ina shamhail den “spiorad” a léiríodh ar an Chraoslach ó tharla an phléasc thubaisteach Dé hAoine, na spiorad céanna a bhí “riamh ann” i measc an phobail ansin.

Dúirt an tAthair John Joe Duffy go raibh Martin McGill sásta i gcónaí gar a dhéanamh do dhuine.

“Drochsheans is dócha nach mbeadh Martin sa siopa mar bhíodh sé ann cúig huaire sa lá nó níos minice ag fáil rudaí do dhaoine,” arsa an tAthair Duffy.

Duine álainn séimh le croí mór ab ea é agus óna chineáltas a tháinig an neart a bhí ann mar dhuine, a dúirt an sagart.

Ghabh an tAthair John Joe Duffy buíochas le Michelle O’Neill, LeasChéad-Aire tofa Thuaisceart Éireann, a bhí i láthair ag na sochraidí inniu. Ghabh sé buíochas chomh maith le gach duine a sheas le muintir an Chraoslaigh ó tharla an phléasc thubaisteach, an Taoiseach Micheál Martin agus na Tánaiste Leo Varadkar ina measc.

Dúirt an sagart go raibh croí Martin McGill i gcumann sacair Cheiltigh Ghlaschú agus go mbainfeadh sé an-sásamh as an scéal go raibh síntiús deonach mór tugtha ag an gcumann sin don chiste a bunaíodh i ndiaidh na tubaiste.

Fág freagra ar 'Na céadta i láthair ag sochraidí Jessica Gallagher agus Martin McGill, beirt a bhí ‘lán de ghrá’'